Craobh na díospóireachta

Beidh craobh Chomórtas Díospóireachta an Phiarsaigh ar siúl in Óstán an Heritage, Sr. Jessop, Port Laoise, Déardaoin, 20ú Márta 2014. Meánscoil Chnoc Ainbhil, Baile na nGabhar, Baile Átha Cliath; Ardscoil na Tríonóide, Áth Í, Co Chill Dara; Ardscoil Mhuire, Béal Átha na Slua, Co na Gaillimhe agus Meánscoil na Trócaire, Trá Lí, Co Chiarraí, a bheidh i gCraobh na Sóisear ag 5pm. Pléifidh siad an rún “Téimid thar fóir ag ceiliúradh na Féile Pádraig in Éirinn”.

Is ag 6.30pm a thosóidh Craobh na Sinsear agus an rún “Tá an rialtas lárnach ag glacadh an iomarca cumhachta chuige féin”. Scoil Mhuire, Baile Átha Troim, Co na Mí; Iarbhunscoil Mhá Nuad, Maigh Nuad, Co Chill Dara; Coláiste Pobail Átha Luain, Co na hIarmhí agus Meánscoil Chnoc na Labhras, Luimneach, a rachaidh chun briatharchatha ar an ábhar sin.

An láithreoir teilifíse, Bláthnaid Ní Chofaigh, a bheidh ina haoichathaoirleach agus Gael Linn atá ag eagrú na díospóireachta.