Bua na cainte ag scoláirí óga

Craobh Chomórtas Díospóireachta an Phiarsaigh

Tá daltaí Ardscoil Mhuire, Béal Átha na Slua, Co. na Gaillimhe, agus daltaí Mheánscoil Chnoc na Labhras, Luimneach, ag ceiliúradh bhua a gcainte tar éis gur bhain siad Craobh na hÉireann de Chomórtas an Phiarsaigh Gael Linn 2014. Bhí an ócáid, comórtas bliantúil, ar siúl i bPort Laoise Déardaoin seo caite agus bhí breis agus 150 foireann in iomaíocht i mbliana ó thosaigh an comórtas mí na Samhna seo caite.

Ba é an rún “Téimid thar fóir ag ceiliúradh na Féile Pádraig in Éirinn” faoi chaibidil sa chraobh shóisearach ag Meánscoil Chnoc Ainbhil, Baile na nGabhar, Co. Bhaile Átha Cliath; Ardscoil na Tríonóide, Baile Átha Í, Co. Chill Dara; Ardscoil Mhuire, Béal Átha na Slua, Co. na Gaillimhe agus Meánscoil na Trócaire, Trá Lí, Co. Chiarraí. Is iad foireann Ardscoil Mhuire, Béal Átha na Slua, a thug an chraobh leo sa deireadh – an chéad uair don scoil an bua a bhaint amach.

“Tá an rialtas lárnach ag glacadh an iomarca cumhachta chuige féin” a pléadh sa chraobh shinsearach. Meánscoil Chnoc na Labhras, Luimneach, a fuair an bua ar fhoirne ó Scoil Mhuire, Baile Átha Troim, Co. na Mí; Iarbhunscoil Mhá Nuad, Má Nuad, Co. Chill Dara agus ó Choláiste Pobail Átha Luain, Baile Átha Luain, Co. na hIarmhí.

Bhronn príomhfheidhmeannach Ghael-Linn, Antoine Ó Coileáin, buanchorn agus duais €1,000 ar na foirne buacacha agus duais €250 an fhoireann ar na foirne eile a bhí sa chraobh.