Cuimhní cinn ar Nollaig Ó Gadhra, scríbhneoir, le seoladh

Seolfaidh an tAire Stáit Seán Kyne T.D. an leabhar nua Nollaig Ó Gadhra: Cuimhní Cairde (Cló Iar-Chonnacht) Dé hAoine ag 7p.m. in Óstán Chois Fharraige/Connemara Coast Hotel, na Forbacha, Co na Gaillimhe.

Staraí, iriseoir, múinteoir agus scríbhneoir a bhí ann mar Nollaig Ó Gadhra. De bhunadh Luimnigh é ó dhúchas ach chaith sé an chuid ba mhó dá shaol i nGaeltacht na Gaillimhe.

Chaith sé tamall ag obair le RTÉ agus an nuachtán Inniu sula ndeachaigh sé ag obair mar léachtóir i gCeardcholáiste Réigiúnach na Gaillimhe.

Bhí spéis ar leith aige in athbheochan na Gaeilge agus bhí sé seal ina uachtarán le Conradh na Gaeilge.

READ MORE

Scríbhneoir bisiúil a bhí ann. Bhí suim ar leith aige sa stair a bhain le bunú an Stáit agus cúrsaí polaitíochta ó shin. Scríobh sé dornán leabhar bunaithe ar an taighde sin.

Fuair sé bás sa bhliain 2008 ach maireann a chéile mná, Máirín, agus triúr páistí dá gcuid, Máirín, Daithí agus Siobhán. A iníon, Máirín Ní Ghadhra, atá i ndiaidh eagar a chur ar an leabhar. Is iriseoir cumasach le RTÉ Raidió na Gaeltachta í Ní Ghadhra féin.

Is é atá déanta aici cuimhní cinn le roinnt cairde agus gaolta a hathar a bhailiú le chéile agus deis chun machnaimh a thabhairt dóibh ar a oidhreacht pholaitiúil agus phearsanta.

Ní iarracht ar bheathaisnéis per se atá ann ach spléachadh ar na nithe uilig go léir a raibh spéis aige iontu.