User Menu

Carnabhal Conamarach le fáil san úrscéal Cré na Cille

“It is very hard to live with silence. The real silence is death and this is terrible…” – Edmond Jabès, The Book of Margins

Máirtín Ó Cadhain

Is é Máirtín Ó Cadhain an scríbhneoir Gaeilge is fearr a bhí riamh ann. Faoi dheireadh, tá sé ar tí a bheith áirithe ar na scríbhneoirí Éireannacha is fearr riamh i gceachtar den dá theanga.

Nach ait! Cé go bhfuil an Cadhnach ar comhchéim le Joyce nó Beckett i leith na scríbhneoireachta de, is beag duine a chuala trácht air go fóill, fiú ina thír dhúchais féin.

Ach tá saothar mór Uí Chadhain, Cré na Cille, anois aistrithe go Béarla go paiteanta ag scríbhneoir thar a bheith cumasach eile, Alan Titley, The Dirty Dust (Yale University Press).

Rugadh an Cadhnach ar an gCnocán Glas, an Spidéal, Co na Gaillimhe, sa bhliain 1906. Feirmeoirí beaga ab ea a thuismitheoirí, oibrithe a tháinig i dtír, ar éigean, ar gheadán beag talún carraigeach. Bhí sé gníomhach sa ghluaiseacht Phoblachtach agus feachtais éagsúla ar son mhuintir na Gaeltachta. Gabhadh é agus rinne imtheorannú air i mblianta na hÉigeandála i gCampa an Churraigh.

Ar mhaithe lena mhuintir féin, pobal na Gaeltachta, na daoine a raibh gean faoi leith aige dóibh i gcónaí a scríobh Máirtín an t-úrscéal cáiliúil céanna, scéal a thug cur síos cuimsitheach réalaíoch ar shaol na cosmhuintire dar díobh é agus stíl a raibh tús áite tugtha don chomhrá agus don chabaireacht.

Dála an lae inniu, ba bheag é líon na ndaoine a bhí in ann an Ghaeilge a léamh ag an tréimhse sin ach maítear go raibh muintir Chonamara ar bís is iad ag fanacht leis an gcéad mhír eile, iad tógtha leis an scéal toisc cur síos macánta déanta ag duine díobh féin den chéad uair riamh, in ionad na múnlaí rómánsacha idéalacha a thairg scríbhneoirí on taobh amuigh orthu thar na blianta.

Suite i reilig atá The Dirty Dust, i measc na gcorpán. Níl na mairbh “marbh”, más féidir sin a rá, áfach.

A mhalairt atá fíor, i ndáiríre. Anois, agus iad faoin gcré, tá mairbh na reilige seo níos bríomhaire ná mar bhíodar riamh ar an saol seo.

Go deimhin, ní rabhadar riamh chomh béalscaoilteach ná chomh maslach riamh; ná ní rabhadar leath chomh greannmhar ná tugtha don dea-chaint agus atá siad anois ach an oiread.

Dorchadas

Anois ó tá siad i bhfolach sa dorchadas, tá deis acu a gcuid smaointe agus a gcuid tuairimí i leith a chéile a rá amach den chéad uair, na nithe gránna a dúradh cheana go rúnda.

Tá saoirse nua bronnta orthu anois, saoirse a ceileadh orthu nuair a bhíodar ar an saol seo.

Ag tús an scéil, tá Caitríona Pháidín a fuair bás go gairid roimhe sin, ar deargbhuile; tuigeann sí go bhfuil a mac tar éis i a chur san áit inar cuireadh formhór na cosmhuintire, an chuid sin den reilig a dtugtar Áit an Phúint uirthi seachas an Cúig Scilling Déag mar a bhí súil aici leis.

Níos measa fós, tá a seanchéile comhraic ón saol os cionn na talún, Nóra Sheáinín, curtha i bhfoisceacht cúpla slat di san áit chéanna.

Sula i bhfad tá na seanfhaltanais agus na sean-argóintí fíochmhara a bhí seasta síoraí acu agus iad os cionn cré tosaithe in athuair.

Léargas réalaíoch ar a phobal féin agus ar an muintir dar díobh é a thugann an Cadhnach dúinn in Cré na Cille, pobal mionlaigh a bhí anois ar bhóthar a ndíothaithe laistigh d’achar gearr blianta de dheasca luas aisteach millteach an nua-aoiseachais, slad uafásach na himirce agus athruithe eile a lean an réabhlóid thionsclaíoch.

Tá fuinneamh buile sa stíl a chleacht an Cadhnach agus éiríonn thar barr le Titley carnabhal na gcarachtar a léiriú dúinn.

Tá luas damanta faoin úrscéal. Bhainfeadh sé an cloigeann díot: “She didn’t stay there long though, she soon shagged off home . . .She’ll never come back to Ireland again. She’s finished with us. But you’d never know what kind of a fit would hit her when this war is over, if it suited her. She’d steal the honey from a bee’s hive, she is so smarmy and sweet. She’s gutsy and spirited enough to do it … Patrick was the real eejit that he didn’t listen to her, and didn’t marry the ugly bitch’s daughter. “I wouldn’t marry Meg if she had all of Ireland … ”

Dan grá atá sa leabhar seo, grá Uí Chadhain dá mhuintir féin agus dá dteanga chraicneach shaibhir ársa. Ní faoi na mairbh é seo in aon chor. Iomann grámhar dóibh siúd a bhí beo ag an am é.