Cuach, cleite, ceol agus cu-cú, cu-cú!


Chuala mé an chuach ach ní fhaca mé í. Is minic a chluinim an chuach ach ní dóigh liom go bhfaca mé riamh í. Fuair mé spléachadh ar roinnt éan neamhchoitianta thar na blianta – cruidín; scréachóg, cromán. Chonaic mé iad as ruball mo shúl, go gasta, faoi dheifir, ar feadh soicind, ach cuach ná cuach ní fhaca mé riamh. Ach an ceol sin aici! Aithníonn tú an chuach i mbun ceoil láithreach – cu-cú!

Tá droch-chlú ar an chuach. Is í a fhágann ubh dá cuid féin i nead éin eile agus ligeann don éan eile aire a thabhairt dá scallamán. Ba cheart go mbeadh gean ar leith ag an Ghaeilgeoir ar an chuach, nár cheart? Nach ndéanann cuacha na Gaeilge iarracht ubh na teanga a fhágáil i nead an Bhéarla? Faraor, ní éiríonn leis an tseilft i gcónaí agus is minic a chaitheann éin an Bhéarla ubh na Gaeilge chun talaimh.

B’fhéidir gur cheart do lucht na Gaeilge suaitheantas nua a fháil, bunaithe ar chleite cuaiche? I ndeireadh thiar thall, cluineann tú an chuach ach ní fheiceann tú í – scéal an Ghaeilgeora. Bíonn siad le cluinsint ag gearán ach ní bhíonn siad le feiceáil.

Agus nach minic a deirtear gur teanga ‘cheolmhar’ í an Ghaeilge? Is amhlaidh an scéal leis an chuach. “Chuirfeadh sí na cuacha a chodladh,” a scríobhann Ó Dónaill, “she has a charming voice”. “Cuach cheoil” atá aige ar “strain of music, snatch of song”.

READ MORE

An bhfuil bunús ar bith leis an téis seo agam nó an bhfuil mé ag caint cu-cú?

PÓM