Ceardlanna pinn ar siúl ag Cló Iar-Chonnacht

Ócáidí i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste

Beidh dhá cheardlann scríbhneoireachta, saor ó tháille, á reáchtáil ag Cló Iar-Chonnacht i mBaile Átha Cliath agus i m Béal Feirste go luath.

Roghnófar na saothair is feiliúnaí agus déanfar iad a phlé agus a mheas ag na ceardlanna.

Seolfar saothar gach scríbhneora chuig gach iarrthóir ceardlainne eile roimh ré ionas go mbeidh deis acu iad a léamh, páirt ghníomhach a ghlacadh san obair, agus foghlaim ó laigí agus ó bhuanna shaothar a chéile. Beidh áit d’ochtar ar a mhéid ar gach aon seisiún.

Beidh “An Gearrscéal, an tÚrscéal agus an Splancscéal” á phlé Dé Sathairn, 21ú Deireadh Fómhair in Áras na Scríbhneoirí, 19 Cearnóg Pharnell, Baile Átha Cliath.

READ MORE

Is iad Micheál Ó Conghaile agus Micheál Ó Ruairc a bheidh ina bhun sin. Beidh an cheardlann seo dírithe den chuid is mó ar scríbhneoirí óga/nua ach tabharfar áit do dhornán scríbhneoirí aitheanta. Tugtar cuireadh do scríbhneoirí gearrscéal, sliocht as úrscéal nó cúpla splancscéal a sheoladh chuig Micheál Ó Conghaile faoin Aoine 13ú Deireadh Fómhair.

Is ar scríbhneoirí Gaeilge den uile shórt, údair a bhfuil leabhair foilsithe acu agus scríbhneoirí óga/nua, a bheidh ceardlann Bhéal Feirste dírithe Dé Sathairn 18ú Samhain ar Ollscoil na Ríona. Micheál Ó Conghaile agus Fionntán de Brún a bheidh ina bhun seo.

Seoltar sampla saothair do na hócáidí go moccic@eircom.net.