Doire ar mire le teangacha

Féasta teangacha ag Féile Pan-Cheilteach

Beidh Doire ar mire le teangacha Ceilteacha ar an tseachtain seo chugainn nó beidh an Fhéile Idirnáisiúnta Pan-Cheilteach cois Feabhail den chéad uair riamh. Beidh ionadaithe ceolmhara cainteacha as Éirinn, Albain, an Bhreatain Bheag, an Bhriotáin, Corn na Breataine agus Oileán Mhanann i láthair le cuma Cheilteach a chur ar chathair Cholm Cille.

Beidh Comhairle Cathrach Dhoire ag obair i gcomhpháirtíocht le lucht eagraithe na féile, le hOllscoil Uladh agus leis an ghrúpa Colmcille le cúrsaí teanga a chur i láthair i gCultúrlann Uí Chanáin agus in Iarsmalann an Túir sa chathair.

Beidh imeachtaí ar siúl idir an Chéadaoin 23ú Aibreán agus an Satharn 26ú Aibreán a thaiscéalfaidh teangacha, cultúir agus traidisiúin na bpobal Ceilteach mar aon le blaschúrsaí i nGaeilge na hÉireann, Gaeilge na hAlban agus i mBreatnais – agus níl costas ar bith i gceist leis na hócáidí.

Dúirt Méara Dhoire, An Comhairleoir Martin Reilly, go raibh “lúcháir orainn bheith ag tacú leis an Fhéile Pan-Cheilteach a bheireann deis do na náisiúin Cheilteacha ar fad theacht chun na cathrach mar chuid de Bhliain Chathair an Cheoil 2014. Mar aon le clár lán d’imeachtaí ceoil agus damhsa tá clár na dteangacha ar fáil a thugann deis uathúil don phobal dul i dtaithí ar theangacha agus thraidisiúin éagsúla na náisiún Ceilteach agus le haithne níos fearr a chur ar ár gcomharsana Ceilteacha.”

READ MORE

Tá clár na féile le fáil ag www.panceltic.ie

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times