‘Cosán úr’ craoltóireachta idir TG4 agus ollscoil na Gaillimhe

Beidh “DEIS” ag mic léinn Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, páirt a ghlacadh i “scéim cheannródaíoch” atá faoi stiúir TG4 agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.

“DEIS” atá an dá ghrúpa ag tabhairt ar an scéim agus é mar chuspóir aici taithí in earnáil na teilifíse a thabhairt do scoláirí BA agus MA/Dioplóma Iarchéime i gcúrsaí cumarsáide.

Cuirfidh an scéim béim ar scileanna scríbhneoireachta, láithreoireachta, ceamara agus eagarthóireachta agus beidh seans ag an chéad ghlúin eile de dhéantóirí cláir na scileanna seo a thaispeáint do lucht féachana náisiúnta.

Dúirt eagarthóir
coimisiúnaithe TG4, Micheál Ó Meallaigh, go raibh sé "tábhachtach go mbeadh nasc cruthaithe idir mic léinn cumarsáide agus craoltóirí le linn na gcúrsaí cumarsáide in áit a bheith ag brath ar thaithí a fháil ar an saol praiticiúil i ndiaidh an chúrsa. Is fiú an dá oiread CV a bhfuil ábhar craolta luaite air thar CV nach bhfuil air ach na gradaim atá bainte amach".

READ MORE

Togra “nuálach” a thug sé ar “DEIS”. Beidh trí chlár faisnéise le feiceáil de thoradh an chúrsa ar TG4 ó Mheán Fómhair na bliana seo: nua-insint ar bhéaloideas agus pisreoga a bhaineann le peileadóirí Mhaigh Eo; léargas ar shaol iascairí ar Bhanc an Torcáin, 150 míle siar ó chósta na hÉireann agus clár ar bhandornálaithe Chonamara agus iad ag déanamh aithrise ar Katie Taylor.

Dúirt ceannasaí Acadamh na
hOllscolaíochta Gaeilge, Dónall Ó Braonáin, go raibh "TG4 ar thús cadhnaíochta maidir le samhlaíocht, físiúlacht agus cruthaitheach ó bunaíodh iad de bharr an luí atá léirithe acu leis an óige agus an nuálaíocht.

“Tiocfaidh mic léinn chumasacha ó OÉ Gaillimh chomh fada leo ar an gcosán seo agus tá súil againn ar fad go mbeidh a shliocht ar sceideal an stáisiúin amach anseo”.

Tá an t-acadamh ag glacadh le hiarratais ó mhic léinn MA/Dioplóma Iarchéime faoi láthair – www.acadamh.ie