Cluichí corónach

An dtabharfaidh mé mo cheann liom agus Game of Thrones ar ais?


Seans go bhfuil mise ar an duine deireanach ar domhan nach bhfaca eagrán iomlán de Game of Thrones faoin am seo.

Anocht ar Sky a thosóidh séasúr a sé sa taobh seo den domhan agus ní bréag a rá go mbeidh na milliúin ag súil leis.

Tá feachtas poiblíochta ar siúl ag Sky ar an teilifís féin agus ar na líonraí sóisialta leis an lucht féachana a chur ar an eolas faoi le tamall.

Bhí mé fuar ar fad sa rud go dtí seo. Am ar bith a chonaic mé an clár, bhí (a) daoine nochta ann nó (b) daoine ag fáil bháis romham.

READ MORE

Níl mé róthugtha le foréigean ar an scáileán agus chonacthas dom go minic gur chosúla gníomh na collaíochta le gníomh na cogaíochta.

Is cinnte go dtiocfadh le duine níos eolaí ná mise miotaseolaíocht na sraithe a mhíniú. Chonaic mé mír amháin a tháing caol díreach as miotaseolaíocht na Gréige agus bí geall go bhfuil tuilleadh acu ann.

Is é bua an scríbhneora, George R.R. Martin, ámh, go bhfuil dúil ag daoine sa leagan amach as an nua atá déanta aige ar an mhiotaseolaíocht agus go bhfuil lear mór carachtar cruthaithe aige a chorraíonn an lucht féachana.

Luíonn siad le chéile, maraíonn siad a chéile, feallmharaíonn siad a chéile agus fiú, go bhfuil roinnt acu a théann i mbun chiorrú coil le chéile agus an t-iomlán léir ar son cumhachta.

Shílfeá fosta ó tharla go ndéantar cuid mhór den scannánaíocht i mBéal Feirste agus sa réigiún máguaird go ndéanfainn iarracht amharc air ach ní dhearna. Cinnte, cluiche spéisiúil é chercez an sliabh áitiúil agus "nach raibh an bhean sin sna drámaí sin faoi Billy?" ach sin uilig de phléisiúr a bhain mé as an amharc gasta air go dtí seo.

Mar sin féin, tá eagla orm go bhfuil siad i ndiaidh greim a fháil orm. Tá Sky ag craoladh clár speisialta le buaicphointí na sraitheanna ar fad go dtí seo; aisteoirí agus lucht critice ag cur síos ar na radharcanna ab fhearr leo agus ar chuspóir na sraithe – dreamanna áirithe ‘uaisle’ ag troid ar son Ríchathaoir an Iarainn a bhaint amach agus bheith mar ‘ardrí’ ar a bhfuil rompu.

Sáite sna buaicphointí a bhí mé agus gach “á!” agus “ó” asam. Sin an fáth go ... á, tchím. Sin an chúis go ... ó, raidht.

Tá sé chomh maith agam é a admháil – beidh mé os comhair an teilifíseáin anocht agus déanfaidh mé gach iarracht amharc ar an chlár ó thús deireadh.

Bua na margaíochta nó ealaín dhubh ag bean de na cailleacha sin a bhíonn ar Game of Thrones?

Cá bhfios?

Ach cad é an seans go dtabharfaidh mé mo cheann liom go deireadh an chláir? Éaneolas Dhá nóta eile faoi na héanacha an tseachtain seo.

Tá na fáinleoga faoi Loch nEathach anois.

Níl mórán acu ann ach ní fada go mbeidh na céadta acu le feiceáil sa spéir. Ar ndóigh, is maith mar a chothaíonn an loch iad an t-am seo bliana.

Feicfidh tú scamaill mhóra de chuileoga locha ag bailiú le chéile ar lá te tirim agus is deas an t-itheachán iad sin ag cuairteoirí seo na hAfraice.

Mar sin féin, ní hí an fháinleog amháin a bhíonn ar lorg bia. Chonaic mé spioróg an tseachtain seo, ceann fireann, a chliabh chomh rua leis an ghruaig ar mo cheann féin.

D’eitil sé go formhothaithe idir fálta an bhealaigh mhóir; rinne moill bheag ag bun an chlaí, d’amharc thart lena shúile snípéara agus d’imigh leis isteach sa chruibhreann.

Cá bhfios cad é an chríoch a bhí ar an aistear sin aige?

Agus is mé atá buíoch de Dhealgan Ó Ciarubháin, léitheoir as Baile Átha Cliath, a bhí i dteagmháil le Bileog. Bhí sé féin ag siúl cois abhann agus chonaic cruidín uair nó dhó ar aibhneacha na hardchathrach.

“An dath gorm leictreach a chonaic mé ag eitilt ar an abhainn,” a mheall a shúil, a deir sé go filiúnta. Tá sé den bharúil gur dea-chomhartha é seo nó teastaíonn uisce glan ón chruidín “i dtreo is go mbeidh sé in ann iasc a fheiceáil san uisce sula dtomann sé isteach chun greim a fháil air”.

Tá barúil aige go mb’fhéidir go bhfuil nead ag an éan ar cheann amháin de na haibhneacha.

Cruidín sa chathair?

Is maith gur scríobh léitheoir chugam faoi seo nó, murach sin, ní dóigh liom go gcruidíneoinn mar scéal é!