Craoltóirí raidió na Gaeilge ar an ghearrliosta

Tá craoltóirí raidió na Gaeilge, thuaidh agus theas, ar ghearrliosta Ghradaim PPI i mbliana. Beirt as RTÉ Raidió na Gaeltachta – Eibhlín Ní Chonghaile agus Máire Bríd Ní Chualáin – atá luaite agus triúr a bhíonn ag obair le BBC Raidió Uladh – Daithí Ó Muirí, Treasa Bhreathnach agus Louise McCreesh – atá ag coinneáil cuideachta leo.

Tá Ní Chonghaile ainmnithe sa rannóg do Chraoltóir Raidió na Bliana do Chlár Cainte. Tá sí i mbun Iris Aniar ó bhí 2009 ann, clár irise a mbíonn scéalta polaitíochta, pobail agus siamsaíochta faoi chaibidil ann. Tá Máire Bríd Ní Chualáin ainmnithe sa chatagóir do chraoltóirí nua ag na gradaim. Níl sí ach i dtús a gairm mar chraoltóir agus í 20 bliain d'aois.

Tá sí sa bhliain dheireanach sa chúrsa BA sa Chumarsáid in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

An mbeidh an focal scoir ag craoltóirí Raidió Uladh?

READ MORE

Tá Treasa Bheathnach ainmnithe sa rannóg Craoltóireacht le Gaeilge as a clár, Muidinne agus na Manannaigh; Louise McCreesh as a clár faisnéise, Culchie and Proud, agus tá Daithí Ó Muirí ainmnithe as a bheith ina chraoltóir nua.

Briatharchath ceart mar sin!

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times