Breatimeacht an oileáin eile

Ár slán go deo leis an impireacht aréir, agus le gach dá leanann


Tá an Bhanríocht Saghas Aontaithe ag téisclim le himeacht ón Aontas Saghas Aontaithe Eorpach. Mo thuairim féin féinig go bhfuil an-seans go mbaileoidh siad leo, agus a chonách san orthu.

Cad ina thaobh nach n-imeodh? Ní raibh a croí riamh san imirt ná a cuid polaiteoirí de chuid na heise deise (sin a bhformhór mór) sásta géilleadh go raibh domhan eile ann lasmuigh d’impireacht na Breataine.

Caismirt idir grabhróga na himpireachta agus seans éigin ar an aimsir fháistineach amach anseo sna todhchaí féin is ea atá sa díospóireacht.

Ba bheag ba chás dúinn é seachas go gcuirfeadh sé cor mór sa chaidreamh idir an trí thír thall agus sinne.

READ MORE

Ba phriacailí fos é timpeall orthu siúd de phobal na hÉireann a bhfuil cónaí orthu sa smuta sin de chúige ina bhfuil siad ina ngéillseanaigh seachas ina saoránaigh.

B’fhéidir gur cuma leatsa é, ach ní cuma liomsa. Is maith liom féin ó thaobh dlí dhe go bhfuilim ar aon chomhchéim leis an uachtarán seo againne, agus go raibh mé amhlaidh maidir le gach uachtarán eile sin romham. Níor mhaith liom a bheith im ghéillsineach do phearsain ar bith, go háirithe do dhuine ar mharaigh a sinsir níos mó daoine ná mar a mharaigh sinsir dhaoine eile.

Mar sin é is brí le fuil ríogúil – fuil dhaoine eile fadó.

Níor mhaith liom, dá mbeinn i nDroim Réamoinn nó i gCaisleán Ruairí nó i mBreac na Muclaí nó in Eireaball an tSionnaigh a bheith ag déanamh lúitéise agus ag cromadh síos d’Éilís éigin Windsor Saxe-Coburg –Mountbatten- Gotha-Altenburg-Mecklinbuggar- Scweinerin- Braunswog- Looonyburg – Von Aurnschmuck –Jutta Wetting – Walldik Peermount – Teatberga agus mar sin de siar amach, níor mhaith liom é.

Baineann Breatimeacht na Breataine leis seo go sonrach.

An bhfuilid ag iarraidh luí suas nó síos lena bhfuil d’Eorpaigh, pé iad féin, ina gcuibhreann cheana féin, nó dul amach ar na farraigí móra ina n-uath is ina n-aonar?

B’é fáth ba mhó amhras agam féin faoi thionscnamh mór na hEorpa ná oidhreacht impiriúil na críche. Tá an tuairim aisteach bhuile seo agam féin, tuairim gan mórán fianaise is léir, gurb ionann luach bheatha an pháiste bhig in Lubumbashi an Chongó, agus páiste a shaolaítear in Nueilly-sur-Seine Pháras. Tá’s agam nach tuairim rófhaiseanta í sin, mar dá bhfaigheadh maicín óg réalta scannáin bás in California ar maidin, agus cúpla céad bean is páistí sa tSúdáin ó dheas tráthnóna, cé acu is túisce a bheadh ar nuacht an domhain?

B’fhéidir gur dóigh leat gur fada é seo ón mBreatimeacht.

Ach ní hea. Is é atá i ndíospóireacht na hEorpa ná díospóireacht idir an saol mar ba mhian nuair a bhí cumhachtaí na hEorpa i gceannas ar na daoine dorcha lasmuigh den dlí, agus an saol mar atá.

Tá deireadh le réimeas an fhir ghil. Tá deireadh leis an seicteachas craicinn. Mar adeir siad sa Ghaelscoilis is fearr: “Faigh cleachtadh leis!”

Mar tá dóchas ar bith againn, is é go mbaileoidh an Bhreatain leo amach as an Aontas Eorpach. Mo thuairim féin go mbeadh sin go hiontach! Sin é is dual dóibh!

An fhadhb is mo a bhí ariamh agamsa leis an Aontas Eorpach ná an toise mhíleata.

Bhí impireachtaí, fan go bhfeicfidh mé, liosta le háireamh, fan go ndéanfaidh mé mo cheann a thochas – ag, mar thús, abraimis – An Fhrainc, an Bhreatain, an Ghearmáin, an Spáinn, an Phoirtingéil, an Iodáil féin is iad ag bagairt ar an Libia arís anois. Agus is ea, leis bhí cóilíneachtaí ag an nDanmhairg, ag an Ollainn, agus cá raghfá leo, ag an mBeilg bhig bharbartha féin, an dream ba mheasa díobh go léir.

An dream a raibh idir Réamonnaigh agus Bhrútónaigh na tíre seo sásta go maith tacaíocht a thabhairt dóibh.

Bhí na Réamonnaigh riamh cúngaigeanta, an saol á mheas trí lionsa na h-impireachta acu. Na náisiúntaigh chaola is a n-aigne go fairsing leata ar fud an domhain mhóir.

Samhlaíonn lucht na Breatimeachta go bhfuil an loingeas fós ar an bhfarraige, agus na crónchraicnigh ina gcuid pluaiseanna istigh. Samhlú de chuid na 19ú haoise atá ann. Tógann sé cúpla céad bliain d’fhonn an smaoineamh is lú druileáil isteach tríd an gcloigeann dúr.

Inár gcásne de, dá n-imeodh an Bhanríocht Aontaithe an scuab amach ón Aontas Eorpach, b’fhearrde sinn go léir é. Mhaolódh go mór ar oidhreacht fola na hEorpa, agus, cá bhfios, b’fhéidir go bhféadfaí toise ábhairín níos daonlathathaí a chur i gceartlár an ghoirt.

Ní chuirfeadh sin deireadh le saint na hEorpa, nó lenar tharla cheana mar thuar ar an aimsir romhainn a bhréagnú.

Ach ba thús é.

Ár slán go deo leis an impireacht aréir, agus le gach dá leanann, ach amháin nach bhfuil imithe fós.