Comhdhálacha cainteacha na múinteoirí

Traidisiún atá sa chomhdháil ach ní thugtar aird ar an chaint


An túisce is a bhíonn comhdhálacha na múinteoirí thart cuirtear isteach i sac na díchuimhne iad agus tugtar amach iad an Cháisc dár gcionn i dteannta leis na huibheacha seacláide.

In ainneoin sioscadh na seachtaine seo caite, sin mar a bheidh.

Rúin
Ní hé nach mbíonn feidhm éigin leis na rúin a ritear. Tar éis an tsaoil tá caolsheans beag bídeach ann go gcuirfí ceann éigin díobh i bhfeidhm nuair a bheadh an t-airgead ann.

Fág nach mbeidh an t-airgead choíche ann go brách na breithe, go fiú is nuair a bheidh an t-airgead ann, is cumhachtaí rúnda níos neamhoscailte ná comhdhálacha na múinteoirí a shocróidh cad a dhéanfar.

Dob fhéidir le comhdhálacha na múinteoirí na rúin b'fhorásaí oideachas a rith, dob fhéidir leo na moltaí ba réabhlóidí a thabharfadh deis do chlann na ndaor is na n-uasal araon a chur os ard, dob fhéidir leo na leasuithe b'inmhianaithe sa chruinne a áiteamh le fachtanna is le fíorais, ach b'fhuar acu go héag mura socródh duine nó dís nó deichniúr féin i seomra dorcha go gcuirfí iad i bhfeidhm.

Cleas
Ceann de chleasanna móra an daonlathais is ea an chomhpháirtíocht.

READ MORE

B’fhéidir gur beag áit is follasaí sin na san oideachas féin.

Lig ort go bhfuil tú ag caint le daoine, agus “go gcloiseann tú iad”.

Ba dheacair gan iad a chloisint nuair atá coiste faoi do stiúir curtha ar bun agat, agus tuarascáil ramhar dá réir le foilsiú, gan trácht ar mheigeafón.

Is í an tuarascáil ramhar an comhartha go bhfuil rud éigin déanta agat. Is í an tuarascáil ramhar an comhartha follas nach dtógfar ceann ar bith de.

I gceann de na postanna móra sin a bhí agam, bhí seilf áirithe curtha i leataoibh lasnairde im oifig i gcomhair na dtuarascálacha a raibh baint éigin agam leo.

Is amhlaidh go bhféachainn orthu gach maidin agus go gcuimilínn mo mhéar díobh le pléisiúr á chanadh – “Féach an ceann seo, níor tharla faic; an ceann seo níor tharla giob; an ceann seo níor tharla tada; an ceann seo níor tharla cáil; an ceann seo níor tharla a dhath ar bith!”

Nuair a bhíos i gColáiste Phádraig, an coláiste oideachais agus léinn mar a bhí air san am – cé gur coláiste traenála agus scileanna a bheidh ann feasta – bhí pleananna go farabachall againn maidir le fás is le forbairt is le craobhú is leis an saol a chur ar lasadh, sa mhéid is gur féidir le plean ar bith é sin a dhéanamh.

Bhí Coláiste Dhún Chéirí níos forásaí agus níos dul-chun-cinniúla fós agus bhí a bpleananna siúd níos raimhre, agus níos mionsonraithe, agus níos daingeansceidealta, níos straitéisí straitéiseach, ná mar a bhí ár gcuidne.

Níor fhág san nach ndúrthas le huachtarán an choláiste maidin bhreá gréine buí, go raibh a coláiste le dúnadh gan choinne gan iarraidh.

Shocraigh duine nó dís nó deichniúr gur mar sin a bheadh, duine nó dís nó deichniúr sa Rialtas, nó sa Roinn Oideachais (ní raibh aon scileanna ná eolaíocht i gceist ag an am), nó i bPálás an Ard-Easpaig.

Cuireadh na pleananna forbartha agus fáis agus straitéiseacha agus struchtúrtha sa chiseán bruscair.

Dúnadh an áit de phlimp is le plab.

Bréagdhaonlathas
Samhlaoid í den oideachas, agus den bhréagdhaonlathas. Bí ag caint leat; labhair le Joe; déan do ghearán; scríobh tuarascáil; bunaigh coiste; éist le guth na ndaoine; ach déanfaimidne anseo thuas ár rogha rud.

Tá na meánmhúinteoirí glan i gcoinne na socruithe buile don Teastas Sóisearach nua mar ba léir ag an gcomhdháil acu.

Má thagann ann dóibh beidh fiacla i bhfad níos gile ag múinteoirí a bhfuil clann fhiaclóirí acu sa rang, agus foireann troscán níos galánta ag na hoidí a bhfuil muintir throscán a dhíol ina dtimpeall acu.

Mo náire thú! An bhfuil tú ag tabhairt le fios go nglacfadh múinteoirí le breab is le fábhar?

Ní dhéanfadh olc ná maith, ná oiread na fríde, ná mór ná mion, ach an oiread le baincéirí nó le polaiteoirí nó le Gardaí, nó le lucht gnó nach ndrannfadh lena leithéid chéanna.

Ach má ghéilleann tú go bhfuil caighdeán níos airde morálta ag na múinteoirí ná mar atá ag na baincéirí, na polaiteoirí, na Gardaí, lucht gnó, na heasbaig etc. nár cheart iad a íoc dá réir?

Tá comhdhálacha na múinteoirí thart mar sin, agus is féidir dul a chodladh arís go ceann bliana nó mar sin.

An líne dhíreach a chur sa chlós, an márla a chur ar ais sa bhosca, an bord bán a mhúchadh, an buachaill dána a smachtú, an bhitsbhastardaíocht i seomra na foirne, an mallachtú ar chruinnithe le tuismitheoirí, an chúlchaint ar chomrádaithe, an t-aighneas nár tháinig ann fós dó, an magadh faoin gcigire.

Tá comhdhálacha na múinteoirí thart mar sin, agus ní bheifear in ann tabhairt fútha arís go ceann bliana eile