Cuimhne chráite Conlon

Ceathrar Guildford agus tost na maithe móra agus na meán Éireannach


Seans maith go raibh a lán daoine óga ag fiafraí dá dtuismitheoirí le déanaí – cérbh é Gerry Conlon ó chuala siad trácht ar a bhás ar an nuacht.

Ní raibh siad thart nuair a bhí seisean agus an triúr eile den “Guilford Four” i mbéal an phobail.

Níl aon chuimhne acu ar an bhfeachtas chun iad a shaoradh a bhíodh mar chúlra na 1970í agus na 1980í.

Ní fhaca siad an Conlánach óg ar an lá ar scaoileadh saor é ag pléascadh amach as doras na cúirte cosúil le tarbh i corrida Spáinneach.

READ MORE

Go fírinneach, ba dheacair fiú do dhaoine a bhí thart cuimhneamh ar fhíricí go léir an scéil.

Tig leigheas le ham, a deirtear. Ach níorbh fhíor do Gerry Conlon é.

An fhearg sin a ba léir an lá clúiteach úd ar scaoileadh amach é, bhí sí air i gcónaí na blianta ina dhiaidh ach í dírithe ar fheachtais ar son daoine eile a bhí sa gcás céanna.

Nuair a labhraíodh sé faoinar tharla dó, d’fhéadfá an fhearg sin a chloisint go soiléir cé go mbíodh sé ag caint faoi eachtraí a tharla 30 bliain ó shin.

Cá hiontas nuair a chuireann tú san áireamh gur gabhadh a athair tinn gan chúis agus go bhfuair seisean bás i bpríosún. Bunaíodh an scannán In the Name of the Father air sin.

Thar aon rud eile a d’fhulaing sé, ghoill sé seo air go háirithe.

Tá scéal Cheathrar Guildford imithe isteach i stair an dlí sa mBreatain, mar atá cás an Birmingham Six, mar dhá cheann de na héagóracha is mó dá ndearnadh ariamh i gcúirt Shasanach.

Tar éis buamála i dteach tábhairne i nGuildford, cuireadh i leith na nÉireannach Conlon, Paul Hill, Carole Richardson agus Paddy Armstrong gurbh iadsan a rinne – cé go raibh fianaise láidir ann nach raibh siad fiú sa gcomharsanacht ag an am.

Rinneadh droch-chiapadh orthu.

Cuireadh iachall orthu rudaí a admháil nach raibh fíor fúthu féin, faoina chéile agus faoi dhaoine eile.

Tromluí a bhí ann do na daoine a bhí ina lár ar gearradh príosúntacht saoil orthu.

Scanrúil agus osréalaíoch ar nós plóta éigin as scéal le Kafka.

Lá amháin tá tú ag siúl thart ag tabhairt faoi ghnáthobair an tsaoil agus an lá ina dhiaidh, tá tú gafa, ciaptha agus bagairt príosúntachta go bás ort.

Ach bhí an patrún iompair seo léirithe cheana féin ag údaráis na Breataine.

Ní raibh i gcás Guildford ach léiriú eile den dearcadh ciníoch “Any Paddy will do” mar a thug Seamus Mallon den SDLP air.

Ar an dtaobh amuigh, cuireadh leis na tréithre Kafkúla nuair a thug polaiteoirí agus na meáin chumarsáide a gcúil ar an bhfeachtas chun iad a shaoradh.

Cé gur tugadh fianaise an-tromchúiseach chun tosaigh a chruthaigh nach bhféadfadh an ceathrar a bheith ciontach.

Mar sin féin, bhí drogall ar go leor seasamh a ghlacadh ar an gceist.

Cuid acu seo, níor chreid siad go bhféadfadh craobhacha éagsúla den gcóras dlí páirt a ghlacadh i gcomhcheilg; an “appalling vista” i bhfocail Lord Denning.

Cuid eile, áfach, sheachain siadsan an scéal ar eagla go gceapfaí go raibh bá acu leis an IRA.

Éagóir faoi dhó.

Cé go mbainfeadh Conlon úsáid as iriseoirí níos deireanaí chun a chuid feachtas ar son daoine eile a chur chun cinn, is maith a chuimhnigh sé ar an gcluas bhodhar a fuair a chás-san ó iriseoirí Éireannacha go dtí deireadh na 1980í.

Faoin am sin, bhí an scéal déanta “measúil” ar dhóigh íoróineach.

Bhí iriseoirí Briotanacha tar éis an bhunobair taighde a dhéanamh agus a fhoilsiú a léirigh go raibh rud éigin lofa faoin bhfianaise agus faoin modh fiosraithe.

Bhí eisceachtaí ann sa bpreas Éireannach ach níor éisteadh leo.

Go ginearálta, ní tréimhse ghlórmhar don iriseoireacht dhúchasach a bhí ann.

Bhí drochmheas ag teacht ón rialtas agus ón mbarr anuas i measc cuid mhor de na meáin a chothaigh neamhaird ar an bhfírinne.

Fágadh faoi iriseoirí ón oileán eile é.

Pointe é seo a rinne Paul Hill, duine eile den gceathrar, go maith nuair a dúirt sé go ndearna cuid mhór de na daoine a bhí anois ag moladh Conlon neamhaird air nuair a bhí sé i bpríosún.

Chaith Conlon saol corrach crua ó scaoileadh saor é agus bhí fadhbanna drugaí, óil agus an ghalair dhubhaigh mar chomhluadar laethúil aige.

Ach thug sé go flaithiúil uaidh a chuid fuinnimh agus a chuid tacaíochta dá chomhleithéidí i bpríosúin.

Má tugadh a shaoirse dó, ní fhéadfaí na 15 bliain caillte ná síocháin anama a thabhairt dó. I bpríosún síoraí a intinne, d’fhulaing Conlon fós.

Go raibh suaimhneas anois aige tar éis aistear an uafáis a bhí mar shaol aige.