Cúrsaí cliath agus ag déanamh ár slí

Easpa misnigh a chuireann amú sinn agus a fhágann na cliatha gan léim


Caithfidh go raibh mearbhall ar na turasóirí an deireadh seachtaine seo caite ar Shráid Uí Chonaill, agus an mhuir bhán agus gorm ag tarraingt ar Pháirc an Chrócaigh. Na sráideanna dubh le daoine – bánaithe agus gormaithe ag bratacha agus geansaithe. Cill Dara agus Baile Átha Cliath in iomaíocht.

Éinne de na turasóirí a lorgódh ainmneacha na bhfoirne ar na geansaithe, b’fhéidir go mbeadh mearbhall breise i ndán, go mórmhór i gcás na foirne goirme.

Áth Cliath a bhíonn greanta ar chúl, ainm atá éagsúil go maith ó Dublin, mar is fearr aithne ar an áit.

Foireann amháin, ach dhá ainm, agus a scéal féin ag an dá cheann acu. Is tagairt é ceann amháin don áit sa Life ina sníonn an Abhainn Shalach nó an Póitéal (Poddle) isteach. Sa suíomh seo a tógadh Dubh Linn nó Dublin.

READ MORE

Idir an dá linn, áitreabh iomlán difriúil cois Life a bhí i gceist le Baile Átha Cliath, agus é cóngarach go leor leis an áit ina bhfuil Droichead an Athar Matthew inniu.

Maidir le bunús an logainm, bíonn na codanna, ‘Baile’ agus ‘Áth’ le feiceáil ar chomharthaí bóthair ar fud na tíre, Baile Uí Bhróithe, agus Droichead Átha mar shampla. Ach ní bhíonn ‘Cliath’ le feiceáil chomh minic sin.

Cliath – tagairt atá ann don slaitín crainn nó craobhóg a leagtaí síos ar leaba na habhann anallód chun slí trasna nó droichead a sholáthar.

Roghnófaí an áit ina raibh an t-uisce ag an leibhéal is ísle – an t-áth – agus chuirtí na cliatha ina luí san áit sin. Baile Átha Cliath a tugadh ar an mbaile cois Life a tógadh in aice an droichid.

Tá go leor samplaí den chliath mar ábhar tógála mórthimpeall na tíre. Cré agus cliath a roghnaigh Yeats é féin in Inisfree chun an bothán tí a thógáil – "of clay and wattles made".

Sa lá atá inniu ann, ar ndóigh, is mar chlaí cosanta ina sheasamh sa ghairdín a úsáidtear an chliath, gléas a oireann go maith chun teorainn deas éadrom a sholáthar. Agus crochtar frámaí cléithe ar na ballaí agus bláthanna fite fuaite iontu.

Ní mar áis tógála nó tacaíochta a úsáidtear an chliath i gcónaí, áfach. Sa lúthchleasaíocht, a mhalairt ghlan d’úsáid a bhíonn i gceist.

An rás sin romhainn

Bac nó constaic atá ann, mar a bhíodh le léim ag Derval O’Rourke sa chliathrás 100m nuair a bhíodh sí in iomaíocht.

As miotal don chuid is mó a dhéantar an chliath don lúthchleasaíocht. Cliath throm dhaingean a d’úsáidtí ar dtús, agus ba ghá don reathaí léim ghlan a thabhairt ar mhaithe le gortú a sheachaint.

Athraíodh é go cliath éadrom so-leagtha ó shin, rud a fhágann nach gá don léim a bheith chomh foirfe nó chomh cruinn.

Is é an rud is tábhachtaí ná go dtéann an reathaí thairis chomh tapaidh agus is féidir – fiú má leagtar an chliath.

Ag seasamh siar beagáinín, dhealródh gur idirdhealú den tsórt chéanna a bhíonn le déanamh idir na baic a thagann os comhair aon duine i ráschúrsa an tsaoil. Nó cliath-ráschúrsa ba chirt a rá is dócha.

Bíonn roinnt bac ann atá chomh docht daingean go mbíonn siad do-sháraithe, agus bíonn ar an duine glacadh leo agus géilleadh.

Bíonn cuid eile acu in-sáraithe, ach amháin go gcuireann siad stró mór ar an duine – agus bíonn léim ard ag teastáil.

Ach bíonn cuid eile fós, a chuireann bac orainn nuair nach gá in aon chor. Easpa misnigh nó easpa eolais a chuireann amú sinn agus a fhágann na cliatha den tsórt seo gan léim.

Bíonn an cuma do-sháraithe orthu, ach i ndáiríre, bheadh sé d’acmhainn againn tabhairt fúthu agus iad a shárú. Ar aon dul leis an gcliathrás, ní bhíonn siad chomh docht nó chomh daingnithe sin.

Sa chás sin, ní mar a shíltear a bhítear. B’fhearr tabhairt fúthu mar is í an ghluaiseacht an rud is tábhachtaí – iarracht éigin a thabhairt, fiú mura bhfuil ann ach leathléim, chun na cosa a thabhairt slán, agus an bac a fhágáil inár ndiaidh. Ní léim fhoirfe a bheidh le feiceáil, ach ní hé sin an sprioc.

Meabhrú é gur fearr uaireanta, gan an iomarca a dhéanamh den dúshlán, gan míoltóg a dhéanamh as míol beag.

Bhí go leor cliath le sárú ag an dá fhoireann thuasluaite agus iad ag déanamh a slí go dtí seo. Agus beidh go leor sa tslí orthu araon sna seachtainí atá romhainn – bíodh sí ina slí dhíreach chun an chluiche leathcheannais nó trí na babhtaí cáilithe.

Ach mar a chonaiceamar thuas, baineann cúrsaí cliath linn ar fad, ar shlí amháin nó ar shlí eile.