Buille gan éifeacht den bhachall

Tá cead ag an Eaglais Chaitliceach treoir a thabhairt dá tréad ach an bhfuil an tréad ag éisteacht?

Cáineadh agus cath á mbagairt ag an Eaglais Chaitliceach ó dheas in aghaidh phlean an Rialtais i dtaca le ginmhilleadh. Ar an ábhar céanna, ós fánach an áit a bhfaighfeá gliomach, ó thuaidh táid ag moladh an DUP. Tá an cheist ag dó na geirbe ag feachtasóirí ar dhá thaobh na Teorann cé gur sa Deisceart is mó práinn. Tá roinnt daoine thar a bheith sásta le cur chuige na hEaglaise Caitlicí, tá alltacht ar dhaoine eile go mbeadh sé de dhánaíocht i ndream a rinne faillí go follasach i sábháilteacht pháistí a ladar a chur i ngnó an Stáit agus tá an-chuid ceisteanna ag daoine eile faoi chuspóir na cléire ag an tráth seo.

Fuair an Taoiseach Enda Kenny buille den bhachall ón gCairdinéal Brady ar an Satharn. D’fhógair an Eaglais Chaitliceach feachtas in éadan dhréachtreachtaíocht an Rialtais i leith Chosaint na Beatha le linn Toirchis ag rá go raibh sé doghlactha agus mímhorálta.

Thug an Taoiseach freagra neamheaglach ar an gcairdinéal agus na heaspaig ag meabhrú dóibh, in athuair a dúirt sé, go raibh a dhualgas faoin mBunreacht á chomhlíonadh aige.

An amhlaidh nár thuig an Eaglais Chaitliceach é sin? Nó an bhfuil sí beag beann ar dhualgas poiblí? Ní cheistíonn éinne ceart na hEaglaise treoir a thabhairt dá tréad. Go deimhin, sin é a dualgas cuma an dtugtar aird nó an chluas bhodhar don treoir sin. Ach ceart chun a ladar a chur i reachtaíocht? Ní ann dó. Níl ionad speisialta ag an Eaglais Chaitliceach i mBunreacht na hÉireann ó chuir an pobal an fhoráil sin ar ceal dhá scór bliain ó shin. Thairis sin, is é gnó an Rialtais freastal ar gach saoránach agus ní Caitliceach é gach duine.

READ MORE

Is léir on staidreamh go ndeachaigh na scórtha mílte de mhná na hÉireann thar lear chun ginmhilleadh a fháil le scór bliain.

Gan dabht ba Chaitlicigh, nó de bhunadh Caitliceach a bhformhór, iad, ina gcruachás, ag déanamh neamhaird de theagasc na hEaglaise. Arb é easpa muiníne na cléire ina gcumas chun a dhul i bhfeidhm ar a dtréad faoi ndear na hiarrachtaí chun smacht a bheith acu ar reachtaíocht? Ní chuirfidh an dlí iachall ar aon duine ginmhilleadh a bheith aici.


Cuspóir an fheachtais
Céard is brí leis an bhfeachtas seo mar sin? An stopfaidh sé ginmhilleadh amháin? An bhfuil aon seans go n-éireodh leis stop a chur leis an reachtaíocht? Nach gcuirfeadh sé sin deireadh leis an gcomhrialtas? An é sin an toradh a bheadh uathu?

Thug an cairdinéal le fios gur leor treoirlínte – seachas reachtaíocht – ach is léir nach gcreideann an rialtas ná cnáimhseoirí é sin. Sa Realpolitik níl an toradh sin insroiste gan briseadh an Rialtais. Munar bé sin cuspóir an fheachtais, céard le haghaidh é?

Ní réabhlóidí ná radacaí é Enda Kenny. Tá gnó le déanamh aige nach féidir a chur ar an méar fhada feasta. Tá faillí déanta sa gcúram le breis is scór bliain agus is cosúil gurb é an reachtaíocht atá á hullmhú an méid is lú agus is teoranta a d’fhéadfaí a dhéanamh chun riachtanaisí dlíthiúla a shásamh. Deir lucht a cháinte go gceadóidh sé rabharta ginmhilleadh ach conas? Mar chomhghéilleadh idir Fine Gael agus an Lucht Oibre tá sé sáthach teoranta chun móramh i bhFine Gael a shuaimhniú agus sáthach gar do pholasaí an Lucht Oibre i dtaca le cosaint a sholáthar do mhná torracha atá i mbaol.

Ní gan dua a saothraíodh an comhghéilleadh sin. Muna dtarlaíonn rud éigin dothuartha, as an gcoitiantacht ar fad, tá sé áiféiseach a cheapadh go gcaithfeadh páirtithe an Rialtais i dtraipisí anois é. Ní bheadh an Rialtas inmharthanach dá ndéanfaidís sin.


Feall ar mhná
Ní hamháin go dtitfeadh an Rialtas ach dhéanfaí feall arís ar mhná, bheadh an cheist is conspóidí i saol na tíre le 30 bliain fós gan fuascailt agus ag bagairt mar chlaíomh Damaicléis ar an gcéad rialtas eile. Ní féidir an cheist a scuabadh ar shiúl.

Bhí an nimh a bhaineann le ceisteanna atáirgthe agus gnéis ag coipeadh i dTuaisceart Éireann freisin le tamall. Bhí sé ina raic nuair a d’oscail ionad Marie Stopes i mBéal Feirste agus rinne teachta DUP i gcomhar le teachta SDLP iarracht sa Tionól chun a chinntiú nach bhféadfadh an eagraíocht sin ginmhilleadh le piollaí a sholáthar.

Bhí coda den díospóireacht sin chomh binibeach le plé ar bith a chloisfí idir lucht feachtais ar an tsráid.

Rinneadh iarracht freisin chun ceist an ghinmhillte a tharraingt isteach sa bhfothoghchán i Lár Uladh – i gcoinne Shinn Féin.

Bhí Caitlicigh aitheanta i measc na ndaoine ba ghlóraí. Ach an oiread leis an Deisceart imíonn na sluaite ó Thuaisceart Éireann thar lear le haghaidh ginmhillte gach bliain mar nach bhfuil dlí na Breataine i bhfeidhm abhus.

Tá próiseas comhairliúcháin ar siúl faoi láthair faoi threoirlínte oifigiúla maidir le ginmhilleadh ar bhonn fíortheoranta agus an dearcadh céanna ag an Eaglais Chaitliceach agus an DUP. Le déanaí, dúirt beirt shagart gurbh é an DUP an páirtí leis na luachanna céanna le Caitlicigh.

Beidh le feiceáil an dtabharfar aird ar a gcomhairle nó an mbeidh sé chomh mí-éifeachtach leis an mbuille den bhachall.