Bronntanas lofa

‘An chaille sin. Tá amhras ar mhná anois a mbíonn caille nó scairf á caitheamh acu’


‘Chuala mé go raibh cuairteoirí agaibh?’ ar seisean, arsa an fear isteach, i bhfoirm ceiste.

Bhí Muire agus Seosamh agus an leanbh beag ar tí imeachta nuair a nocht sé sa doras. Bhí a gcip is a gcuid meanaithí ar dhroim an asail, an bhó le fágaint sa stábla. Na caoire imithe chun cnoic ar ais.

‘Nach bhfaca mé tusa cheana?’ d’fhiafraigh Seosamh.

Ba léir go raibh corrabhuais éigin ar ar an bhfear, óir bhí bosa a dhá láimh aige á gcuimilt le chéile. É ag féachaint ar a smig, á scrúdú.

READ MORE

‘Níl a fhios agam,’ ar seisean, ‘is cinnte nach raibh mé riamh timpeall ar an áit seo.’

‘Ach chonaic mé tú, táim cinnte go bhfaca mé tú,’ arsa Seosamh, ‘tamall gairid ó shin. Thíos ansin sa bhaile, b’fhéidir.’

‘B’fhéidir go bhfaca, b’fhéidir go bhfaca, cá bhfios,’ arsa an fear sa doras, ‘ach an fíor go raibh cuairteoirí agaibh?’

‘Is fíor. Buachaillí caorach a bhí go deas mánla dea-bhéasach. Ba dhóigh leat gurbh aingil iad ar a n-iompar.’

‘Agus ar thug siad rud ar bith daoibh, tá’s agat, rud ar bith mar bhronntanais?’

‘Thug.’ Muire a labhair. Bhí pianta na breithe fós ag cur uirthi agus í lag ina hiompar. ‘Thug siad bronntanais go fial dúinn. Thug siad ceol agus amhráin agus gach dea-ghuí dúinn. Is trua gurbh éigean dóibh filleadh.’

‘Is ea sea, sea, sea, sea, sea,’ arsa an cuairteoir, agus cúr breá bog bláth lena bhéal,’ ach nach raibh cuairteoirí eile agaibh, cuairteoirí nach raibh chomh…mar adéarfá…chomh, mar adéarfá..chomh bocht leo?’

‘Ó bhí, bhí, bhí, bhí, ’ arsa Seosamh, ‘dream gealt anoir adúirt gur lean siad na réaltaí, agus d’fhág siad cúpla beart anseo ina ndiaidh.’

‘Cad a bhí sna bearta?’ arsa mo dhuine go cíocrach.

‘Mar a tharla, bhí stuif, tá’s agat féin, stuif nach raibh feidhm rómhór leis.’

Is ansin a baineadh stangadh as Seosamh. D’aithin sé an fear.

‘Is tusa fear an tí ósta,’ ar seisean, ‘tusa a dhiúltaigh áit dúinn is a chuir amach sa stábla sinn.’

‘Bhí an áit lán.’

‘Bhí fuílleach spáis ann,’ arsa Seosamh, fear ar dheacair fearg a chur air, ach mar sin féin, mhothaigh sé go raibh éagóir déanta orthu. ‘Chonaic mé daoine ag dul isteach ann go tiubh an lá dar gcionn. An é go rabhamar róbhocht daoibh is nach ligfí isteach sinn?’

‘Níorbh é sin é,’ arsa an fear sa doras, ag cúbadh chuige féin beagán, ‘ach bhí gearáin á ndéanamh.’

‘Gearáin? Inár n-aghaidhne? Níor dheineamar dochar d’aon duine riamh.’

‘Bhuel, ní in bhur gcoinne ar fad,’ arsa fear an tí ósta, ‘ach an bhean agat.’

Bhí iontas ar Sheosamh. ‘Mo bheansa? Cad ab áil leo léi? Cén locht a bhí uirthi?’

Shloig sé siar pé rud a bhí ina scornach. ‘Ná héadaí a bhí á gcaitheamh aici. Tá’s agat féin. An chaille sin. An scairf sin ar a cloigeann. Tá amhras ar mhná anois a mbíonn caille nó scairf á caitheamh acu. Chaillfinn custaiméirí dá ligfinn isteach í. Is gairid go mbeidh sé in aghaidh an dlí.’

Ba dhóbair do Sheosamh pléascadh, ach bhí turas fada os a gcomhair amach agus bean agus leanbh le tabhairt slán. Mhúch sé na focail ina phluc.

‘Ach na bronntanais sin,’ arsa mo dhuine arís, ‘an bhfuil siad fós agaibh? Thabharfainn airgead maith orthu, tá’s agaibh.’

‘Bhaineamar leas as an túis agus an miorra chun boladh deas a chur sa stábla, óir bhí cac na bó a d’fhág tú againn ag goilleamh orainn. Maidir leis an ór, beidh sé á chaitheamh síos sa pholl is domhaine san fharraige agam, mar loitfeadh sé an saol orainn, mar a loiteann do chách.’