Caint, droch-chaint agus cluichí

Ní inniu ná inné a thosaigh na maslaí


Tá an oiread sin ráite agus scríofa le seachtain faoi mhí-iompar ar an bpáirc imeartha, go háirithe cuid den stuif a deirtear le himreoirí le linn cluiche.

Chuir sé i gcuimhne dom an méid rudaí, idir bharrúil agus uafásach, atá cloisthe agam féin ag cluichí. Tá comhráití cloisthe agam, rudaí nach dtarlódh in aon áit eile ar domhan ach in Éirinn.

Mar shampla, d’fhreastail mé ar dhá chluiche craoibhe peile na gclub ar na mallaibh. Ag ceann acu, bhí beirt bhan suite taobh thiar díom. D’fhreastail duine acu ar shochraid an mhaidin sin agus bhí sí ag déanamh cur síos ar imeachtaí na maidine. Cé a bhí ann, agus ní ba thábhachtaí, cé nach raibh ann? D’fhiafraigh an bhean eile di ansin: “Ar bhreathnaigh sé go maith?” “Nach raibh an créatúr caillte?” an freagra a fuair sí. “Á sea, ach ar bhreathnaigh sé níos fearr beo nó marbh?” “Ó, bhí drochbhail ar an gcréatúr le scaitheamh ach bhreathnaigh sé iontach inniu.”

Ansin stop an comhrá mar bhí an liathróid curtha amú agus bhí uirthi béic a scaoileadh, ag cur comhairle ar an lántosach gan a chúl a iompú ar an... Bhuel, ní fhoilseoidh mé an focal a thug sí ar a chéile comhraic, ná ar an bhfear a raibh sí ag tacú leis ach oiread.

READ MORE

Bhí gach uile chosúlacht uirthi gur bean lách, séimh a bhí inti. Sin go dtí gur thosaigh imeachtaí ar an bpáirc ag dul ina haghaidh.

Agus tá sé sin bog i gcomparáid le rudaí eile atá cloisthe agam. Ar an bpáirc, tarlaíonn sé chomh maith. Nuair nach bhfuil idir foirne ach orlach, déanfar gach iarracht an t-orlach sin a dhúnadh.

Nuair atá an cluiche á imirt, tá an traenáil déanta, na taicticí leagtha amach, níl fágtha ach focail agus triail cur as d’imreoir in iarracht chun an lámh in uachtar a aimsiú. Chuala mé ceann maith eile le déanaí. Lean imreoir idirchontae cailín imreora chontae eile ar Twitter.

D’aithin sí é agus lean sí ar ais é. Nuair a fuair a fear amach, dúirt sé léi stopadh é a leanacht mar nach raibh uaidh ach a bheith á shaighdeadh le cibé eolas pearsanta a bheadh sé ag fáil óna cuntas.

Le linn catha, deirtear rudaí nach ndéarfaí go brách in aon áit eile sa saol. Shílfeá, leis an méid atá ráite le seachtain, gur rud nua é seo. Tá sé ag tarlú le blianta, ón leibhéal is ísle agus is óige suas go dtí an leibhéal is iomráití sa tír.

Bíonn muid ag gáire anois faoi, ach le linn cluiche faoi 12 fadó an lá ó shin, cuireadh mo dheartháir agus a chara den pháirc. Chuir an réiteoir an ruaig ar mo dheartháir de bharr calaoise, agus ansin, mar gur ith a leathbhádóir an réiteoir, agus imreoir ar an bhfoireann eile, le béal a scanródh mairnéalach, cuireadh é féin den pháirc chomh maith.

Diabhal dochar ar bhealach, mar mhúin sé ceacht dóibh. An fhadhb atá anois ann ná go bhfuil an méid a deirtear, agus nádúr na bhfocal, ag dul in olcas.

Thug mé suntas dó roinnt blianta ó shin. Bhí mé ag cluiche ina raibh Gaillimh ag imirt in aghaidh Thír Eoghain, agus bhí Brian Dooher ag cur drochbhail ar Ghaillimh. Thosaigh bean ag síonaíl ábhar seicteach ina threo. Chuir sé alltacht ar na daoine a bhí thar timpeall uirthi agus dúradh léi stopadh nó imeacht. Níl a fhios agam an dtabharfaí an suntas céanna di inniu.

Ar an bpáirc, tá imreoirí ag iarraidh an t-orlach sin a dhúnadh agus níl aon rud róghránna níos mó. Gáirsiúlacht faoi mhuintir agus mná na n-imreoirí, ciníochas, ag caitheamh spallaí faoi chúrsaí airgid, go háirithe má tá duine buailte go dona, meabhairghalar, féinmharú fiú.

Níl aon rún sa saol seo níos mó agus níl aon ghanntanas cainte ar dhaoine. Ní athróidh sé ach oiread go dtí go gcuirfear tuilleadh smachta ar imreoirí.

Beidh sé deacair mar ní chloiseann an réiteoir é agus, go minic, ní bhíonn a fhios aige gur tharla sé go dtí go mbíonn na foirne ar ais sna seomraí feistis agus tugtar cuntas do bhainisteoirí.

B’fhéidir go mbeadh sé seo conspóideach mar bharúil ach creidim nach bhfuil aon deifir mhór ar bhainisteoirí brú a chur ar an CLG teacht ar fhreagra éigin. Sa lá atá inniu ann, tá foirne ag feidhmiú mar aonad foirfe, traenáilte, an corp go hiomlán faoi smacht. Níl aon laigeacht fanta anois ach an spalladh agus an tionchar atá in ann a bheith aige ar an inchinn agus ar an imirt.

Níl ann ach orlach agus bheadh faitíos ann go gcaillfí an t-orlach sin.

Is iriseoir le Nuacht RTÉ/TG4 í Máire Treasa Ní Cheallaigh