Clár nua cúrsaí reatha ar RnaG le Máirín Ní Ghadhra

Beidh clár nua cúrsaí reatha, An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra, le cloisteáil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ag 10am Dé Sathairn.

Beidh Ní Ghadhra ag plé agus ag cíoradh scéalta móra na seachtaine – cúrsaí polaitíochta, eacnamaíochta agus cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.

Dúirt Ní Ghadhra go raibh sí ag súil leis an deis le clár nuachta a chur i láthair go seachtainiúil: “Dúshlán nua a bheidh ann dom théis na mblianta ag plé le clár laethúil, agus tá súil agam léargas nua a thabhairt ar scéalta na seachtaine. Tá bliain mhór nuachta romhainn idir cháinaisnéis, toghcháin agus chomóradh 1916.” Bhí sí dóchasach go mbeadh an clár i lár an aonaigh agus í ag scrúdú imeachtaí móra na linne.

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times