Creideamh agus cogadh

Dhá leabhar a thugann léargas ar Éirí Amach 1916


Tá an oiread sin píosaí tintrí le léamh faoin Éirí Amach faoi láthair go gcuirfeadh siad mearbhall ort. Ní hionann sin agus a rá go bhfuil gach aon alt nó leabhar ag iarraidh raic a thógáil. Dhá leabhar mhaithe chiúine a chuireann síos ar an Éirí Amach agus ar lean é atá in The Church & The Rising (The Irish Catholic, in eagar ag Greg Daly) agus Sa Bhearna Bhaoil: Gaillimh 1913-1923 (Cló Iar-Chonnacht) le Cormac Ó Comhraí.

Iarracht atá in The Church & The Rising lena áit cheart a thabhairt don chreideamh Caitliceach in imeachtaí Sheachtain na Cásca. Déantar cur síos macánta ar chléir agus ar thuata agus ar a meon i leith a gcreidimh agus na cogaíochta.

Cuireann an t-eagarthóir, Greg Daly, síos ar na himeachtaí polaitiúla trí úsáid a bhaint as foinsí comhaimseartha – dialanna agus nuachtáin. Lena chois sin, tá caibidlí luachmhara eile ann le scríbhneoirí comhaimseartha – an tAthair Joe McVeigh; an tAthair Séamus Murphy CÍ, Martin Mansergh agus an t-iar-Thaoiseach, John Bruton – faoin tionchar – maith, olc nó measartha – a d’imir an tÉirí Amach ar Éirinn na linne sin agus ó shin.

Ní ag teacht le chéile ina dtuairimí atá na scríbhneoirí sin agus níl siad bog ach an oiread. Scríobhann Mansergh: “When the Proclamation famously spoke of “cherishing all the children of the nation equally”, it was a pledge of non-discrimination to the religious minority, not an early harbinger of Educate Together. If people wish to change, extend or even overturn the original meaning and the resonance of historic phrases, they should acknowledge that that is what they are doing, and not seek to cover a contemporary secular agenda by spuriously invoking the authority of the signatories of the 1916 Proclamation.”

READ MORE

Déarfainn go mbainfeadh mórán dá bhfuil le rá ag Daly faoi chreideamh na n-óglach preab as cuid mhór daoine. Ní dócha gur áibhéil a rá go bhfuil taom láidir frith-Chaitliceach le mothú i mórán den dioscúrsa poiblí ar na saolta seo.

Cuireann Daly i gcuimhne don léitheoir nárbh amhlaidh an scéal tá 100 bliain ó shin – agus b’fhéidir gurb ábhar iontais é go gcaithfidh sé a leithéid a chur in iúl don ghlúin seo.

Scríobhann Daly gur mhol ceannairí an Éirí Amach dá gcuid fear dul chun faoistine – moladh nach raibh de dhíth ar go leor acu, is cosúil, nó d’éist an mhórchuid acu an tAifreann agus chuaigh chun faoistine as a stuaim féin.

Bhí feidhm le creideamh le linn na troda fosta. Idir na piléir, bhí paidreacha. De réir finné amháin, bhí Paidrín faoi mhuineál beagnach gach aon óglaigh: “Rosary after Rosary was recited, sometimes in Gaelic, sometimes in Bearla.”

Agus bhí éifeacht leis an ‘dianchúrsa’ teanga seo, de réir chuntas Daly: “Gaelic recitation must have been typical in the post office itself, to judge by Liam Tannam’s account of how Tony Makapaltis, a Finnish seaman who joined the Volunteers during the rebellion, was neither an English-speaker not a Catholic “but before he left he was saying the Rosary in Irish”.”

Cuireann leabhar luachmhar Chormaic Uí Chomhraí, Sa Bhearna Bhaoil, insint eile leis an scéal – ceann na Gaeilge, cinnte, ach ceann na tuaithe fosta.

Ní scéal Bhaile Átha Cliath amháin a bhí i gceist leis an Éirí Amach agus is maith mar a chuireann Ó Comhraí sin i gcuimhne don léitheoir.

Is éachtach mar a éiríonn leis foinsí foilsithe agus taighde áitiúil a thabhairt le chéile sa leabhar seo a bhfuil 412 leathanach agus lear mór pictiúr ann.

Tá bua na scríbhneoireachta ag Ó Comhraí. Bíodh is go bhfuil an t-uafás eolais sa leabhar, tá Ó Comhraí in ann scéal a insint. Daoine atá anseo romhat, daoine a mhair, daoine a labhair le chéile, a throid, a mharaigh, a maraíodh.

Éiríonn le Ó Comhraí na grúpaí éagsúla ar fad a chur os ár gcomhair: poblachtánaigh; lucht Rialtas Dúchais; baill den RIC; aontachtaithe iarthar na hÉireann agus iad uilig i ngreim marfach na staire.

Tugann sé a gceart do gach aon dream acu. Ní bolscaireacht í seo ná baol air ach saothar fiúntach pinn a thugann léargas ar dóigh ar imeachtaí na linne sin agus a thugann ábhar machnaimh dúinne sa lá atá inniu ann.

Faoin Athair Augustine Hayden a fhágfas muid an focal scoir. Sliocht as a dhialann i leabhar Daly atá anseo agus duine de cheannairí 1916 le cur chun báis ag arm na Breataine: “Some minutes later, my arm still linked in his, and accompanied by another priest, we entered the dark corridor leading to the yard and his lips moving in prayer, the brave lad went forth to die.”