Cogadh na gcarranna

Cuireann an tiomáint radharc as Thelma and Louise i gcuimhne dom


Tá cogadh á fhearadh agam ar lucht Audi le tamall. Ní ar dhéantúsóirí na ngluaisteán ach ar na tiománaithe féin agus a bhfeachtas géarleanúna.

Go minic, agus mé ag tiomáint liom go haireach, snáthaid an luasmhéadair ag broideadh teorainn an luais, tugaim faoi deara go bhfuil carr tagtha aníos laistiar díom agus a shrón sáite im’ leath deiridh.

Drannthiomáint a thugtar air seo, de réir dealraimh, faoi mar a bheadh madra drannach ag drannadh ort. Ní haon chabhair é nuair is VW Póló atá fút. Amharcann daoine ar an gcairrín beag seo le drochmheas agus cuma cén luas atá fút, bíonn mótair eile meáite ar ghabháil tharat.

Ach is iad tiománaithe Audi is measa ar fad, fíric atá bunaithe ar neart tiomána. Tuigim go bhfuil inneall cumhachtach ag an Audi, ach an gá an luasteorainn a shárú, ag gearradh suntais air féin?

READ MORE

Cuireann a leithéid de shotal an gomh orm agus is iondúil go n-eascraíonn buile bóthair as an ngomh seo. Chloisfí gach aon saghas eascainí agus masla ón bPóló beag ar na hócáidí gránna seo.

Agus ní lucht Audi amháin a ardaíonn mo bhrú fola: cuireann tiománaithe rómhalla tonn oilc orm freisin. An bhfuil aon ní níos measa na laethanta seo ná a bheith gafa laistiar de tharracóir agus neomataí aoibhne an tsamhraidh ag éalú uait?

Ach is bearránach an t-olc é i gcomparáid leis an bhfearg dhiomúch a mhúsclaíonn lucht an luais ionam. Agus is minic a bhagraím díbheirg ar thiománaithe nach mbacann le treotháscaire. Deir lucht staitisce go mbuaileann buile bhóthair suas le 50 faoin gcéad de thiománaithe. San aimsir mhúchta seo, tá gach uile dhuine againn i mbaol.

I dtástálacha a deineadh ar fhrancaigh, is é an plódú, nó an pulcadh, a ghríosaíonn an fhearg iontu. Beag an t-iontas, mar sin, gurbh í Sráid na Blarnan i dTuaisceart Chathair Chorcaí an áit is mó a chuireann gluaisteáin an gomh orm. Sráid fhada, chaol í, an tsráid is faide in Éirinn, más fíor, agus í déthreoach gan dealramh. Nuair is tiománaí Póló thú, is geall le cath Dháibhí is Ghóiliat é na haon lá.

Ar stiallacha áirithe den mbóthar, níl slí ann ach do charr amháin. Nuair atá tú srón le srón le SUV, is ansan atá tú san fhaopach. Géilleadh agus cúlú nó an fód a sheasamh? Braitheann sé ar an ngiúmar, is dócha, ar thréine na dánaíochta. Mar choisí ar Shráid na Blarnan, is minic a fheicim leamhsháinn screadach idir tiománithe. Ansan, agus mé ar leathtaobh ón achrann, is ea a éirím fealsúnach.

Cuimhním ar an Ríordánach ag iarraidh “meafar an bhóthair a shlánú” agus é ag tiomáint i ndán de chuid Michael Davitt. An bhfuil meafar níos fearr ann don mbeatha ná an bóthar? Cuireann sé gach cor agus casadh in iúl, an brú tráchta agus an fonn saoirse Springsteeniúil a bhorann ionainn go léir ar uairibh. N’fheadar an é sin a bhí i gceist ag an Ríordánach ina Sean-Anglia. Is cinnte nach raibh an bóthar aige féin róréidh.

Is iomaí saothar próis agus scannánaíochta a d'eascair as meafar seo an bhóthair. B'éigean d'Odyssus féin an bóthar a bhualadh i ndiaidh thurnamh na Traí. Faoi na 1960í, ba sheánra ann féin é an scannán bóthair agus bhí an-tóir ar scannáin ar nós Bonnie and Clyde agus Easy Rider.

Is seift inste é atá an-éifeachtach ar an leathanach agus ar an scáileán: ní mór an baile a fhágaint i ngeall ar mhíshuaimhneas nó teannas nó leamhas éigin. Téann an carachtar ar turas ina mblaistear saoirse nach raibh sa bhaile, mar a mbuaileann sé le daoine neamhghnáthacha. Tagann fás agus forbairt air, go minic agus é i dteannta charad. Ar feadh i bhfad, ba iad na fir a bhí ag croílár na scéalta seo; ba mhioncharachtair iad na mná. Cuimhním anseo ar On the Road, O Brother, Where Art Thou?, The Blues Brothers i measc go leor eile.

Bhí na mná i lár an aonaigh – agus armáilte – in Thelma and Louise, an scannán bóthair is ansa liom féin. Nuair a léiríodh fuath ban i leith na gcarachtar mná seo, d'éirigh leo díoltas a bhaint amach, rud nach dtarlaíonn go minic ar an scáileán (ná, go deimhin, sa saol iarbhír).

N'fheadar an raibh spiorad an scannáin úd i gceist i ndán Nuala Ní Dhomhnaill, Mise ag Tiomáint: "Sea, raghad tríd an sáile leat,/ó Dhoire go Cill Áirne leat,/raghainn ar aistear fada leat,/ach is mise an tiománaí!"

Pé áit a mbíonn tú ag tiomáint, go n-éirí an bóthar leat. Agus seachain lucht Audi.