Bua bliantúil pheil na mban

Níl aon chúis nach mbeadh níos mó daoine arís i láthair an bhliain seo chugainn


31,083. Sin an méid daoine a chuaigh go Páirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh do chluichí ceannais pheil na mban. Curiarracht Eorpach don slua ba mhó a thug tacaíocht d’ócáid spóirt ina raibh mná páirteach ann.

Tá neart cainte déanta ar na húdair éagsúla nach dtugtar an tacaíocht chéanna do mhná agus a thugtar do na fir, agus nílim chun an bóthar sin a shiúl arís inniu.

Cúpla lá ó shin, bhí an Lú, Albain, Port Láirge, Cill Dara, Baile Átha Cliath agus Corcaigh ag imirt. Sea, i saol na gcluichí Gaelacha is contae í Albain agus, den chéad uair riamh, bhíodar sa chluiche ceannais. Deis mar sin chun daoine ó chuile chearn den tír a mhealladh. Is iomaí uair go raibh mé cáinteach faoin straitéis, nó easpa straitéise, a bhí ag eagraíochtaí mionchluichí na tíre seo.

I mbliana, bhí clisteacht le poiblíocht pheil na mban.

READ MORE

Dúradh linn mura mbeadh slua sách mór againn ann go mbeadh na Sasanaigh níos fearr ná muid. D’fhreastail beagán le cois 30,700 ar chluiche ceannais ban an FA i Wembley an samhradh seo.

Dá rachadh slua níos mó ná sin ag breathnú ar pheil na mban, ní hamháin go mbeadh na Sasanaigh buailte againn, ach bheadh sé ar an ócáid ban ba mhó ar tugadh tacaíocht di san Eoraip i mbliana.

Tá sé sin bainte amach anois. Anois an t-am chun tógáil ar an dea-thoil seo. Sea, is iontach an rud go mbeidh gach duine sna meáin ag caint ar scil mhná Chorcaí go ceann dhá lá, cuid acu agus 16 bonn uile-Éireann acu idir an pheil agus an chamógaíocht, agus gur fhéach na mílte ar na cluichí ar TG4, ach céard faoin chuid eile den bhliain?

Tá sé in am anois tuiscint gur ón mbunchloch a thiocfaidh an fás seo.

Agus b’fhéidir go dtuigeann lucht pheil na mban é sin faoi dheireadh. Luaigh Marie Hickey an 150,000 ball atá cláraithe acu fud fad na tíre.

Is duine acu mise. Is muidne a bheidh mar dheisceabail, ag scaipeadh an tsoiscéil.

Dá dtiocfadh leath de na baill seo, a théann amach ag traenáil faoi dhó sa tseachtain, go Páirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh, bheadh sé lán.

Ach ní féidir a bheith ag súil go ndéanfar na rudaí seo ar son na cúise. Caithfear táirge a thairiscint do dhaoine, ón leibhéal is ísle go dtí an barr.

Má bhíonn muinín, agus spéis sa táirge, tiocfaidh siad.

Tá na figiúirí móra iontach, ach dá spreagfaí gach ball chun a gcuid féin a dhéanamh, fiú mura mbeadh ann ach rud beag, ní bheadh gá ann chun daoine a ghríosú chun dul amach ag féachaint ar chluiche ceannais.

Bheadh siad ann cheana féin. MÁIRE TREASA NÍ CHEALLAIGH Is iriseoir le Nuacht RTÉ/TG4 í Máire Treasa Ní Cheallaigh