Dílseachtaí spóirt agus féiniúlachta

Cén fáth go roghnaíonn muid foireann amháin in áit foirne eile?


Cúpla Corn an Domhain ó shin, ráinig go raibh mé ag fanacht in óstán i gcathair bheag de chuid chathracha beaga iarthar na hÉireann.

Chuir sé iontas orm a raibh de mhuintir na Brasaíle ag teacht chun bricfeasta ina ngeansaithe ubh-bhuí i moiche na maidne.

Ba mhó an t-iontas fós a bhí orm nuair a chuala an saghas Poirtingéilise a bhí acu á labhairt. Ar chúis éigin, tar éis dom salachar na hoíche agus céir na mblianta a ghlanadh dem chluasa, taibhsíodh dom go raibh an-dealraitheach le Béarla úllshlogach siar-sa-scornach Alban.

Nuair a bhuail mé bladar orthu bhíos in ann go leor a thuiscint, cé gur sciorr focail mhóra a raibh tábhacht leo ón scilligeadh.

READ MORE

Ghreamaigh ainmneacha bailte agus ceantair éagsúla dem intinn, leithéid Dùn Dèagh agus Bearaig ar Tuath agus An Eaglais Bhreac agus An t-Sròn Reamhar agus Na Puballan (ach ní sa teanga sin), agus nuair a chuardaíos na háiteanna sin i satnav m’intinne taibhsíodh dom nár Bhrasaíligh iad in aon chor, ná ar chor ar bith, ach bodaigh de chuid na Caladúnia siar ó thuaidh uainn.

Ar an lá áirithe seo, bhí an Bhrasaíl le himirt in aghaidh Shasana sa chomórtas ceannaithe caipitilíoch seo, agus pé foireann a bhí san imirt – Genghis Khan féin, nó Stailín an Iarainn, nó Napoleon an Áir – bhí an mhuintir ó Obair Pheallaidh nó ó Dhùn Chailleann nó ó Bhreichin féin i gcoinne na Saxanach.

B’ait liom sin, go háirithe nuair a cheistíos iad i dtaoibh a gcuid dílseachta polaitíochta.

Dá mhéid an filleadh beag a bhí orthu ba mhó a ngean ar na Caomhaigh Shasanacha; agus dá mhéid a dtugthachta don fhoirinn peile Albanach ba lú a mbeann ar neamhspleáchas polaitiúil.

Bíodh na hAlbanaigh mar sin, is lú fós an míniú go dtugann iarthar Luimnigh a gcuid croíthe (mar atá) d’fhoirinn bhuí is smugaghlas Chiarraí seachas dá muintir féin. Is féidir sin a iomadú ar fud na hÉireann ionas nár ghá gurb ionann teorainn chontae agus dílseacht.

Is iad na haighnis is mó na haighnis idir contaetha atá buailte ar a chéile.

Is fearr an mhícharthanacht a léiríonn an Mhí do Bhaile Átha Cliath ná mar a thugann Sunníos do Shíteachaí ar fud na gcríocha gainmheacha inar thuismigh an tsibhialtacht fadó fadó gan chuimhne.

Is ní smaoineodh Ciarraigheach lánmhallaithe ar drannadh le ligean lena ais gurbh fhéidir a shamhlú go raibh dream ar bith eile go bhféadfaí faoi oíche lánghealaí féin agus na faolchaoin ag amhastraigh leath-thacaíocht lag éigin a shamhlú le foireann ar bith eile seachas a chuid barbarach féin ar pháirc an áir go fiú is dá mbeadh an fhuil ina slaoda leo.

Corn na Cruinne faoi lán seoil agus gan tuairim againn cad ina thaobh go dtacóimís leis an gCósta Saibhir seachas leis an gCósta Óir, mar a bhíodh orthu. Ná leis an Airgead seachas leis an nGréiscis; ná leis Na Fir Bhoilg mar mhalairt ar IarÁrann.

Tá aon rud cinnte, áfach. Níl lucht leanúna na hAlban chun tacú le Sasana dá mhéid a ndílseachta don Aontacht; agus níl lucht leanúna Léig na hÉireann, dá olcas í (agus tá go holc ar an gcuid is fearr di), chun gáirí gairdeachais a ligean le Sasana dá mhéid a ndílseachta do Bhanchester United agus do Leamhpholl agus do Astóin a’ Bhile.

Ceann de mhistéirí na beatha an méid sin féin. Gabh isteach, nó féach isteach agus tú ag dul thar bráid i gclós scoile ar bith agus feicfidh tú geansaithe na bhfoirne peile is éadóichí á gcaitheamh ag buachaillí (agus ag cailíní) ar fud na tíre. Measaim go bhfaca mé dathanna Yeovil Town á gcaitheamh ag leaid amháin go cúthaileach, ach is go moch ar maidin a bhí.

Cad as do na dílseachtaí seo?

Is é an freagra is simplí, mar adéarfadh binsithe fiosraithe nó breitheamh ardchúirte, ná “n’fheadar”. Deartháir mór, b’fhéidir, a ghlac a dhílseacht féin mar dhíoltas ar mhaistín i seomra na gcótaí.

Cárta greamaitheach bhubalghuimm a fuarthas mar mhalairt ar mhirlín phóca.

Is féidir liom cuid dem chlaonta féin a mhíniú, ach táid sin pearsanta. Níor thug mé riamh tacaíocht do Real Madrid, mar b’fhoireann Franco iad. Tá col áirithe agam leis an mBrasaíl, mar féach na dathanna atá orthu!; ní mó ná gur Ciarraí iad ar lá maith, dá annaimhe sin, nó b’fhéidir an Clár féin.

Is sleamhain iad tacaíochtaí na mboc móra.

Mé ag socrú isteach go deas don Chorn; tá go maith is ní bhíonn go holc. Mo chuid foirne féin ar fad fós ann, ach cuid fhoirne cháich fós, leis.

Los Gauchitos abú, cé nach dtuigim go baileach cén fáth!