Crónán agus cur i gcéill an chait

Is aisteach an cumann é idir an duine daonna agus an cat críonna


Chuir mo mhac i Londain téacs chugam le gairid, deireanach san oíche, droch-chás air faoi go raibh ráite leis leoicéime a bheith ar a chat, Luisín.

“Mé in anchaoi,” a scríobh sé. “A chneasta, láiche, is atá sí!”

Arsa mise liom féin, mura bhfuil a dhath eile ag cur ort! Ach bhí sé mall san oíche agus níor theastaigh uaim a bheith neafaiseach.

Cat, cait, cuireadh ag smaoineamh siar go dtí m’óige mé. B’fheilméara é m’athair agus bhí cait againn, faoi mar a bhí ag chuile chomhluadar eile sa cheantar ag an am, d’fhonn luchain a mharú.

READ MORE

Thar beagán bainne níor tugadh aon bheadaíocht eile dóibh ná níor déanadh aon pheataireacht orthu. D’fhágtaí fúthu soláthar dóibh féin.

Na cait údaí againn bhíodar idir fhireann is bhaineann agus, ar ndóigh, bhíodh álta puisíní acu; go hiondúil thuas sa lota féir.

I dtráth dhéanadh an mháithreach a cuid óg a aistriú go hionad eile, agus ba é seo an seó, greim muiníl aici orthu, á gcrochadh ina béal, ceann ar cheann; ag léimneach síos ó leibhéal go leibhéal, an puisín ar sliobarna chomh socair is dá mbeadh an dé uilig silte as.

Cén chaoi nár briseadh muineál an phuisín?

Cén chaoi ar fhan an puisín chomh ciúin?

Mura gcuireadh sianaíl fhrancach aon ghráinní faitís san oíche orm is cinnte go gcuireadh sceamhaíl chait. Nuair a bhínn amuigh sa dorchadas liom féin shamhlaínn an sceamhaíl seo le holagón bhean sí, an tráth b’ochlánaí ise.

Agus na geiteanna a bhaintí asam ag cait ag seilg! Go háirid nuair a bhaineadh ga gealaí nó eile lasair tobann lóchrainn as a gcuid súl is iad ag fálróid go rúnda ar chlaí nó i measc rataí i gcró!

An chráin mhuice a bhí againn thugtaí isteach i bpóirse chúl an tí í nuair a bhíodh sí réidh le bainbh a bhreith agus chuirtí duine againn á faire.

Deirim seo libh, aon duine nár chaith seal i gcomhluadar cránach is í ag bromadh ní thuigeann sé céard is gás nimhe ann! Ó, a dhiabhail anocht, bréantas lofa chomh maith le nimh!

Deirim tuilleadh: an gás a scaoileann an chráin mhuice as a tóin tá sé marfach agus má bhíonn tú cuibhrithe in aice leis is rídheacair a theacht slán! Óir is baolach go dtitfidh tú i bhfanntais sul má éiríonn leat an doras a bhaint amach!

Mothaím fós é, agus mothaím an t-aer úr a bhíodh le haireachtáil taobh amuigh nuair a d’éirigh liom éalú! Ó, a Mhaighdean!

Ach ansin i dtobainne, ag tíocht chugat féin taobh amuigh, níos dóichí ná a mhalairt, d’fheicfeá an dá sholas ghlé seo dírithe ort ó aird éigin, ó pholl claí nó ó fhrathacha sciobóil.

Anuas air sin seans maith go gcloisfeá guth druncaera ag tíocht i do leith ar an mbóthar mór. Imní ort go gcasfadh an té seo isteach san iothlainn chugat d’fhonn an oíche a chur thairis i gceann de na cróite.

Ach gurb é an cat is fearr is cuimhneach liom ná an cat ar rugas air sna driseacha tamaillín suas an bóithrín beag seo againn féin; cat a raibh fionnadh fada air agus eireaball chomh scuabach le heireaball sionnaigh.

Dúirt mo mháthair go mba chat Péirseach a bhí ann, go gcaithfidh gur éalaigh sé ón gceannaí Péirseach a bhí thart níos túisce. Tráthúil go leor níor fhill fear an Oirthir riamh lena aghaidh. Ariamh ó shin thugas grá don Phéirs agus b’oth liom gur tugadh an Iaráin i dtráth mar ainm uirthi.

Go dtáinig téacs eile ó mo mhac i Londain ag rá go raibh Luisín théis bháis: “D’éag sí ag bun na leapan i mo bhaclainn. Mé croíbhriste!”

“An grá sin uilig do chait, is tréith an-Sasanach í!” a dúirt cara liom. “Murab ionann is madra!” ar sí.

Déanadh Luisín a chréamadh agus tá a cuid luaithrigh i bpróca ar an matal.

“Tá sin beagáinín ró-Ghallda!” arsa mo chara.

“Tuige?” arsa mise.

“Bhuel, tá cat difriúil ó mhadra!” ar sí.

“Cén chaoi?” arsa mise.

“Compánach madra, níl anam ag cat,” ar sise. “Loiceann cait ar dhaoine. Créatúirí leithleasacha cait. An crónán sin uilig astu agus an mhúirníl níl ann ach cur i gcéill, ag cur ar a son fhéin!”

“Ó, ‘dhiabhail anocht!” arsa mise.

“Céard sin?” a d’fhiafraigh sise.

“B’in a deireadh seanchara liom,” arsa mise, “seanfhear a chónaigh ar an uaigneas leis féin nuair a chluineadh sé torann san oíche go n-abraíodh sé: ‘Dhiabhail anocht, meas tú an gadaí atá ann?’”

“’Sé an truaí nach raibh compánach aige,” arsa mo chara.

“Compánach, ná cat!” arsa mise.