Cluichí agus claonta

Tá an deighilt idir lucht rugbaí agus na gcluichí Gaelacha ag éirí níos lú

Bhí dhá ghrianghraf shuntasacha sna leathanaigh spóirt arú inné. An chéad ghriangraf, ba é Brian O’Driscoll é agus é ag fágáil na páirce sa Staid Aviva don uair dheireanach. Lá speisialta a bhí ann gan dabht ar bith. Fuair Éire an ceann ab fhearr ar an Iodáil agus bronnadh gaisce laoch na himeartha ar an Uimhir 13 is clúite ar domhan ina shéasúr deiridh. An bhfaca muid ariamh, nó an bhfeicfidh muid arís, a leithéid de ghaisce ar fhoireann na hÉireann?

Níor tharraing an dara pictiúr an aird chéanna ach b’ócáid thábhachtach í ag an am céanna. Chonaic muid iománaithe Choláiste Eoin i mBaile Átha Cliath ag ceiliúradh tar éis gur bhuaigh siad Craobh Shinsireach Laighean.

Ag scagadh an dá phictiúr dom, thosaigh mé ag machnamh ar an dá spórt.

An íomhá uilíoch atá againn de rugbaí ná gur spórt meánaicmeach é atá ceangailte le scoileanna príobháideacha i mBaile Átha Cliath, Corcaigh agus Cúige Laighean.

READ MORE

Feictear go bhfuil rian chultúr na himpireachta le brath sna scoileanna sin – imrítear cruicéad agus leadóg chomh maith – seachas an cultúr Gaelach a tháinig tar éis gur baineadh neamhspleáchas amach in Éirinn.

Má bhreathnaíonn tú ar an chlár foirne d’fhoireann na hÉireann feicfidh tú go raibh mórán gach uile imreoir ó Chúige Laighean ina dhalta ar na scoileanna iomráiteacha rugbaí: O’Driscoll ar An Charraig Dhubh: Rob Kearney agus Gordon D’Arcy ar Clongowes Wood; Jonathan Sexton ar Choláiste Naomh Muire.

Ar an láimh eile dhe, is Gaelscoil é Coláiste Eoin agus níos minicí ná a mhalairt bheifeá ag súil go mbeadh bunchultúr na gcoláistí sin agus an Cumann Lúthchleas Gael inchurtha le chéile. Chun cur leis an teoiric sin, is cinnte go bhfeicfidh tú iarscoláirí ón gcoláiste sin ar fhoirne peile agus iománaíochta Bhaile Átha Cliath.

Ní féidir na nascanna sin a shéanadh go stairiúil ar an chéad fhéachaint, is é sin, gur bhain rugbaí, go háirithe sa phríomhchathair, le haicme áirithe agus le cultúr an “ghnó”. Ní raibh mórán le sonrú i dtaobh aon cheangail leis an nGaeilge ná leis an chultúr Gaelach. Fiú i roinnt de na bailtí beag ba spórt don uasaicme é an rugbaí – dlíodóirí, dochtúirí agus an lucht gnó.

Bhí an CLG agus an cultúr Gaelach, an Ghaeilge, meon tuaithe agus Caitliceach, fite fuaite le chéile.

Ní fheicfidh muid An Charraig Dhubh ag buachaint Chraobh Iomána Laighean san am atá romhainn agus is ar éigean go mbuafaidh Coláiste Eoin a mhacasamhail sa rugbaí. Mar sin féin, níl an deighilt díreach chomh mór agus a bhí. Tá roinnt mhaith de na seanchlaonta diúltacha díbrithe – cé go bhfuil cuid fós le brath go fóill.

Ní raibh an bhéim chéanna ar aicme le brath in áiteanna eile maidir le rugbaí. Ba spórt é i Luimneach nár thug mórán ómóis ariamh do lucht an rachmais.

Bhí cathracha Chorcaí agus na Gaillimhe idir dhá chomhairle – bhí scoileanna láidre rugbaí sa dá áit ach ní raibh an bhéim ar aicmí sóisialta chomh láidir le Baile Átha Cliath.

Tá cúrsaí ag athrú agus, le córas na gcúigí sa ré ghairmiúil, feictear go bhfuil rugbaí i bhfad níos tarraingtí mar spórt – ní amháin go bhfuil borradh faoin lucht leanúna ach faoi líon na n-imreoirí chomh maith.

Tá níos mó imreoirí ag teacht chun cinn na laethanta seo gan aon bhaint acu le cúlra traidisiúnta rugbaí – Sean O’Brien, mar shampla. D’imir Rob Kearney peil Ghaelach faoi aois don Lú sular dhírigh sé ar rugbaí agus bhí Gordon D’Arcy ina scothimreoir peile ina chontae dúchais, Loch Garman. D’imir lucht Chorcaí agus Luimnigh iománaíocht agus peil Ghaelach mar dhéagóirí – Paul O’Connell agus Ronan O’Gara ina measc.

Tá roinnt iarrachtaí déanta chomh maith ag na scoileanna rugbaí sa phríomhchathair chun cluichí Gaelacha a chothú. Tá foirne CLG curtha chun páirce ag An Charraig Dhubh, Belvedere, Naomh Muire, Tír an Iúir, Naomh Pól, Teach Mealóg agus scoileanna eile nach iad. Tá iarchaptaen fhoireann Bhaile Átha Cliath, Ger Brennan, ina iardhalta ar Choláiste Belvedere.

Tá rugbaí á imirt in áiteanna a bhí mar dhúnfoirt ag an CLG. Chuaigh mé go cluiche faoi 16 idir Galwegians agus Corinthians i nGaillimh anuraidh – bhí mo nia Fiachra (a tugadh le Gaeilge, dála an scéil) ag imirt do Wegians.

Chuir sé ionadh an domhain orm nuair a chuala mé Gaeilge bhinn bhlasta Chonamara á béiceadh ón taobhlíne ó dhuine de thraenálaithe Corinthians. (Cé a bhí ann ach mo sheanchara Mícheál Ó Domhnaill ón gCeathrú Rua!) Is ansin a thuig mé go raibh buíon imreoirí ó Ghaeltacht Chonamara ag imirt do Corinthians agus cinneadh (dearfach) déanta ag an chlub go mbeadh polasaí dátheangach acu in ómós do na himreoirí sin.

Tagann an sampla sin salach ar an tuiscint nach bhfuil aon nasc idir rugbaí agus an cultúr Gaelach.

Ní féidir dearmad a dhéanamh de ach oiread go bhfuil na cearta don Rabo Pro 12 ag TG4 agus go bhfuil traidisiún nua tosaithe go mbíonn lucht leanúna na gcúigí sásta éisteacht le tráchtaireacht agus anailís trí mheán na Gaeilge.

Is léir go bhfuil an saol ag athrú agus go bhfuil an dá spórt in iomaíocht lena chéile – ach níl na seanchlaonta chomh láidir inniu is a bhí tráth.