Cogadh agus síocháin – coimhlintí na hÉireann faoi scrúdú ag lucht ollscoile agus teilifíse

“Comóradh Uí Néill – claíomh, cleite agus cláirseach” is ainm d’Éigse Cholm Cille a bheas ar siúl ar Champas Mhig Aoidh, Ollscoil Uladh, Doire, idir an Aoine 4ú Márta agus an Domhnach 6ú Márta i mbliana.

Dúirt duine d’eagraithe na hócáide, an Dochtúir Malachy Ó Néill, go raibh “cuid mhór béime i mbliana, mar ba chóir, ar an chomóradh ar Éirí Amach na Cásca, ar an Chogadh Mhór agus a leithéid, ach ní féidir gan aird a tharraingt ar Aodh Mór Ó Néill, duine de na pearsana is mó i scéal na hÉireann, 400 bliain i ndiaidh dó bás a fháil sa Róimh”.

Chuige sin, beidh “cuid de na scoláirí is tábhachtaí sa réimse seo” ag tarraingt ar champas Mhig Aoidh le hoidhreacht liteartha agus pholaitiúil Uí Néill a phlé i nGaeilge agus i mBéarla.

Ar chainteoirí na hAoine, beidh Ciarán Brady, Coláiste na Tríonóide, fear a bhfuil leabhar nua scriofa aige ar Shane O’Neill agus beidh Hiram Morgan, Ollscoil Chorcaí, fear a bhfuil mórán scríofa aige ar an tréimhse chéanna agus atá i mbun leabhair ar Aodh Ó Néill faoi láthair.

READ MORE

Beidh léachtaí i nGaeilge ar siúl Dé Sathairn agus ócáidí ceoil agus camchuairt ar Dhúiche Néill le linn an deireadh seachtaine ar fad.

Lena chois sin, bronnfar Gradam na hÉigse ar an Dochtúir Diarmaid Ó Doibhlin, scoláire a thug cuidiú agus spreagadh do chuid mhór mac léinn agus iad i mbun taighde ar chúrsaí litríochta agus eile le linn a thréimhse mar léachtóir ar Ollscoil Uladh. eolas: mf.oneill@ulster.ac.uk

Skeffington, Síochánaí

Agus ó tharla i nDoire muid, ní fada go mbeidh clár ar shaol agus ar shaothar Frank Sheehy Skeffington le feiceáil ar TG4 –

Sheehy Skeffington: Síochánaí

.

Comhlacht teilifíse as an chathair, Dearcán Media, atá taobh thiar de agus deir léiritheoir an chláir, Deaglán Ó Mocháin, go raibh sé ag iarraidh “a áit cheart do Frank agus dá bhean, Hanna” i scéal Éirí Amach na Cásca.

Duine thar a bheith spéisiúil a bhí ann mar Skeffington, a deir sé, cara le James Joyce, comrádaí de chuid James Connolly agus céile Hanna Sheehy Skeffington, gníomhaí feimineach.

Anbhás a tugadh ar Frank le linn an Éirí Amach agus creideann Ó Mocháin go bhfuil neamart déanta ina chuimhne agus ina chuid oibre ó shin i leith.

Deir Ó Mocháin gur “léir go raibh an bheirt acu ag dúil go mbeadh ról lárnach acu i dtír neamhspleách, agus go mbeadh ré úr órga ann i dtaca le cultúr na tíre, polaitíocht agus cothromas na mban de. Tá cuimhne againn ar Frank anois mar íobartach de chuid 1916, agus an ról a bhí aige mar scríbhneoir, mar ghníomhaí agus mar shíochánaí” ligthe i ndearmad.

Scríobh sé don nuachtán, Irish Citizen; chuir sé tús leis an Irish Citizen Army agus leis an Irish Socialist Party agus chuir sé in éadan an Chogaidh Mhóir agus, leoga, in éadan an Éirí Amach féin, a deir Ó Mocháin.

Craolfaidh TG4 Sheehy Skeffington: Síochánaí Dé Máirt 8ú, Márta, ag 9.30pm