Conradh do nuachtán ar líne fógartha

Comhlacht i gConamara le seirbhís ar líne nuachta a sholáthar

D’fhógair Foras na Gaeilge inniu gurbh é an comhlacht Tuairisc.ie a bhain an conradh chun nuachtán seachtainiúil Gaeilge ar líne a chur ar fáil. Tá Tuairisc.ie lonnaithe ar an Spidéal i gConamara agus tá taithí fhairsing ag na príomhaithe sna meáin. Is iad Seán Tadhg Ó Gairbhí, Micheál Ó Cinnéide, Seán Ó Mainnín, Emer Ní Dhomhnaill agus Ciarán Ó Súilleabháin stiúrthóirí an chomhlachta

Beidh Foras na Gaeilge anois ag aontú conradh ceithre bliana de luach €1.2 milliún le Tuairisc.ie leis an tseirbhís nuachta ar líne a sholáthar go seachtainiúil agus saor ó tháille. Cuirfear tús anois leis an obair ullmhúcháin chun an nuachtán ar líne a sholáthar faoi dheireadh an tsamhraidh. Beidh réimse leathan ábhar sa nuachtán nua: míreanna nuachta náisiúnta agus idirnáisiúnta, agus rogha d’ailt ó thuairimíocht agus anailís go léirmheasanna mar aon le míreanna fuaime agus físe. Beidh sin uilig le fáil ar ardáin dhigiteacha éagsúla ó ríomhairí go fóin chliste.

D’aontaigh an bord fosta go bhfógrófaí ag deireadh mhí na Bealtaine scéim dírithe ar fhoilseachán stíl mhaireachtála. Leanfar den phlé chomh maith ar fhoilseachán gné-altanna a chur ar fáil do phobal na Gaeilge.