Buartha faoi Mhaigh Eo

Maireann muintir Mhaigh Eo idir teip agus teiripe

Tá cúpla seachtain anois ann ó chaill Ciarraí an cluiche leathcheannais caide lofa sin i bPáirc an Chrócaigh, cluiche a bhí chomh holc sin nár cheart tagairt a dhéanamh go deo arís dó.

Chun a bheith níos pointeáilte faoi, seacht lá dhéag atá caite ó dhein na Dubanna smearadh ar mhórshaothar ealaíne Cholm Cooper.

Ní raibh aon lá ó shin ann nár chuiminíos ar phianpháis na nóiméad deireanach den choimhlint agus dúisím fós i lár na hoíche agus brat allais trím amach ag samhlú go bhfuil Kevin McManamon ag bun na leapa. (N’fheadar sé féin fiú cad atá sa cheann aige a dhéanamh, ach bí cinnte go ndéanfaidh sé dochar.)

Bíodh sin mar atá, deir mo theiripeoir liom go bhfuilim ag dul i bhfeabhas agus gur de réir a chéile a dhíbrítear na púcaí.

READ MORE

Ghlacas lena chomhairle iarracht a dhéanamh cuimhneamh ar rudaí eile seachas cúrsaí caide. Thugas seal ar maidin, mar shampla, ag iarraidh Gaoluinn dhúchasach a chur ar an dtéarma “twerking” ag súil go spreagfadh mo mhachnamh an “colún éadrom” a bhí ag teastáil ón eagarthóir.

Is ansin a landáil ríomhphost ó chara liom agus gan ann ach nasc go dtí youtube agus an abairt “Táim buartha fé Mhaigh Eo…”

Bhí sé de cheart agam neamhshuim a dhéanamh den chomhfhreagras seo toisc gur tháinig sé ó Chiarraíoch a bheadh ard go maith ar an liosta daoine a mhol mo theiripeoir dom fanacht glan uathu nó go mbeadh Kevin McManamon imithe ó bhun na leapa.

Ach leanas an nasc go dtí youtube agus táimse anois buartha fé Mhaigh Eo chomh maith.

Buíochas le Dia, ní raibh an teiripeoir chomh himníoch sin faoin scéal go rabhas tosnaithe ag cuimhneamh arís ar chúrsaí caide.

Dúirt sé liom gur rud nádúrtha é a bheith buartha faoi Mhaigh Eo mar go mbíonn gach éinne buartha faoi Mhaigh Eo agus go bhfuil sé chomh mór sin mar chuid de shaol na tíre seo a bheith buartha faoi Mhaigh Eo nach gá do dhuine fiú a mhíniú cad atá i gceist aige nuair a deireann sé go bhfuil sé buartha faoi Mhaigh Eo.

Fad is nach ó Mhaigh Eo tú is rud sláintiúil é a bheith buartha faoi Mhaigh Eo, comhartha gur duine stuama tú.

Go deimhin, i ndiaidh dó féachaint ar an bhfíseán ar youtube, d’admhaigh mo theiripeoir go raibh sé féin buartha fúthu.

Tar éis a bhfuil fulaingthe ag Maigh Eo, d’aontaíomar beirt gur údar imní é gurbh ann do dhuine éigin fós sa chontae sin a cheap gur plean maith a bhí ann taifeadadh a dhéanamh ar dhuine éigin thuas ar surfboard amach ó chósta oileán Acla agus brat Mhaigh Eo á iompar aige. B’údar imní leis é gur cheap bean ó Mhaigh Eo gur smaoineamh maith ab ea é pictiúr a thógaint di féin i mbun spéirthumadóireachta agus “Mayo 4 Sam” scríofa ar a láimh aici.

Agus sin gan trácht ar pé duine ó Mhaigh Eo a chreid gur ag obair ar son na cúise a bhí sé nuair a phéinteáil sé na focail “Mayo for Sam” ar an mbóthar ag an Tour de France i mbliana.

Is léir, in ainneoin na ngeallúintí sollúnta ar fad, go bhfuil borradh arís faoin mbolscaireacht i Maigh Eo, agus í ag teacht an uair seo ó thalamh, ó mhuir agus ón spéir anuas.

Agus mar bharr ar an donas, cheap duine éigin gur plean maith ab ea é na hiontais seo ar fad a bhailiú le chéile ar “The Ultimate Mayo for Sam 2013 Video”, físeán ina bhfuil an mana “Keep calm, it’s only the Dubs” istigh ina lár.

B’fhéidir go bhfuil dul amú orm agus nach bhfuil mórán de mhuintir Mhaigh Eo féin i measc an 20,000 duine atá tar éis féachaint ar an bhfíseán go dtí seo.

B’fhéidir gur daoine ar mo chuma féin atá buartha faoi Mhaigh Eo is mó atá ag tabhairt cuairt air agus go bhfaca muintir Mhaigh Eo féin an nasc sin go dtí “The Ultimate Mayo for Sam 2013 Video” agus nár ghéilleadar an turas seo.

Cá bhfios ach gur fíor go bhfuil ciall cheannaithe acu? Tá súil agam go bhfuil, mar tá meitheal na bpúcaí ag bun na leapa i Maigh Eo mór a dóthain mar atá.

Tá a sáith ag muintir Mhaigh Eo den “Screadadh ’gus caoineadh a scanródh daoine” den “Gruaig á cíoradh ’s an chreach á roinnt”.

Go raibh fuascailt againn ar fad óna mbuairt…