Canbhás Chathail

Ealaíontóir Dhoire ag amharc ar Dhún Chaoin


Tá Cathal Póirtéir díreach fillte abhaile ó oíche filíochta le IMRAM, ócáid a thug údar misnigh dó faoina raibh i ndán do litríocht na Gaeilge.

Tabharfaidh sé aghaidh ar an mbóthar fada go Corca Dhuibhne go moch maidin amárach.

Is minic sa cheantar sin an craoltóir agus an t-údar aitheanta a bhfuil tigh saoire i nDún Chaoin aige.

Ach beidh lastas luachmhar á iompar ó dheas sa charr aige an turas seo – cuid de na pictiúir a bheidh le feiscint ina chéad taispeántas ealaíne aonair.

READ MORE

D’fhág an Póirtéireach RTÉ ag deireadh 2012 chun níos mó ama a chaitheamh leis an bpéintéireacht agus seo anois bláthú na saoirse aige – “Ón gCumar go dtí’n gClasach”, taispeántas de os cionn 20 pictiúr de thírdhreach an cheantair is ansa leis in Éirinn.

Bhí suim riamh aige san ealaín agus bhíodh sé ag péintéireacht ina óige, ach thosaigh sé ag cur scuab le canbhás arís timpeall ocht mbliana ó shin.

Ansin, an samhradh seo caite, fuair sé cuireadh a chéad taispeántas ealaíne aonair a chur ar bun in Ionad an Bhlascaoid Mhóir i nDún Chaoin:

“Bhuail mé le Mícheál de Mordha san ionad agus mar a bhíonn na laethanta seo bhí pictiúirí de mo phictiúirí ar an nguthán póca agam agus cheap sé go mbeadh siad an-oiriúnach do thaispeántas mar gur bhain siad leis an taobh sin tíre.”

Ba é an t-ealaíontóir Duibhneach Liam Ó Néill a chéadmhol do Phóirtéir tabhairt faoi thaispeántas aonair le go mbeadh sprioc cinnte aige a cheadódh dó rud éigin eile a thriail nuair a bheadh sé bainte amach aige.

Ní raibh aon drogall ar Phóirtéir riamh “rud éigin eile” a thriail. Tá aithne fhorleathan ar fhear Dhoire mar chraoltóir raidió agus mar ghuth sainiúil dúchasach i gcraoltóireacht na hÉireann a bhfuil éagsúlacht agus tathag ina shaothar.

Bhain a mhórshaothar taighde ar bhéaloideas an Ghorta Mhóir, agus an tsraith raidió agus na leabhair a lean, aitheantas ar leith amach dó.

Tá, dar leis, duáilcí agus suáilcí ag baint leis na hathruithe móra atá tagtha ar shaol na craoltóireachta le deich mbliana anuas. Ach tá súil aige go mbeidh slí ann i gcónaí do mhacasamhail na gcláracha a thuill meas an phobail dó féin:

"Níl a fhios agam ach tá tuairim agam go mbeidh daoine ag lorg séala nó stampa an údaráis agus go bhfuil deis ag craoltóirí poiblí spás a chruthú do dhaoine a bhfuil a ndóthain truflaise agus baotheolais cloiste acu agus atá ag iarraidh tiontú ar fhoinse iontaofa, mar a déarfadh an t-iriseoir."

Ag caint an iomarca
Tá sé buartha, áfach, gur ag caint an iomarca eatarthu féin ar na meáin shóisialta a bhíonn an t-aos óg:

“Bíonn siad ag éisteacht lena n-aoisghrúpa féin an iomarca agus ní dóigh liom go bhfuil siad ag éisteacht an méid céanna le daoine atá níos críonna, sa dá chiall den fhocal sin!

“Tá an dream óg “plugáilte isteach” go dtí glúin s’acu féin agus tuairimí s’acu féin agus b’fhéidir gur chuma leo faoin saghas údaráis go bhfuilimse ag caint air.

“Nuair a bhíomar óg cheapamar freisin go raibh dóthain eolais againn, ach ní raibh aon rogha againne ach éisteacht le tuismitheoirí agus múinteoirí scoile! Ní dóigh liom go mbíonn a fhios agat go dtí pointe áirithe i do shaol go dteastaíonn eolas breise uait faoi conas mar a oibríonn an pobal ina maireann tú.”

Bíodh sé mar chraoltóir, mar staraí, mar údar nó mar ealaíontóir, bíonn éileamh i cónaí ag Póirtéir féin ar an “eolas breise” sin.

I measc na saothar leis a bheidh le feiscint i gCiarraí, tá pictiúr de Thigh na Cille i nDún Chaoin.

Is sa tigh seo, atá ina fhothrach anois, a d'aistrigh an Monsignor Pádraig de Brún saothair ar nós Divine Comedy Danté agus Odyssey Homer go Gaeilge agus chaith an file Máire Mhac an tSaoi, neacht an Mhonsignor, tréimhsí fada ann chomh maith.

Arsa Póirtéir: “Tá dúil áirithe agam i seanfhoirginimh mar go gceapaim go bhfuil an teach atá ag titim as a chéile níos spéisiúla ná an teach atá slán, folláin. Nuair a fhéachaim ar an teach áirithe sin, smaoiním ar na leabhair a d’aistrigh Pádraig de Brún ann agus an modh oibre iontach a bhí aige.

“Bhíodh sé ag aistriú leis i rith an lae agus san oíche bhuaileadh a chuid cairde ón dúthaigh isteach agus phléfidis an obair agus dá mbeadh dul cainte níos deise acu chuirfeadh sé isteach é. Tá scéal le hinsint ag an dteach sin agus sin an chúis gur chuir mé dúil ann.”

Ba mhaith leis a shamhlú go mbeadh a leagan féin de scéal Thigh na Cille á insint i dtigh strainséara éigin amach anseo: “Ná ceapadh éinne nach maith liom é nuair a cheannaíonn mo chairde pictiúr liom ach tugann sé pléisiúr ar leith dom nuair a cheannaíonn strainséir ceann.

“Is iontach an rud go n-íocfadh strainséir cíbe cúpla céad euro mar go bhfuil rud éigin sa phictiúr a théann chomh mór sin i bhfeidhm orthu gur mhaith leo breathnú gach lá air agus é crochta sa mbaile acu.

"Is dócha gur sin ceann de na fáthanna go mbím ag péintéireacht."

Osclóidh Liam Ó Néill "Ón gCumar go dtí'n gClasach" le Cathal Póirtéir an Satharn beag seo, an 24ú Bealtaine, in Ionad an Bhlascaoid Mhóir i nDún Chaoin ag 7 pm.