Comharthaí gan chiall – gá le córas éifeachtach seiceála

Comharthaí ar strae


Is í comharthaíocht na hÉireann an léiriú is feiceálaí dá bhfuil againn dár dteanga dhúchais ó bhunú Saorstát Éireann sa bhliain 1922.

Tugtar “feiceálacht teanga” ar infheictheacht teangacha ar chomharthaí poiblí i gceantar nó réigiún áirithe – feiniméan ar cuid den tsocheolaíocht í atá tagtha chun solais go mór ar bhonn idirnáisiúnta le blianta beaga anuas.

Tá ról láidir ag an nGaeilge san fheiceálacht teanga oifigiúil in Éirinn toisc gurb é polasaí an Stáit é go mbeadh an leagan Gaeilge agus an leagan Béarla den logainm le feiceáil ar gach comhartha tráchta. É sin ráite, is iomaí neamhréireacht atá le feiceáil ar chomharthaí fud fad an Stáit.

Is í an chúis atá taobh thiar de na neamhréireachtaí seo ná nach bhfuil aon institiúid stáit amháin freagrach as an Ghaeilge ar chomharthaí.

READ MORE

Tá an Roinn Iompair ann, tá na comhairlí contae ann agus tá an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta ann ach níl aon dream amháin acu freagrach as cúram na Gaeilge ar chomharthaí Stáit. D'eisigh an Roinn Iompair leagan nua den Lámhleabhar do Chomharthaí Tráchta i Samhain 2010 agus cuireadh ar fáil é ar shuíomh idirlín na Roinne Iompair an 3ú Feabhra 2011.

Leagtar síos sa lámhleabhar gach dualgas faoi dhéantús na gcomharthaí lena n-áirítear úsáid na Gaeilge ar chomharthaí. Ní mór do na húdaráis bóthair uilig thuasluaite cloí leis na dualgais atá leagtha orthu maidir le húsáid na Gaeilge ar chomharthaí tráchta sa lámhleabhar seo. Ní mar a shíltear a bhítear, áfach.

Cé nach mbeadh an fhaisnéis chúlra thuasluaite ar eolas ag an bpobal i gcoitinne bhí neart daoine in ann samplaí de chomharthaí lochtacha ó thaobh na Gaeilge de a chur in iúl dom agus mé ag scríobh mo leabhair, An Ghaeilge ar Chomharthaí Stáit (Coiscéim, €7.50).

Níos minice ná a mhalairt ba iad na saincheisteanna aitheanta céanna a tháinig chun cinn arís agus arís eile le linn mo chuid taighde ar ábhar na Gaeilge ar chomharthaí. Tá mílitriú na Gaeilge ar cheann de na neamhréireachtaí is coitianta atá le feiceáil ar chomharthaí.

Tá an deacracht a bhaineann leis an litriú le feiceáil in “Ascal Gríofa” i mBaile Átha Cliath, mar shampla. Tá “Ascal Gríofa” le feiceáil ar an gcomhartha. Níl aon amhras ann ach go bhfuil an leagan Gaeilge seo de “Griffith Avenue” go hiomlán mícheart. Dar le Bunachar Logainmneacha na hÉireann (www.logainm.ie) is í an cheartfhoirm Ghaeilge ná “Ascaill Uí Ghríofa”.

Is é “Bóthar Déaglán” an leagan Gaeilge atá le feiceáil ar chomhartha le haghaidh Saint Declan’s Road. Is i bhfad ón ceartfhoirm Ghaeilge an leagan Gaeilge seo.

Ní amháin go bhfuil drochlitriú le feiceáil ar an gcomhartha seo ach is léir nach bhfuil aon taighde cuimsitheach déanta ag an údarás bóthair i gceist chun an leagan Gaeilge cruinn a chur in iúl. Is é an leagan ceart ó thaobh na Gaeilge de ná “Bóthar Dhéagláin”.

Tugtar “Bóthar na Casacine” ar “Casino Road”. Easpa taighde is cúis leis an drochlitriú seo. Dá mbeadh é sin déanta bheadh a fhios ag an domhan mór gurb í “Bóthar an Chasaíne” an cheartfhoirm Ghaeilge de “Casino Road”.

De réir Bhunachar Logainmneacha na hÉireann is é “Ascaill Windsor” an ceartfhoirm Ghaeilge de “Windsor Avenue” i gcathair Bhaile Átha Cliath.

Cé go bhfuil mílitriú le feiceáil go soiléir ar an gcomhartha áirithe sin is cúis iontais é go n-éiríonn leis an údarás áitiúil an litriú ceart a chur ar chomhartha eile sa cheantar céanna mar atá le feiceáil in “Saint Aidan’s Park Avenue” – Ascaill Pháirc Aodháin.

Is é an moladh a dhéanaim i mo leabhar go bhfuil sé fíor-riachtanach oifig lárnach a bhunú chun déileáil go speisialta le fiosruithe a bhaineann leis an gcomharthaíocht amháin agus chun córas éifeachtach seiceála maidir leis an nGaeilge ar chomharthaíocht Stáit a chinntiú.

Má dhéantar é seo beifear in ann na neamhréireachtaí atá tagtha chun cinn thar na blianta a réiteach le comhairle ó gach páirtí leasmhar.

Tabharfar lón cogaidh do gach eagraíocht slacht a chur ar chúrsaí i dtaca leis an nGaeilge ar chomharthaíocht Stáit.

Ní inniu ná amárach a tharlóidh seo ach más mall féin is mithid.

Eolas: @mauralynskey nó mauralynskey.wordpress.com