Cuimhneachan agus caint faoin Chogadh Mór in Albain agus in Éirinn

Tháinig sraith thar a bheith spéisiúil, Cuimhneachan, chun críche ar BBC Alba an tseachtain seo caite. Ceithre chlár i nGàidhlig na hAlban agus iad ag plé leis an Chogadh Mór agus an braon fola a bhain an cogadh sin as cuislí na nGael in Albain.

Murab ionann agus an Ghaeilge abhus, scríobh údair na hAlban mórán dánta maithe agus amhrán caointeach faoina gcaill féin i dtrinsí na Fraince.

Bhainfeadh a gcuid scéalta deoir as cloch; an chumha i ndiaidh na n-ógánach; an briseadh croí i measc máithreacha agus baintreacha agus séanadh an tsaoil féin ar an mhuintir óga.

Is maith mar a d’fhiafraigh duine amháin cad é an cruth a bheadh ar Ghaeltacht na hAlban ach na daoine óga sin teacht slán as an ár? B’ionann a mbás agus buille an bháis do chuid teaghlach bocht i gcuid mhór ceantar bocht tuaithe.

READ MORE

Ba dheacair gan comparáid a dhéanamh idir TG4 agus BBC Alba sa chás seo. San áit a bhfuil lucht déanta clár teilifíse na hÉireann ag iarraidh a gceart a thabhairt d’Éireannaigh a throid san Éirí Amach – mar is ceart! – bhí lucht déanta clár teilifíse na hAlban ag tabhairt chun cuimhne dream eile Gael, sa teanga chéanna linn, a maraíodh le linn na tréimhse céanna. Bhí sé ar nós bheith ag éisteacht le dhá leagan den stair in aon teanga amháin.

Is cuí, mar sin, go mbeidh ócáid i mBéal Feirste inniu a thabharfaidh léargas ar scéal na Gaeilge agus an Cogadh Mór. Tabharfaidh an Dochtúir Fionntán de Brún, Ollscoil Uladh, léacht ag 6pm tráthnóna i Leabharlann Halla an Línéadaigh, ar “Litreacha ón Chéad Chogadh Domhanda leis an Athair Pádraig Mac Giolla Cheara”.

Séiplíneach Conallach a bhí ann a chonaic an cogadh dearg lena shúile cinn féin agus é sa Fhrainc agus sa Bheilg agus tá taighde ceannródaíoch déanta ag de Brún ar an ábhar sin.

Chuirfeadh línte Mhic Giolla Cheara tocht ort go fóill agus é ag scríobh faoi shaol na saighdiúirí sa Fhrainc: “Táimid mar dheoraithe i bhfad ó bhaile, nó mar mhairneálaigh in oíche gharbh gheimhridh ag feitheamh le bánú an lae.”

Le cois na cainte féin, craolfar clár faisnéise, Gaeilgeoirí an Chogaidh Mhóir, atá bunaithe ar litreacha an Athar Mac Giolla Cheara agus a thugann léargas ar na ceantair ina raibh an troid.

Craoladh an clár ar BBC Tuaisceart Éireann cheana féin agus beidh léiritheoir an chláir, Bláithín Ní Chatháin, i láthair fosta le plé a dhéanamh ar chúrsaí an chogaidh.

PÓL Ó MUIRÍ

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times