Cosán fada casta na polaitíochta

Tá ábhar buartha ag Sinn Féin in aiséirí Fhianna Fáil – agus againn uilig sa phróiseas snagach síochána

Ní bheidh éinne as Sinn Féin nó Fianna Fáil róbhuíoch as an gcomparáid ach tá cosúlachtaí áirithe idir Gerry Adams agus Eamon de Valera.

Ag amanta difriúla i stair an oileáin seo, thóg siad a bpáirtithe siúd isteach i bparlaimintí go mbídís ag iarraidh deireadh a chur leo tamall sách gearr roimhe sin.

Thiontaigh an bheirt acu ó dhearcadh míleata an fhoréigin go dtí polaitíocht na síochána agus mheall said tromlach den ghluaiseacht phoblachtánach ag an am ar an mbóthar céanna leo.

Bhí Dev chun cinn sa bhfeachtas síochánta chun deireadh a chur leis an gcríochdheighilt sa tír seo. Anois tá reifreann á lorg ag Adams faoin ábhar céanna.

READ MORE

Cosúlacht eile ná gur fhan Dev mar cheannaire ar Fhianna Fáil ar feadh 33 bliain agus go bhfuil Adams ina cheannaire ar Shinn Féin le 30 bliain anuas.

Ag labhairt dó le hardfheis Shinn Féin i gCaisleán an Bharraigh ag an deireadh seachtaine, dúirt Adams gur chóir do Pháirtí an Lucht Oibre imeacht láithreach ón gcomhrialtas reatha agus isteach sa bhfreasúra i nDáil Éireann.

Ainneoin go ndéarfadh leithéidí Pat Rabbitte go bhfuil sé áiféiseach go mbeadh páirtithe den eite chlé ag cur i gcoinne an cháin sealúchais, dúirt ceannaire Shinn Féin go mbaileofaí €800 milliún dá ngearrfaí cáin ar leith ar lucht an rachmais ina hionad.

Dar leis nach bhfuil an Lucht Oibre ag feidhmiú mar choscán ach mar sciathán cosanta láibe d’Fhine Gael sa rialtas. Is iad na hairí ón bpáirtí mionlaigh a bhíonn i gcónaí ag gabháil leithscéalta go poiblí as na ciorruithe is déanaí.

Ní íocfadh Sinn Féin na hiasachtaí ar ais leis an dTroika, a dúirt Adams, cé gur shéan sé gur loiceadh nó default a bheadh ansin; níl sé d’acmhainn againn, a dúirt sé. Bealach Frankfurt nó bealach Shinn Féin, b’fhéidir?

Ní raibh an Lucht Oibre taobh thiar den doras ag tabhairt freagra ar líomhaintí Shinn Féin. Dúirt an Teachta Gerald Nash, on nDáilcheantar céanna i gCo Lú, gur “pobalachas” (“populism”) a bhí ar bun ag Adams. Dá mba rud é nár aisíocadh na hiasachtaí leis an dTroika, cá mbeadh fáil ar an airgead le leasa sóisialta, gan trácht ar phá na mbanaltraí agus na ngardaí, a íoc?

Bhí faoiseamh éigin don pháirtí is lú sa rialtas i bpobalbhreith Millward Brown sa Sunday Independent ag an deireadh seachtaine.

Tuairiscíodh ardú trí faoin gcéad i dtacaíocht an Lucht Oibre – óna naoi go dtí a 12 – agus ísliú ceithre faoin gcéad ag Sinn Féin, ó 20 go dtí 16.

I bhfianaise na gcúinsí tragóideacha as a d’eascair an fothoghchán in Oirthear na Mí, níor chóir an iomarca a léamh as na torthaí ag na boscaí ballóide. Ach caithfidh gur chuir sé sceoin ar an Lucht Oibre an chaoi inar tháinig fiú Daonlathas Díreach Éireann chun tosaigh orthu ag an deireadh.

Tá ábhar buartha ag Sinn Féin chomh maith sa chaoi go bhfuil Fianna Fáil ag teacht ar ais diaidh ar ndiaidh ó bhruach na huaighe. Déarfadh lucht critice Shinn Féin go bhfuil fadhb na creidiúna ag baint lena bpolasaithe eacnamaíochta – má tharraingíonn muid as an socrú leis an dTroika, nach mbeidh deireadh linn ar fad?

Tá na toghcháin áitiúla agus Eorpacha ag teannadh linn i gceann bliana agus beidh siad mar theist mhór ag na páirtithe uile, Sinn Féin ina measc.

Is cosúil go leanfaidh Adams mar cheannaire: cé nach eisean an scian is géire sa dtarraiceán i nDáil Éireann, níl an chúlra chéanna phoblachtánach ag leithéidí Mary Lou McDonald ná Pearse Doherty.

An t-aon cheist chonspóideach ag an ardfheis ná an ginmhilleadh. Ainneoin na hargóinte a rinne Peadar Tóibín, chinn na toscairí nach gceadófaí saorvótáil nuair a thiocfadh an cheist os comhair na Dála.

D’fhéadfaí a rá go raibh botún straitéise déanta ag Sinn Féin sa mhéid seo: dá gceadóidís vóta saor, chuirfeadh sé brú ar Enda Kenny an rud céanna a dhéanamh i gcás Fhine Gael.

Is léir nach bhfuil mórán de theannas inmheánach i ndáiríre sa bpríomhpháirtí rialtais ar cheisteanna eacnamaíochta ach scéal eile é an t-ábhar morálta seo.

Maidir le cúrsaí an Tuaiscirt, bhí Martin McGuinness ag cáineadh na n-aontachtóirí faoin easpa spéise agus bá a léirigh siad do chúrsaí rialtais i Stormont.

Cé gur sheas seisean go poiblí in aghaidh na n-easaontóirí poblachtánacha a rinne ionsaí ar na fórsaí slándála, bhí ceannairí na n-aontachtóirí ag cúlú roimh lucht na mbratach.

Caithfear a rá go raibh pointe maith aige. 15 bliain tar éis Chomhaontú Aoine an Chéasta, is léir nach bhfuil mórán dúile ag na haontachtóirí sna socraithe chun cumhacht a roinnt ó thuaidh.

Ábhar buartha é seo dúinn uilig agus freisin an t-easaontas atá anois ann idir Sinn Féin agus cinnireacht na bpóilíní sa Tuaisceart.

Bhí sé crua agus deacair go leor síocháin a bhaint amach sna sé chontae agus caithfimid go léir ár súile a choinneáil ar an chás áirithe sin ... ar eagla na heagla. Bí cinnte de go ndéanfadh Dev a leithéid dá mbeadh sé fós inár measc.



Iar-Eagarthóir an Tuaiscirt den pháipéar seo is ea an t-údar agus scríobh sé The Far Side of Revenge (Collins Press), cuntas ar an bpróiseas síochána