“Cé hé sin amuigh a bhfuil faobhar ar a ghuth?”

Tá na vótóirí réidh le díoltas a baint amach


“Cé hé sin amuigh a bhfuil faobhar ar a ghuth/Ag réabadh mo dhoras dúnta?”

Bhuel, is ag vótóirí bochta na hÉireann atá a fhios nach é Éamonn a’ Chnoic, ábhar an amhráin, atá ann. Ar nós na bhfáinleog nach bhfacthas sa gcomharsanacht le fada, tagann na hiarrthóirí ag cnagadh ar na doirse agus iad ag súil le comhrá nó le seans do vóta a mhealladh.

Ní bheifeá in éad leo agus an fhearg a shílfeá a bheith ag fanacht taobh istigh de na doirse sin. Ón gcomhrá a bhí agam féin le roinnt acu, áfach, is minicí gur rud níos bagarthaí a bhíonn rompu – tost.

Ní bhacann an chuid is mó de na daoine sa gcathair leis an gcnag ar an doras a fhreagairt cé gur léir go mbíonn siad istigh. Daoine eile, tógann siad bileog agus dúntar an doras. Tá an pobal beag beann ar pholaiteoirí, lánstad.

READ MORE

Cá hiontas? Tá siad tar éis cur suas le bréag i ndiaidh bréige, le feall i ndiaidh fill, agus tá siad dubh dóite de. Mar a dúirt Abraham Lincoln: is deacair dallamullóg a chur ar an bpobal go léir an t-am go léir.

Mar a léiríonn gach pobalbhreith, an ceann sa nuachtán seo Dé Luain san áireamh, tá claonadh i dtreo Shinn Féin agus lucht neamhspleách. An ag a bpolasaithe siúd atá daoine meallta? Ní fheadar.

Taobh amuigh d’Fhine Gael tá daoine ag tabhairt droim láimhe le dhá pháirtí sheanbhunaithe, Fianna Fáil agus An Lucht Oibre. Nach aisteach (agus éagórach ar shlí) go bhfuil an fhearg ar fad dírithe ar an Lucht Oibre?

Ar ndóigh, ní olltoghchán é seo. Is féidir agóid a dhéanamh agus fearg a léiriú go sealadach. Is i dtorthaí na bhfothoghchán a chuirfear spéis níos mó. Baineann cuid amháin de thuirse intinne an vótóra leis an múnla traidisiúnta polaitíochta atá fágtha ag an stair againn. Polaitíocht ghlicín an bhaile. Baineann cuid eile leis an gcaidreamh míshláintiúil a bhíonn idir an Rialtas, na bancanna agus lucht forbartha.

Ach, thar aon rud eile, baineann sé leis an gcreideamh i measc polaiteoirí fós gur féidir an dubh a chur ina gheal ar dhaoine, aon gheallúint bhréagach a dhéanamh, aon scéal a chasadh agus go nglacfaidh an pobal leis.

Sna laethe a bhí, ní bhíodh an pobal chomh hoilte agus atá siad anois. Bhíodh smacht níos mó freisin ag rialtais ar bhainisteoireacht nuachta. Tá athrú mór ar an scéal anois. Tá oideachas maith anois ag an gcuid is mó dár muintir agus ní ar na meáin a bhíonn daoine ag brath dá gcuid tuairimí. Ní hí an bhréag ón bpolaiteoir an rud is measa leo ach an masla intleachta a thugtar leis.

Cuimhnigh ar an tseachtain chinniúnach sin i 2010 nuair a shéan an Taoiseach Cowen go raibh cainteanna ar siúl leis an Aontas Eorpach agus leis an IMF chun cabhair airgeadais a fháil. Tá sé beagnach dochreidte anois go bhféadfadh aon cheannaire seasamh suas agus an fhírinne a chur as a riocht gan scáth, gan náire. Chuir an tOllamh Patrick Honohan in agallamh RTÉ deireadh leis an raiméis cúpla lá ina dhiaidh sin. D’inis sé an fhírinne lom shearbh agus bhí daoine buíoch dó.

Is ar gheallúint chun deireadh a chur leis an gcineál seo pleidhcíochta a tháinig an comhrialtas seo isteach. Bhí an toghchán deireanach sin buaite acu dá bhfanfadh siad ina dtost mar bheadh seans níos fearr buachana ag Croiméil ná ag Fianna Fáil.

Thug siad beirt uathu mórán geallúintí – nach mbeadh cáin tithe, táillí uisce nó gearradh ar liúntais leanaí ann, le gan ach beagán a lua. Liosta le háireamh. Ach ní luaithe istigh iad ná gur tháinig cáin i ndiaidh cánach anuas ar an bpobal, cuid acu ar an liosta. Nuair a chuir Seán O’Rourke, RTÉ, crua ar an Aire Pat Rabbitte faoin fáth ar tugadh na geallúintí briste, ar seisean: “Isn’t that what you tend to do during an election?”

Faoi láthair, tá foireann chostasach chomhairleoirí ag gach Aireacht, comhairleoirí atá ag soláthar abairtí maithe le cur mar bhindealáin ar ghortaithe an phobail, abairtí ar nós “worst is over”, “we’ve exited the bailout”, “60,000 jobs”, “turn around” agus “signs of stabilization”.

An t-aon fhadhb amháin ná go bhfuil a fhios ag an bpobal nach bhfuil aon fheabhas ar chúrsaí dóibhsean.

A mhalairt, tugann gach seachtain uafás nua léi. Táillí uisce a ardófar, cánacha tithe, cáin charbóin, cáin ghluaisteán ardaithe, Muirear Sóisialta Uilíoch a ardófar, cártaí leighis gearrtha agus mórán eile. Liosta nua le háireamh.

Is í sin an chúis go mbeidh daor ar an Rialtas Dé hAoine.