Comhaontas Glas le polasaí Gaeilge a sheoladh amárach

Seolfaidh an Comhaontas Glas polasaí Gaeilge, cairt teanga agus suíomh gréasáin i nGaeilge tráthnóna amárach ag 6pm i dTobshiopa an Chomhaontais Ghlais, 90 Sráid Sheoirse Mhór Theas, Baile Átha Cliath.

Beidh ceannaire an pháirtí, Éamon Ryan, an Comhairleoir David Healy agus cathaoirleach ghrúpa polasaí Gaeilge an chomhaontais, Seán Ó Buachalla, ag caint. Le tamall anuas, tá iarracht mhór ar siúl ag an pháirtí cúrsaí Gaeilge a chur cinn agus is minic a chuireann siad ráitis Ghaeilge chun an nuachtáin seo faoi imeachtaí éagsúla polaitiúla.

Cuireann an páirtí cuireadh ar lucht na Gaeilge teacht don seoladh. Beidh sólaistí agus dreas cainte ann i ndiaidh na n-imeachtaí oifigiúla.

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times