Boladh an bhua

Déanfar pé rud is gá le greim an fhir bháite a choinneáil ar an gcumhacht


Toghchán i mí na Samhna? Tá an cur is cúiteamh tosnaithe agus muna léimeann diabhal éigin eile amach as an mbosca chun an Rialtas a scanrú, bheadh cathú ar Fhine Gael dul sa tseans.

Bheadh an buiséad is flaithiúlaí fós díreach fógartha, bheadh dífhostaíocht laghdaithe arís agus bheadh pingneacha breise i bpócaí gach éinne. Ní de thaisme atá sé seo tarlaithe ach de réir an chlár ama atá leagtha amach ag na buachaillí sa gcúlseomra, Coiste Bhainistíocht na hEacnamaíochta a bhfuil na hAirí Noonan agus Howlin ina bhun. I Meiriceá, is é “An Coiste Um Atoghadh an Chomhrialtais” a thabharfaí air.

Tá Fine Gael láidir go leor chun siúl isteach sa mbearna bhaoil níos luaithe ná 2016. Ach is go drogallach a tharraingeofaí Páirtí an Lucht Oibre inti. Beidh siadsan ag moladh breis ama chun go mbainfeadh an pobal tairbhe as forálacha flaithiúlacha an bhuiséid. Is faoin Taoiseach Enda Kenny, áfach, a bheidh sé agus beidh leas Fhine Gael ar a intinn.

Ba sheachtain chinniúnach í an tseachtain seo caite i saol an Rialtais seo sa mhéid is gur tháinig siad amach as an scamall a bhí thart orthu le fada.

READ MORE

Bhí siad ag fanacht le casadh sa mbóthar, léiriú éigin go n-aithneodh an pobal an méid a bhí déanta acu agus tháinig sé i rith na seachtaine sin.

Gan dabht, bhain cuid den dea-mhéin leis an mbua sa reifreann ar chomhionannas pósta agus leis an gceiliúradh a lean é. Más lag féin an iarracht a rinne cuid mhaith Teachtaí Dála Fhine Gael i rith an fheachtais, tuigeadh go raibh misneach agus ceannaireacht léirithe ag an gcomhrialtas a leithéid de reifreann a chur ar siúl ar chor ar bith.

Aithníodh freisin go raibh creidiúint ar leith ag dul do Pháirtí an Lucht Oibre atá ag brú na cúise seo ó bhí Eamon Gilmore ina cheannaire.

An gceapann éinne go reachtálfaí reifeann mar sin dá mbeadh Fine Gael nó Fianna Fáil ina n-aonar i gcumhacht? Beag an baol. Fiafraigh d’Averil Power.

An cheist mhór, ar ndóigh, nuair a vótálann breis agus 700,000 in aghaidh comhrialtais i reifreann conspóideach ná an ndéanfar dochar do na páirtithe ina dhiaidh?

Mar is léir ón bpobalbhreith Red C is déanaí, a mhalairt atá tarlaithe.

Tá meas ar Fhine Gael ardaithe trí phointe go dtí 28 faoin gcéad agus tá Páirtí an Lucht Oibre tar éis ardú dhá phointe a fháil, rud a thugann 10 faoi gcéad dóibhsean. Ní athrú drámatúil é seo ach ar a laghad ar bith, níor dearnadh dochar.

Is cinnte go mbaineann ardú an Lucht Oibre leis an dian-obair a rinne siad agus leis an bpáirt fheiceálach a bhí acu sa bhfeachtas.

Ní mhaireann an dea-thoil ach seal beag gearr áfach agus tá aird gach duine ar ais ar an bpá, ar an obair agus ar an eacnamaíocht cheana féin.

Ach fiú sna réimsí sin, ba sheachtain thábhachtach í do straitéis toghchánaíochta an Rialtais.

Nach tapa an margadh a rinneadh le Willie Walsh chun “an aerlíne náisiúnta” a dhíol le IAG agus nach tapúla a ritheadh an reachtaíocht tríd an Dáil?

Tá geallúintí tugtha faoi thodhchaí Aer Lingus. Deirtear go mbeidh fás, fostaíocht bhreise agus b’fhéidir na milliúin custaiméirí nua aige.

Ach fiú leo sin, measann daoine sa tionscal sin, ar nós Phádraig Uí Chéide, gur díoladh faoina luach é.

I bhfírinne, ní bheidh a fhios againn go dtí go mbeidh sé rómhall an bhfuil margadh maith déanta nó an tubaiste domhaíte atá ann?

Ní bheidh na hAirí seo in oifig ag an am. Ach, féach go bhfuil réiteach déanta acu den bhfreagracht an tseirbhís riachtanach achrannach seo a choinneáil ar siúl agus tá cnap deas airgid ar a dtoil acu fosta.

Fanaígí anois leis an aisíocaíocht mhór a thiocfaidh as Banc Aontais Éireann agus tuigfidh sibh go bhfuil an straitéis á fíoradh céim ar chéim.

Mar sméar mhullaigh ar sheachtain rathúil, d’éirigh leis an Aire Brendan Howlin margadh a dhéanamh le ceardchumainn na seirbhíse poiblí a chuirfidh €2,000 i bpócaí státseirbhíseach thar 2 bhliain ar chostas €566m.

Síocháin tionsclaíoch, a lán vótóirí sásta agus slám airgid bhreise curtha isteach san eacnamaíocht in aon bhuille amháin!

Beidh ciste cogaidh an-mhór ag na páirtnéirí rialtais faoin bhfómhar agus ní fios cad iad na bronntanais eile atá a n-ullmhú acu do phobal atá dubh dóite den daorsmacht eacnamaíoch.

Mar sin, tá gach rud faoi réir don gcath atá le teacht?

An fhadhb atá acu, áfach, nach leor an tacaíocht atá sa suirbhé Red C seo chun rialtas a chur le chéile. Teastaíonn bloc vótaí eile ó Fhine Gael le sionnach Shinn Féin a choinneáil ón doras. Má bhreathnaíonn tú thart, níl ach ceann amháin mór go leor faoi láthair – Fianna Fáil.

Ní tharlódh sé? Dúradh é sin faoi thoradh an reifrinn atá díreach imithe. Is iontach an acmhainn a bhíonn ag daoine an dubh a chur ina gheal orthu féin; go háirithe nuair a bhíonn ábhair thromchúiseacha ar nós “dualgas náisiúnta” i gceist.

Fuair Fine Gael boladh an bhua an tseachtain seo caite agus is blasta leo é.

Pé rud a chaithfear a dhéanamh, déanfar é le greim an fhir bháite a choinneáil ar an gcumhacht.