Cnuasach nua alt de chuid Alan Titley ar fáil i bhfoirm leabhair

Rogha alt óna cholún seachtainiúil

An bhfuil deacracht agat ag iarraidh teacht ar ábhar léitheoireachta don tsamhradh?

Ná bíodh eagla ort a thuilleadh nó tá cnuasach d’ailt Alan Titley ón cholún Crobhingne anois ar fáil i bhfoirm leabhair.

Ag bualadh clé is deas (Coiscéim, €10) is ainm don leabhar nua agus tá ábhar anseo ó thosaigh sé a scríobh don Irish Times ar tús.

Bhí an t-ádh ar an Irish Times scríbhneoir chomh cumasach leis a aimsiú.

READ MORE

Lean Titley dea-shampla cholúnaithe móra eile Gaeilge an nuachtáin seo agus é ag cur ábhar machnaimh, díospóireachta agus spraoi ar fáil.

Creid é nó ná creid, is sa bhliain 2003 a thosaigh Alan a cholún seachtainiúil agus níor stad sé de bheith ag cumadh agus ag cur ceiste ó shin.

Is saibhre i bhfad saol léitheoirí na Gaeilge de bharr a chuid tuairimí agus thug a chomhghleacaithe sna meáin aitheantas cuí dó fosta – tá Colúnaí/Iriseoir na Bliana bronnta air cúig uaire as a ghaisce i mbun pinn.

Tá 240 leathanach sa leabhar seo agus ailt le fáil ar chúrsaí polaitíochta, staire agus ar an tsaol mhór iontach.

Ní amháin go bhfuil scoth na hiriseoireachta scríofa ag Titley ach tá aithne mhór ag an phobal air mar scríbhneoir cruthaitheach agus úrscéalta, gearrscéalta, drámaí agus aistí critice scríofa aige.

Lena chois sin, tá fad saoil caite aige i mbun léann na Gaeilge mar léachtóir ollscoile agus mar ollamh.

Bí ag léamh!