Cuairt strainséara ar an cheathrú hoileán

Nóibhille nua, comhdháil drámaíochta, post nua scríbhneora


An ceathrú hoileán Árann? Fan anois go bhfeice mé...aon, dó, trí. Sea, go cinnte. Ach an ceathrú ceann?

Tá nóibhille nua, An Strainséir (Cló Iar-Chonnacht, €10) le Brian Ó Tiomáin, i ndiaidh oileán mara eile a chruthú ar an léarscáil, oileán beag atá in aice leis na cinn chlúiteacha eile. Maireann an t-oileán seo beo, ní hamháin i samhlaíocht an údair ach in aigne an léitheora fosta.

Is iontach an tseift í an ceathrú hoileán seo aige nó tig leis seandúiche a chur i láthair ar dhóigh úr.

Is é Ciarán, an Strainséir, fear meánaosta atá daortha chun báis sa státseirbhís i mBaile Átha Cliath: “An lá a thosaigh mé sa státseirbhís, chuaigh mé isteach i gcónra. Ní raibh i gceist agam fanacht ann. Ach bhí geallúintí ann faoi phinsean, ardú céime agus post seasta. Bhí siad scríofa sa chonradh, agus sa chónra. Shínigh mé an conradh le mo chuid fola.”

READ MORE

Sin agat saol mórán daoine, daoine atá beo ar rotha mór an hamstair – beo le post seasta agus pinsean a fháil.

Ar lorg faoisimh agus misnigh a théann an Strainséir chun an oileáin ach tá scéalta uafáis ceilte sna clocha, scéalta a thagann chun solais diaidh ar ndiaidh.

Is le scéal an strainséara a chuireann Ó Tiomáin tús leis an leabhar agus insíonn gach aon charachtar eile a scéal féin de réir a chéile.

Tógann Ó Tiomáin an leabhar caibidil ar chaibidil, duine ar dhuine, agus méadaíonn ar an imní agus ar an eagla de réir a chéile. Tá dúil gan fháil anseo, an dúil bhocht mharfach sin a itheann an croí as cliabh duine agus tá an grá anseo, grá an mhargaidh, grá an tsocraithe chiallmhair, dhéanfaidh-sé-cúis-tá-mo-mhargadh-déanta-grá. An grá sin a spreagann gráin agus foréigean agus...

Ná scaoiltear an rún ach níl an t-oileán chomh sona agus a shíleann na cuairteoirí. Tá contúirt sna carraigeacha agus míshuaimhneas ar muir: “Níl bearna mhór idir beo agus marbh. Níl ann ach mar a bheadh fial. Is fial tanaí é. Tuigim féin é sin. Ach ní thuigeann formhór na mbeo é. Ní thuigeann ach cuid bheag acu é.”

Gaeltacht noir an oileáin!

Tá dóigh dheas ag Ó Tiomáin i mbun pinn agus tabhairt faoi deara ina chuid scríbhneoireachta. Tá a ghlór féin ag gach aon duine i scéal an oileáin agus bíodh is gur ag plé le nithe dorcha atá sé, níl sé doiligh an leabhar a léamh.

Labhrann na carachtair go réidh leat; is daoine iad agus ceileann a gcuid cainte oiread chéanna eolais agus a sceitheann sí.

Carnann saol an uile dhuine ar mhullach a chéile go dtí go mbíonn scéal an chine dhaonna romhainn – an choimhlint idir toil an phobail agus ceart an duine; an choimhlint sin idir fírinne agus bréag.

Ná déantar beag is fiú den leabhar féin ach an oiread. Tig leatsa téacs a chur ar an Kindle agus leabhar a thabhairt air ach ní hionann é sin agus leathanaigh i do ghlac agat; ní hionann é agus leabhar mar is ceart.

Ní leabhar mór trom é seo ach tá mistéir agus mórtas ag baint leis; meallann an chló-aghaidh chun léitheoireachta thú.

Is fiú cuairt a thabhairt ar an cheathrú hoileán.

Ceiliúradh drámaíochta

Tá an compántas drámaíochta, Aisling Ghéar, 20 bliain ar an tsaol. Tá siad ag eagrú comhdháil lae i mBéal Feirste – “Claochló agus Drámaíocht na Gaeilge/Theatre and Transformation” – leis an ócáid a cheiliúradh agus le ceist a chur faoi ról na drámaíochta sa lá atá inniu ann.

Is in Amharclann an Lyric, Béal Feirste, a bheidh an chomhdháil, Déardaoin 25ú mí na Bealtaine idir 10am agus 5pm.

Scríbhneoirí agus lucht ollscoile a thabharfaidh na cainteanna éagsúla agus beidh Dave Duggan, Brian Ó Concubhair, Anne McCabe, Linda Ervine, Éilís Ní Dhuibhne agus Seán Ó Mórónaigh ina measc.

Pléifidh siad an ról atá ag an drámaíocht sa tsochaí chomhaimseartha, an gníomh polaitiúil é drámaíocht phroifisiúnta na Gaeilge agus an bhfuil drámaíocht i dteanga ar bith ábalta dul i bhfeidhm ar phobal?

Cuireann Aisling Ghéar fáilte roimh an phobal páirt a ghlacadh sa díospóireacht.

Eolas: brid@aislingghear.com

Mol an óige...

An scríbhneoir Máire Zepf atá ceaptha ina Comhalta Scríbhneoireachta do Pháistí sa Tuaisceart. Is é an chéad uair go raibh post den tsórt seo ar fáil agus is in Ionad Seamus Heaney ar Ollscoil na Ríona, Béal Feirste, a bheidh sí lonnaithe. Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann a chruthaigh an post a mhairfidh go ceann dhá bhliain.

Is de bhunadh Ard Mhic Nasca, Co an Dúin, í Zepf agus iomrá uirthi as na trí leabhar Ghaeilge a scríobh sí do pháistí cheana féin.

Beidh sí freagrach as an léitheoireacht a chur chun cinn i measc daoine óga agus iad a spreagadh le dul i mbun pinn fosta.