Cinnlínte na nuachta

Bíonn an fhírinne searbh; bíonn na cinnlínte seafóideach


Chuala ceann de chinnlínte na nuachta ar an raidió an tseachtain cheana.

B’é a bhí ann gur shéan Breandan Howlin go ndéanfaí scrios ar Pháirtí na Luchóga Oibre sa chéad toghchán eile.

‘Am baiste!’ arsa mise liom féin, nó focail éigin dá shórt nárbh ionann go baileach iad: cuir gcás go ndéarfadh a mhalairt. ‘D’aontaigh ceannaire Pháirtí na Luchóga Oibre in agallamh a rinne sé le RTÉ inniu go bhfaigheadh siad bás ag an gcéad olltoghchán eile.’

Sin nuacht duit. Ach nuacht ar nós ceannlíne a mhaífeadh: ‘Níl seans dá laghad agam i dtoghchán na hUachtaránachta, maíonn iarratasóir amháin.’

READ MORE

Is é sin le rá, ceannlíne atá iontach soiléir agus nach sílfeadh an intinn bheo a mhalairt leis.

Níor dheacair smaoineamh ar shamplaí dá samhail: ‘Is cuma nó dia an domhain dornálaíochta é Conor McGregor – dar leis féin.’ Seans maith go bhfaca mé sin cheana.

‘Ibec go tréan in aghaidh ardú pá do sclábhaithe’, nach gcuirfeadh iontas ar aon duine, agus ar aontaigh gach eacnamaí ó Vlubst go Vladivostock leis.

‘Sófaí Shakonzé ar son tearmainn cat in áit ospidéil mheabhairghalair’ agus formhór an phobail ag aontú léi.

Agus cad déarfá le: ‘Thángathas chaipitlí saibhir ar Shráid an Bhalla nár labhair aon teanga seachais Gnólais.’

Ceannlíne dá shamhail a bhain geit asam an lá cheana nuair a léigh mé cad dúirt Joe Biden i mBaile Átha Cliath dó ag taighdeadh agus ag tóch ar son a chuid préamhacha Éireannacha.

Nuair a lorgann duine a chuid préamhacha is róbhaol cad a gheobhaidh sé. Is salach an planda iad préamhacha, is cuma an meacain nó neantóga nó glasraí fréimhe de shaghas ar bith iad; óir bíonn mórán piastanna agus cruimheanna agus mollaíos clúimh ag snámh timpeall orthu.

Nuair a ghabhas oiread scrimh na hiongan siar i stair mo chlainne féin ba ghairid gur tháinig mé ar aimleoirí, bhligeaird, chaimiléirí, dhoineantaigh, eiricigh, fhuachaidí, ghamóga, haidhléirithe, iasmairí, lábánaigh, mhugarlaigh, niúdaí-neámaidí, oitreacháin, philibíní (agus níor shroich mé deireadh na haibítre fós) agus ar eagla an dearmaid, duine a vótáil ar son Fianna Fáil.

Níorbh é sin é, áfach, ach an buama eolais a scaoil sé chugainn. I measc na bpostanna a mhianínn im bheatha shaoil – a bheith im spásaire, im scrúdaitheoir ar phota an rí, im mhainicín fir – bhí, óráidí a scríobh do pholaiteoirí.

Ba mhór an spraoi ab fhéidir baint as a leithéid, go háirithe nithe a shleamhnú isteach nach go rómhaith a thuigfeadh sé nó sí.

Pé ní faoi sin, ní bheadh mórán taighde le déanamh, ar fhianaise Biden ar an nós. Is é a dúirt sé go raibh inimircigh ‘fíorthábhachtach i dtógáil na Stát Aontaithe.’

Anois, cé a chuimhneodh ar a leithéid?

B’éigean dom dul amach agus greim a bhreith ar na banastair ar feadh tamaill leis an léaspairt solais sin ar dhóbair di mo chloigeann a bhaint díom.

Dá ndéarfadh sé, abair, gur scrios na hinimircigh anoir gach cultúr dúchais dá bhfaca siad rompu, gur thug siad galair agus gunnaí leo d’fhonn na pobail eile a dhíothú, gur oscail madraí mara na hEorpa an fharraige mhór don sclábhaíocht a thug breis agus 12 mhilliún duine don ‘domhan úr’, gur thosnaigh an gabháltas nuair a leag an chéad inimirceach ladhraicíní a choise clé ar an ngaineamh, agus go bhfuil an impireacht ag fás gan stad ó shin – anois, bheadh óráid agus nuacht ansin ceart go leor.

Is dócha gur lú an seans go dtarlódh sin ná go léifimis: ‘Mionaíonn Putin nár bhain lúthchleasaithe na Rúise leas as drugaí riamh.’