Dinny McGinley imithe ó Roinn na Gaeltachta

Joe McHugh, TD, ceaptha ina áit

D’éirigh Dinny McGinley as a chúram mar Aire Stáit na Gaeltachta inniu. D’eisigh sé ráiteas inar thug sé le fios nach raibh sé i gceist aige seasamh arís don Dáil i ndiaidh 33 bliain a chaiteamh mar TD.

Trí bliana a bhí sé ina Aire Stáit i Roinn na Gaeltachta agus cé go ndeachaigh an Stát “trí cheann de na tréimhsí eacnamaíochta is deacra riamh le linn dom a bheith i m’Aire Stáit, is dóigh liom gur éirigh liom mar sin féin dul chun cinn a bhaint amach i réimsí éagsúla de na cúraimí a bhí orm i ndáil leis an Ghaeltacht, an Ghaeilge agus na hOileáin”.

Is é a chomh-Chonallach, Joe McHugh, TD, atá ceaptha ina áit agus cúraimí breise air mar “Minister of State at the Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs and the Department of Communications, Energy and Natural Resources with Special Responsibility for Gaeltacht Affairs and Natural Resources”.

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times