Capall ard an oideachais

Tá córas maith oideachais againn; ba cheart dúinn é a cheiliúradh

Is beag rud is mó a thugann pléisiúr do dhuine ná a bheith ar a chapall ard. Ní hé atá i gceist agam a bheith ag scuabadh leat sa diallait agus na cosa a bheith thíos fút, ná tú ag fiach an tsionnaigh ina leaba rua.

Is é atáim á mhaíomh ná an ceart a bheith agat fadó riamh nuair a bhí amaidí na huaire á shlogadh ag cách. Is teolaí an rud é an ceart a bheith agat anois is arís, agus sin a fhógairt le glamgháire.

Cá bhfágfá na saineolaithe nuair a bhí an freagra soiléir suas id phus os do chomhair amach?

Bhí cuid againn tinn tuirseach den phíopaireacht a bhí ar bun nuair a fógraíodh torthaí PISA thiar chomh fada ar ais le 2010. Ar eagla na míthuisceana, níl aon bhaint ag PISA le Pizza, ná leis an gcathair úd san Iodáil a bhfuil an túr ag titim ann. (“Looka, ‘tis, crooka,” mar adúirt an turasóir).

READ MORE

Is é atá ann an Programme for International Student Assessment, córas slíoctha síodúil idirnáisiúnta a shocraíonn go garbh cé acu tír a bhuann Corn an Domhain san oideachas de réir miosúr atá chomh rúndiamhrach le FIFA féin. Agus ó th’anam an diabhail, bhíomar titithe siar go mór i rás Oilimpeach na scolaíochta domhanda seachas mar a bhí cúpla bliain roimhe sin.

De dhroim oíche b’amadáin agus ba bhreallsúin agus b’óinseacha agus ba dhúradáin ár n-aos óg. B’iad a bhí tugtha don leisce agus don leiciméireacht agus don leaidíocht, agus cá bhfios, do na drugaí agus do na boscraí chomh maith céanna.

Bhí oiread san tír eile tar éis preab a thabhairt tharainn sa léig idirnáisiúnta seo atá chomh tábhachtach don eacnamaíocht – agus don eacnamaíocht – agus don eacnamaíocht. Má bhíomar saibhir tráth, is léir go rabhamar le bheith bás bocht arís mura ndéanfaimis ár leasracha a chrioslú go beo.

Is dá réir sin a tháinig scaoll agus líonrith ar an Aire Oideachais agus Scileanna agus Saill a Shlaiseadh, ionas gur ordaigh sé straitéis (mar cad eile a dhéanfadh duine a ordú seachas straitéis?) chun déileáil, go háirithe, leis an ngéarchéim litearthachta.

Is dá réir, arís, a chuir An Chomhairle Mhúinteoireachta deireadh le léitheoireacht leabhar liteartha sna coláistí oiliúna móra, agus gur tanaíodh pé rud is litríocht ann sna cúrsaí meánscoileanna. Ar chúis éigin, ceapadh dá gcuirfí teicnící teicneacha teicniúla agus modhanna modartha miosúrúla in áit an bhunriachtanais – id est, go mbeadh ar dhaltaí rud éigin a léamh – go leigheasfaí an scéal.

Níor thúisce an scrios déanta, ná gur tháinig lucht PISA arís chugainn ar a gcarbaid órga in eireaball na bliana seo caite. Agus euríocá!

Agus, ná habair é, ní féidir, ní chreidim focal de, ach bhíomar tar éis léim na seacht mbruach a thabhairt agus sinn arís i Roinn I den léig idirnáisiúnta, go háirithe sa litearthacht! Go hobann, go grod fiú, bhíomar ar aon dul leis an bhFionlainn arb iad an marc agus an caighdeán foirfe iad dar le daoine nach dtuigeann faic faoin dtír sin.

Sa chás seo, nóta pearsanta. Tá garmhic agam i gcóras scolaíochta na Fionlainne. Bhíos isteach is amach sna scoileanna acu. An bhfuil aon difríocht mhór idir a ndéanann an múinteoir ansin, agus an múinteoir anseo? Níl.

An mbíonn ar a gcuid páistí siúd scríobh isteach i leabhair saothair mar a bhíonn orainne? Ó bíonn. An mbíonn orthu leabhair a léamh agus pinn a chur le pár? Gach uile lá! An bhfuil draíocht faoi leith i bhfeoil an réinfhia a chuireann luas le cillíní na hinchinne? Níl.

Scéal agam daoibh, nó don Aire. Níl aon rud míorúilteach mistéireach ag baint le córas oideachais na Fionlainne.

Pé feabhas atá ar chóras oideachais na tíre sin baineann sé leis an bpobal féin, fara ardchaighdeán na múinteoireachta agus díocas chun cothromaíochta. Gan amhras, mar bhall de Pháirtí an Luch Oibre Meánaicmí ba bheag í tuiscint an Aire ar a leithéid sin.

Sin é an fáth, b’fhéidir, go slogann sé tuarascálacha hólas bólas. Is ionann tuarascáil a shlogadh agus gan aon mhachnamh a dhéanamh tú féin. Is ionann tuarascáil a shlogadh agus sin deireadh an scéil. Is ionann tuarascáil agus an tomhas coitianta is lú. Tá an t-oideachas tiubh le tuarascálacha ach tá gann ar ghaois.

Is é bun agus lár an scéil ná gurb ionann a bheag nó a mhór gach córas oideachais in iarthar an domhain ramhair. Is iad luachanna an phobail a shocraíonn caighdeán an oideachais, agus ní a mhalairt timpeall.

Ach bhí sé go maith a bheith ceart. Ní rabhamar go maith in 2006, go hainnis in 2010, agus go hiontach arís in 2013. Duine ar bith a cheap é sin, ba cheart dó dul ar ais ar scoil.