Cead ann do chuid oibre féin a cheiliúradh

Seans mór go bhfuil éachtaí déanta agat féin ar son na teanga le 20 bliain anuas


Ceann de na ceisteanna sin a bhí á cur le seachtain anuas – cá raibh tú nuair a thosaigh TG4 a chraoladh den chéad uair?

Ní nach ionadh, is dócha. Is gnách le daoine ócáidí tábhachtacha a chomóradh agus is lá breithe measartha tábhachtach é scór bliain ar an tsaol ag TG4.

Ní hiontas ar bith é go gcuirfeadh daoine sonrú ann agus ní miste ar chor ar bith go moltar an stáisiún (dátheangach!) as a bhfuil ar siúl acu le 20 bliain anuas – maith, olc agus measartha.

Mar sin féin, b’fhéidir go bhfuil comóradh eile le déanamh, comóradh príobháideach, comóradh aonair?

READ MORE

Ní doiligh dúinn an institiúid a mholadh ach cad é faoin duine indibhidiúil, cad é fútsa, cad é atá ar bun agatsa le 20 bliain anuas?

Ó tharla gur ag léamh an ailt bhig seo atá tú, b’fhéidir go bhfuil tú á rá leat féin ‘níl ionam ach léitheoir’. Ní dhéanann tú rud ar bith ‘ach’ an mhír bheag ar an pháipéar seo a léamh gach aon seachtain?

Ná habair sin!

Tá luach le do ghníomh beag léitheoireachta. Is gníomhaí teanga thú oiread chéanna leis an laoch a cheanglaíonn é féin de gheataí roinne agus é ag iarraidh stáisiún raidió nó teilifíse do lucht na Gaeilge.

Níl rud ar bith déanta agat le 20 bliain anuas 'ach' Anois agus Foinse agus Feasta agus tuairisc.ie agus eile a léamh?

Tá éacht déanta agat.

Maith thú féin.

Tá níos mó gníomhaithe de do leithéidí de dhíth orainn.

Nó b’fhéidir nach bhfuil tú róthugtha don léitheoireacht agus nach ndéanann tú rud ar bith ‘ach’ bheith ag éisteacht le RnaG agus ag amharc ar TG4?

A chomrádaí, ná déan beag is fiú den díograis sin, den ghrá sin don teanga atá agat.

Má tá 20 bliain caite ar an tolg agat ag amharc ar TG4 agus ag éisteacht le RnaG, beidh tú níos eolaí ar chultúr na hÉireann agus ar chultúr an domhain ná mórán de béalastáin an Bhéarla.

Nó b’fhéidir gur múinteoir scoile thú nó múinteoir Gaelscoile nó múinteoir deonach oíche.

Mo ghrá go deo thú. Tá 20 bliain caite sna trinsí agat. Seans go raibh níos mó daoine sa rang agat ná mar a d’amharc ar sciar mór maith de chláracha TG4!

Éacht déanta

Maith an múinteoir. Tá éacht déanta agat – is tú is luachmhaire de lucht na Gaeilge, is tú atá ag cothú na teanga i measc an phobail, á spreagadh, ag tabhairt deiseanna do dhaoine leis an teanga a úsáid.

Ní ortsa atá an locht go dteipeann an córas taobh amuigh den scoil ar na cainteoirí atá faoi do chúram taobh istigh di.

Agus, sea, déarfainn go mbíonn sé deacair an mhuintir óga a spreagadh agus seans mór nach mbíonn siadsan nó a gcuid tuismitheoirí róbhuíoch díot i gcónaí as teanga ‘mharbh’ na Gaeltachta, na teilifíse, an raidió, an idirlín, na cathrach agus na tuaithe, a theagasc dá bpáistí.

Nó b’fhéidir go mbíonn daoine sa phobal ag magadh fút as an rang oíche sin atá ar siúl agat le cuimhne na ndaoine, an rang iontach oíche sin, atá mar lóchrann léinn ag glúin i ndiaidh glúine, an ciorcal beag comhrá, atá mar thearmann ag daoine, a thugann deis dóibh an cúpla focal féin a rá ós ard, an uair an chloig sin san áras nó sa chultúrlann a dhéanann cainteoirí de na héisteoirí.

Bhfuil a fhios agat seo?

Scrios ar lucht do chánta. Is laoch thú. Tá níos mó déanta agat, ar do dhóigh bheag chiúin féin, ar son chultúr na tíre seo, ná iomlán na ngligíní glóracha a bíos ag spalpadh seafóide i d’aghaidh.

Nó b’fhéidir gur scríbhneoir thú a bhí ar chlár faisnéise TG4 agus go bhfuil dearmad déanta ag daoine ort ó shin.

Ná bíodh eagla ort.

Coinnigh ort ag scríobh.

Tiocfaidh siad ar ais chugat amach anseo. Tá 20 bliain eile de sceideal le líonadh.

Nó b’fhéidir gur scríbhneoir óg thú nach raibh riamh ar TG4.

Ná bíodh imní ort.

Feicfidh an tsúil eile luath nó mall thú agus beidh léiritheoir, ar bheagán airgid, chugat ag iarraidh fáil amach an mbeifeá ar fáil.

Beidh leathuair an chloig faoi fhotheidil agat agus daoine céimiúla ag caint ort agus beidh gliondar ar do mhuintir mar chan amháin go bhfuil tú ar an teilifís ach go bhfuil leabhar scríofa agat.

20 bliain ó shin?

In aonad pobail i bPort an Dúnáin a bhí mise nuair a chraol an stáisiún den chéad uair. Níl a fhios agam cá mhéad bunscoil a bunaíodh nó rang Gaeilge a teagascadh nó alt nuachtán a scríobhadh nó comhdhálacha a troideadh nó iaróga a tosaíodh san ‘earnáil’ ón am sin go dtí an lá atá inniu.

Ach measarthacht a bhí ann agus, déarfainn, gur fearr as muid anois ná mar a bhí – bíodh is nach ionann sin agus a rá go bhfuil muid go maith as ar chor ar bith!