Cruthaitheacht an mhic léinn

In amanna, gan choinne, aithníonn an scrúdaitheoir é féin sa scrúdú


Tá ‘cruthaitheacht’ ar cheann de na buafhocail sin a chaitear timpeall ar nós confetti ag an mbainis. Mo leithscéal, níl sin cruthaitheach ar shlí ar bith. A chaitsear timpeall ar nós geallúintí aimsir toghcháin. Beagán níos fearr. A chaitear timpeall ar nós doirne ag cluiche peile sóisearach in oirthear Chiarraí. Sin níos fearr fós.

An méid sin, in ainneoin nach dtuigtear beag ná mór ar cad is ‘cruthaitheacht’ ann. B’fhéidir nach raibh riamh ach an t-aon chruthú amháin ann, agus go deimhin féin, ní foláir nó bhí damhna na hOllphléisce ann i bhfoirm éigin sular scaoil sé.

Ó shin i leith, ráineodh nach bhfuil ann ach comhcheangail agus teaglaimí éagsúla á gcur le chéile go cliste go síoraí.

Fós féin, tá an bhrí choiteann leis – daoine ag déanamh nithe nach gcuimhneodh an dara duine orthu, ach go fánach – gluaisteáin ag eitilt, fuinneoga gur grianphainéil iad, gléas le foirinn sacair na Poblachta a threorú i dtreo na gcuaillí cúil.

READ MORE

Bítear ag gearán gur foghlaim de mheabhair ghlan is mó a bhíonn ar siúl ag mic léinn, fág gur de mheabhair shalach ba chruinne. Tá aon áit amháin, áfach, ina léirítear an chruthaitheacht sin a maítear a bheith in easnamh san fhoghlaim féin – san dua a chaitear le caimiléireacht sna scrúduithe, agus in obair na bliana má oireann.

Nuair a dheineas féin an ardteistiméireacht bhí scéal sa scoil go raibh áis éisteachta ina chluas ag dalta amháin, duine a chloisfeadh dreancaid ag rince ar chaonach bog.

Is amhlaidh gur raidió de shaghas éigin a bhí aige agus bhí cara leis ag seachadadh ábhar chuige ón tsráid lasmuigh.

N’fheadar go baileach conas a d’éirigh leis sa scrúdú, ach ghabh an duine céanna le baincéireacht ina dhiaidh sin.

Duine ar bith a chaith tréimhse sa chóras oideachais beidh siad uile feicthe aige – an scríbhneoireacht ar an gceathrú lasnairde, na nótaí sa bhosca céimseatan, tatú na haon uaire a bhfuil foirmlí breactha istigh ina lár, an leabhar laistiar den bhabhla sa leithreas lasmuigh – agus de réir tuairisce nuachta an tseachtain seo caite, is mó sin deis bhreise atá tugtha ag an teicneolaíocht agus ag teileafóin phóca dóibh anois.

Is í an teicneolaíocht sin an baol is mó atá ann maidir leis an meastóireacht leanúnach de. Tá an t-idirlíon ramhar le muilte aistí agus tionscnamh, iad ag geallúint go bhfuil siad úrnua agus bunúil agus gan aithris ar aon duine beo ná marbh sa saothar a cheannófar.

Is cuma iad nó an ‘genuine fake Rolex’ ar féidir é a fháil laisteas den chuntar in áit ar bith a bhfuil mangaire tionscantach ar an aonach.

Bhí cara liom a mhaígh go raibh modh do-earráideach aige le haiste chúbláilte a fhionnadh. Dá mbeadh leathstad ann in áit ar bith, b’fhéidir a bheith deimhnitheach de gur ardaíodh as leabhar éigin é.

Ach bíonn taitneamh le baint as an obair bhleachtaireachta seo don cheartaitheoir atá bréan bailithe os cionn na coinnle le breacadh an lae.

Tharla dom féin a bheith ag treabhadh trí dhrochaiste ar an gcuma sin, breac le botúin agus tiubh le tuaiplisí, nuair a tháinig mé de phlimp ar phíosa scríbhneoireachta a bhí líofa, dearcsnaitheach, fileata, dea-scríofa, cruinnbhriathrach agus pléisiúrtha le léamh.

B’é b’aite ná go raibh chomh héagsúil le gach a chuaigh roimhe agus a tháinig ina dhiaidh. De réir a chéile buaileadh isteach im aigne gur dócha go bhfacas an píosa seo cheana. Agus chonaic. Ba liom féin é!

Is é adéarfá, dá gcaithfeadh mic léinn oiread sin dua i mbun staidéir agus a chaitheann cuid acu le caimiléireacht chruthaitheach, gur neamhghá dóibh an chlisteacht sin go léir an chéad lá.