Cé hé laoch na himeartha? Miiissseee!

Ní pian go pilleadh


Ní pian go pilleadh. Trí nó ceithre de bhlianta ó shin a d’imir mé mo chluiche deireanach liathróid láimhe. Seal fada.

Ní raibh rún agam éirí as. Níor cheart duit éirí as liathróid láimhe. Níl de dhíth ort ach comrádaí nó dhó le cluiche a imirt leat. Níl de dhíth ort ach am chun imeartha. Cad chuige nach n-imreofá liathróid láimhe? An cluiche is fearr ar domhan atá ann; cloigeann agus colainn ag obair le chéile agus tú ag éirí an lámh in uachtar a fháil ar do chéile comhraic.

Cúrsaí clainne agus oibre a thóg orm éirí as cluiche m’óige sa deireadh. Páistí scaipthe ar scoileanna éagsúla agus daidí mar thiománaí tacsaí acu uilig.

Easpa ama agus easpa fuinnimh a chloígh an cluiche. Má tá daidí ag bailiú A ag x p.m. agus B ag y p.m. agus C ag z p.m. cad é an seans go mbeidh daidí in ann liathróid láimhe a imirt ina dhiaidh sin uilig?

READ MORE

Ach mhair an chumha i ndiaidh an chluiche. Bhuailinn le cairde a bhí ag imirt go fóill; chluininn an seanchas. Is minic a chuir siad cuireadh agus cathú orm.

Ach ní thiocfadh liom glacadh leis an chuireadh. Cúraimí clainne agus cúraimí oibre.

Is fíor nár shéan mé m’oidhreacht ar fad. Ní bhfuair mé réidh leis na lámhainní ná na liathróidí. Níl a fhios agam cad chuige nach bhfuair.

Bhí deireadh ré ann, nach raibh? Bhí an rás sin rite. Mar sin féin, choinnigh mé trí liathróid úrnua ar an tseilf in aice leis na leabhair, iarsmaí beaga gorma geala.

Casann rotha mór an tsaoil.

Tá ceadúnas tiomána anois ag bean de na páistí. Níl feidhm le daidí an tiománaí tacsaí mar a bhí.

Agus, de thaisme, gan choinne, tagann cuireadh: “Ar mhaith leat cluiche?”

Ar mhaith liom cluiche? Ar mhaith liom cluiche? Ba mhaith.

Phill mé ar chúirteanna na cathrach, ar urlár adhmaid faoi scáil an tsléibhe, ar shéipéal an tsó. Tharraing mé na lámhainní as an mhála, thug na liathróidí nua liom agus chuir an geansaí orm féin arís – agus bhí cuma ar an gheansaí go raibh sé rud beag róbheag.

(I bhfad uainn uilig an mharóg mheánaosta. Sin an mana feasta!)

Is ansin a thosaigh an athbheochan, an óige as an úr. Chaith mé an liathróid le mo dheasóg agus níor thit an deasóg díom. Chaith mé an liathróid le mo chiotóg agus níor thit an chiotóg díom. “Beidh mé go breá,” a dúirt mé liom féin, “nach mbím ar an rothar agus sa ghiom gach lá beagnach? Nár imir mé an cluiche seo ar feadh na mblianta? Beidh mé go breá.”

Faraor, rinne mé dearmad a rá le mo chomrádaí é a thógáil go réidh. Ní thuigeann mo chomrádaí an nath ‘é a thógáil go réidh’. D’imir mo chomrádaí dhá chluiche ceannais uile-Éireann – ceann contae agus ceann club, ag leibhéal na sinsear. Ní bhaineann tú dhá chluiche ceannais uile-Éireann amach as ‘é a thógáil go réidh’.

Pian

Tosaíonn an cluiche agus ní fada go dtosaíonn an phian. Tá an chéad chúpla iarracht agam amscaí. Bhuel, cad chuige nach mbeadh?

Níl tabhairt ar bith agam; bheadh sé chomh maith agam an liathróid a bhronnadh ar mo chomhghleacaí.

Tá an liathróid ag sleamhnú tharam agus tá mise ag sleamhú thar an liathróid. Ní bhím san áit ar chóir don liathróid a bheith agus ní bhíonn an liathróid san áit a mbím.

Tá mo lámha ag bualadh an aeir. Shílfeá go raibh cath ar siúl agam in éadan cuileoige nach raibh le feiceáil.

Tá mo spága spadánta. Tá mé caoch. Tá mé i bponc.

Leanann an cluiche ar aghaidh agus éiríonn an phian níos measa.

Tá an anáil imithe; tá an croí cráite; tá gach aon alt agus matán le thine.

Tá mo bhosa bochta ata. Tá mo mhéara bochta chomh tiubh le hispíní búistéara faoin am seo.

Is deise dom an chill ná an chúirt. Tagann an cluiche chun críche.

Buíochas mór do Dhia!

Aimsím 16 pointe – as trí chluiche, as uair an chloig imeartha. Sin 16 pointe as 63. As 63! Déan tusa an mhata. Moltar mo mhisneach agus cáintear mo chiall.

Níor charn mé go leor pointí as trí chluiche le haon chluiche amháin a bhaint. Truacánta agus tubaisteach.

Ach is cuma liom.

Is róchuma liom.

Is cuma sa tsioc liom.

Tá mé i mo sheasamh go fóill. Tá mé beo go fóill. Thug mé mo cheann (agus mo chosa agus mo lámha) liom – más ar éigean é.

Croithim lámh le mo chomhghleacaí – tá mo bhosa bochta ata – agus socraíonn muid ar chluiche eile ar lá níos faide anonn:

“Thóg an fear seo shot

Agus an fear eile

Killshot

A mhair ina dhiaidh...”

Sé cinn déag as seasca a trí.

Go hainnis. Go dona. Go holc – agus go hiontach!

Cé hé laoch na himeartha?

Mmmiiiiisssseeeee!