Is banúdar de chuid na hIar-Iúgslaive í Dubravka Ugresic a bhfuil idir úrscéalta agus aistí scríofa aici. De bhunadh na Cróite ó dhúchas í cé go ndiúltaíonn sí do lipéad den chineál. Is beag a bá le náisiúnachas: "Nationalism is the ideology of the stupid," a scríobhann sí ina leabhar The Culture of Lies.
Thuigfeá dá gráin don náisiúnachas. Bhí sí ina cónaí sa Chróit le linn an chogaidh a scrios réigiúin na hIar-Iúgslaive agus Boisnia ach go háirithe. Cuireann sí síos ar uafás agus ar thorthaí na cogaíochta. Scrios daoine a bhí i gceist; scrios cultúir.
Maraíodh 200,000 duine, a scríobhann sí. Ba sibhialtaigh 80 faoin gcéad acu sin. Dhírigh arm na Seirbia agus na Cróite ar dhaoine a bhí gan chosaint. Scriosadh cathracha agus sráidbhailte ceann ar cheann agus cuireadh an ruaig ar na milliúin daoine. Tagann na háitainmneacha ar ais as íochtair aigne: Dubrovnik, Sarajevo, Mostar.
Agus tú ag léamh na n-ainmneacha, is míchompordach an taithí í. Níl sé ach dornán blianta ó troideadh an cogadh sin. Tá mórán de na daoine a bhí freagrach as saor go fóill. Tá na coirp curtha agus dearmadta beagnach san Iarthar.
Shílfeá gur beag aird a bheadh ag Ugresic ar chúrsaí cultúir agus teanga i láthair a leithéid d'uafás. Mar sin féin, léiríonn sí go raibh ról lárnach ag cúrsaí teanga i gcruthú - nó, b'fhéidir gur cheart a rá - i gcumadh an stáit.
Ba mar an gcéanna na daoine. Ba dhoiligh idirdhealú a dhéanamh idir pobail na gceantar éagsúil cé go ndearnadh é agus, mar is eol dúinn, cuireadh an ruaig ar mhórán as a dtithe.
Ach chomh luath agus a díbríodh na daoine, thosaigh stáit nua an réigiúin, le cabhair a gcuid scríbhneoirí, oideachasóirí agus iriseoirí, ag cruthú miotas nua. Ina measc sin, bhí teanga.
Ceann de na chéad rudaí a rinneadh sa Chróit athrú teanga a chur i bhfeidhm: "The language I write was called until recently Serbo-Croat (or Serbian and Croatian), and it was the language spoken by Croats, Serbs, Bosnians and Montenegrins. Today people are trying to force me to recognise Croatian as my mother-tongue, and Serbian and Bosnian as - foreign languages!"
Cuireann sí síos ar "mheancóg" a rinne iar-uachtarán na Cróite, Franjo Tudjman. Thug sé óráid agus bhain úsáid as leagan Seirbeach cainte. Bí ag caint ar aiféaltas.
(Tuigfidh, ar ndóigh, lucht na Gaeilge an cás níos fearr ná mórán; an meon beadaí sin nach gceadaíonn meascadh canúintí.)
Bhain impleachtaí tromchúiseacha polaitíochta le tuisle teanga Tudjman. Bhí sé ag bréagnú a chuid polaitíochta féin. In áit bheith ag cur leis an bhearna idir an Chróit agus an tSeirbia, bhí sé á cúnglú. Bhí sé ag tabhairt le fios go hiomasach gur deargbhréag a bhí ina chuid iarrachtaí an dubh a chur ina bhán.
Cuireann Ugresic síos ar na Naitsithe agus iad ag dó leabhar i Munchen, mí na Bealtaine, 1933: "As you watch the fire devour these unGerman books, may the flame of love for your Homeland catch light in your hearts." Rinne údaráis na Cróite an rud céanna le leabhair a mheas siad bheith 'neamhghlan'.
Agus í i mbun na haiste áirithe seo, 'The Tale of the Bomb and the Book', tá sí ina teifeach i mBeirlín. Tá dosaen leabhar de chuid na teanga Seirbí-Cróití aici. "I couldn't carry any more," a deir sí. Aithníonn tú an brón ina cuid focal.
Bánaíonn an dá thaobh leabhair dá seilfeanna in ainneoin gur in aon teanga amháin iad: "In Croatia, books written in the Cyrillic script are put to one side. The Cyrillic script offends Croats, they say. Serbian writers are being thrown out of the school curriculum. In Serbia, books in Latin script are put to one side. The Latin script offends Serbs, they say. Croatian writers are being thrown out of the school curriculum."
Macalla as ár stair féin í sin agus an streachailt a bhí ann idir Cló Gaelach agus Cló Rómhánach. Thug poblachtánigh agus Saorstátóirí Chogadh na gCarad aghaidh ar a chéile sna clónna éagsúla teanga, iad beirt ar son aon teanga amháin, iad beirt cinnte de go raibh anam an náisiúin aimsithe ina rogha féin cló.
IS náireach mar a bhaineann na húdaráis nua sa Chróit agus sa tSeirbia úsáid as cúrsaí teanga. Glantar seantuigsí chun siúil; glactar seilbh ar scríbhneoirí atá ar shlí na fírinne le "náisiún" a chruthú. Amharc - bhí scríbhneoirí dár gcuid féin againn. Chomh hailseach agus atá an "údár dár gcuid féin" sin. Creimeadh cultúir atá i gceist, seachas cothú. Séantar údair nach den 'fhuilghrúpa' ceart iad.
Deifríonn polaiteoirí chun tosaigh lena gcuid dintiúirí intleachtúla a dheimhniú os comhair an phobail. Cuireann ceannasaí polaitiúil na Seirbeach i mBoisnia, Radovan Karadzic, síos air féin mar "scríbhneoir".
Is é an peann cosaint Karadzic ar uafás a iompair pholaitiúil féin : 'Ná bac leis na coirp. Is duine culteurtha mé. Scríobhaim leabhair.'
Agus reifreann eile ar Nice ag tarraingt orainn, níor mhiste machnamh a dhéanamh ar théacsanna éagsúla Ugresic. Is ag snámh in éadan an easa atá an scríbhneoir, dar léi. Finné atá inti cé nach bhfuil an chumhacht aici le cúrsaí na tíre a athrú.
Aithníonn sí chomh héagumasach is atá an focal scríofa in éadan tancanna agus eitleáin cogaidh. Mar sin féin, ní chliseann sí. Leanann sí de bheith ag scríobhadh. Is é an neamhspleáchas sin - murab ionann agus an neodracht - an cuspóir atá ag scríbhneoir aonair.
Ní neodrach atá sí i bhfianaise an uafáis. Cáineann sí; gníomhaíonn sí oiread agus a thig léi. Seasann sí ceart an leabhair, ceart an fhocail scríofa, dínit an léinn, in éadan airm agus áir: "We are left, then, with a 'box of lead letters' as Krleza suggests with a bitter smile ... 'that isn't much but it's all that man has so far thought up in defence of human dignity'."
Rithfeadh sé leat gur samhail í sin fosta do ról an Stáit bhig - dálta na hÉireann - i gcúrsaí na hEorpa. Ní gá gur le dream ar bith é an stát beag ach is gá go mbeadh sé páirteach gníomhach in imeachtaí na mór-roinne. Ní ceadmhach tost i láthair an uafáis. Ba cheart labhairt amach agus, más féidir, gníomhú ina éadan. Tá luach ar an cheistiú féin, ar an diúltú glacadh le miotais, le cultúr na mbréag.
Oiread chéanna le hUgresic, is Stát aonair é seo. Níl cumhacht mhór againn. Ach ní hionann sin agus a rá nach dtabharfaí aird ar a mbeadh le rá againn ach na ceisteanna ciotacha cearta a chur.