Cad as don chiníochas?

Seirbhís mhíleata an doras trínar scaoileadh an ciníochas isteach


Is cuimhin liom féin an fógra go neamhbhalbh: “No blacks, no Irish, no dogs.” Bhí daoine eile ag rá gur cumadóireacht a bhí ann, ach níorbh ea.

Mé féin agus cara liom a thriail bheith istigh na hoíche i Londain Shasana. Beirt ógánach a raibh an Ard-Teistiméireacht déanta acu agus súil acu le hobair in áit éigin. “Rooms vacant” adúirt an fógra agus chreideamar é.

Nuair a nocht an bhean sa doras bhí straois agus aoibh an gháire uirthi. Nuair a d’osclaíomar ár mbéal d’imigh leá chúr na habhann ar an straois chéanna, agus sciomaraigh go slim uainn mar a shlaodfadh an smuga ón tsluasaid.

Ba shia linn ná ár saol an freagra. Seomra le fáil ní raibh ná suíochán, ná tolg ná tuí. Bhí a fhios againn go raibh seomraí deasa teolaí aici, agus bhí a fhios gur tugadh an t-eiteachas dúinn toisc gur Ghaeil bhochta na gráinghránna sinn.

READ MORE

B’í sin an chéad teagmháil a bhí riamh agam le ciníochas. Níor rud mór é mar thug bean Indiach síos an bóthar isteach sinn. Ach b’ait liom riamh conas mar a tharla ciníochas de shaghas ar bith a bheith ann inár measc féin.

Ba mhinic mé ag tochas mo chinn ag iarraidh fadhbanna matamaitice a réiteach, ach dá mhéid an poll a dheineas im chloigeann ag iarraidh an chiníochais a thuiscint caithfidh mé a rá gur chuaigh ó réiteach orm.

Níos áirithe ná sin is amhlaidh a chuaigh díom toisc go raibh Gaeil bhochta na himirce ina dtráillí ag an gciníochas céanna pé áit ar ghabh siad.

Bhí an tuairim shaonta ait seo agam féin má caitheadh go dona leat toisc gur bhain tú le cine áirithe, gur dócha nár cheart duit an droch-chomhar céanna a dhíol le ciníocha eile toisc gurb iad siúd iad féin.

Ach féach, nach raibh breall orm arís!

Nuair a nocht an ciníochas gránna abhus agus inimircigh bhochta ar a dteicheadh go Grose Ile agus go Ellis Island na hÉireann b’éigean dom a thuilleadh tochais a dhéanamh.

Sa taighdeadh doimhin sin fúm im intinn taibhsíodh dom nach foláir nó gur tháinig an ciníochas seo isteach chugainn trí na hamhais bhochta a chaith tamall i gcabhlach na Breataine. Níorbh eol dom conas eile a thiocfadh.

Conas ab fhéidir le muintir na hÉireann a bheith ciníoch munar fhoghlaim siad é ó dhaoine a mhúin gach eile dóibh?

Sa chás seo ní raibh dul amú orm. Is de shuimiúlacht mhór gur ó chlogadáin a chaith seal rófhada sa chabhlach ríogúil a chéadghob an bhinb a bhfuilimid anois ina taithí.

File tuaithe ba ea Tomás Ó Muirithe ó áit éigin i dTiobraid Árann a bhí ar an gcéad ghlúin a ghlac scilling an rí Shasanaigh mar mhalairt ar airgead na Fraince nó ar fhíon na Spáinne.

Chuaigh isteach i loingeas na Breataine agus throid in aghaidh na ndaor a bhí ag iarraidh iad féin a fhuascailt ón sclábhaíocht sa Mhuir Cairb sna 1790í.

Is cuma nó masla dhúinn go bhféadfadh línte mar seo a scríobh nuair a deir sé mar gheall ar an gceantar: “Mar a mbíodh na ni***rs gan snáithe den éadach-/Is mo chroí nach dtéifeadh le haon duine den dath.”

Dá mb’fhéidir le hAmhlaoibh Ó Súilleabháin a rá gur ghean leis cine Gael pé acu “dubh nó bán” iad dornán de bhlianta ina dhiaidh sin ar chlos dó go raibh Gaeilge á labhairt ag na daoine gorma in Montserrat, cad as a dtáinig ciníochas Uí Mhuirithe?

Níl aon amhras ag eagarthóir an dáin, Dáithí Ó hÓgáin, gur “dearcadh an tsaighdiúra Bhreatainigh ar an gcine faoi chois” a bhí aige.

Timpeall an ama chéanna chum Séamas Mór Ó Muineacháin ó Mhúscraí dán a chuir sé i mbéala chomharsan leis “do chuaidh in arm Shasana”.

Cuntas scanrúil é ar an saghas saoil a bhí ag daoine mar é. Cé go ndeir sé “gur ag diúgadh na gcárt” a bhí nuair a liostáil sé, ní fhágann sin nach sealbhaíonn sé an nimh chiníoch ó na galldúdaí timpeall air: “Ceol drumaí lem shála, piano is French-horn/Mo ghunna im lámha is mé ag lámhach na bhfear ndubh.”

Ba dhonndeimhin le Ó Muineacháin cad d’imigh ar mheon na muintire a chuaigh in arm na hImpireachta.

Sna blianta beaga seo romhainn amach nuair a bheidh gach saghas clabaireachta ar bun timpeall ar pháirt na nÉireannach i gcogaí na Breataine, b’fhiú dúinn smaoineamh ar cad eile a thug siad abhaile leo seachas iad féin.

Ní hé gur tholg gach duine an galar, ach níl aon amhras ormsa ná gurb í an tseirbhís mhíleata thar lear ag cur béasa ar íochtaráin an doras trínar scaoileadh an ciníochas isteach.

Is cinnte nárbh iad na misinéirí a thug seirbhís eile ar fad ba chiontach.