BODge agus ROGdge

Táthar dom shlogadh isteach i bpoll slogaide na Sé Náisiún

Níor chuireas oiread sin suime riamh san rugair bhugair óir níor bhain sé liom go dlúth.

Cluiche ba ea an rugaireacht do rógairí a raibh níos mó airgid ná céille acu, agus b’fhéidir gurb ea fós.

Taibhsíodh dom gur cluiche ba ea tóraíocht an leathair sa phluda do dhaoine a raibh a gcuid lámha glan an chuid eile den tseachtain, pé scipéad ina raibh na lámha sin i ngan fhios don saol. Ina dhiaidh sin ba mhó mo ghean ar liathróidí cruinne seachas ar liathróidí ubhchruthacha.

Ba dheacair géilleadh gur dochtúirí deasa agus dlíodóirí damanta an t-aon dream amháin a láimhsigh na liathróidí ubhchruthacha.

READ MORE

Dem ainneoin, áfach, agus dem dheargreibiliúnach ainneoin, táthar dom shlogadh isteach diaidh ar ndiaidh i bpoll slogaide na Sé Náisiún agus an Choirn Heineken.

Go deimhin, tá cairde agam ar túisce a gcuid tacaíochta do na Sacsanaigh féin ná don fhoirinn Ghabhal-Ghúlach liathróid ubhchruthachúil, dar leo, ar a seans.

Má chloíamar na Breatnaigh Bheaga féin le taispeántas Francach an lá cheana, ní hionann san is go gcuirfear ruaig ar Ghalla.

B’fhéidir go raibh rud éigin nárbh fhéidir gan a bheith tógtha leis ag baint leis an nglúin órga sin a bhain an oiread sin amach de bharr bhróg ROG agus cluichíocht chliste BOD nach bhféadfá gan géilleadh dóibh.

Ba gheall leis an mBODge agus an ROGge Seó é ar feadh i bhfad; duine díobh i lár na clibirte nuair ba ghá, agus an fear eile ag teacht de dhroim an chnoic leis an gcic nuair a bhí an cath caillte.

Ní féidir a rá nach raibh POC ag sluaisteáil roimhe an t-am ar fad ach an oiread, agus anois go bhfuil SOB caillte de bharr gortaithe, tá laoch eile aneas a bhfuil POM air a sheasóidh an fód chomh maith le haon duine díobh.

Thug Seoirse an Chrúca féin ardmholadh dó; sinn ag súil nach POG an bháis dó dearbhú ón mbéal aduain gann-ar-mholadh sin.

Is fíor fós go bhfuil gnéithe den rugbaí a chuirfeadh dinglis mhearbhaill siar trí lár do chlogaid clibirte ionat.

Bhí tráth ann i laethanta na teilifíse liath is bán go raibh cuma na daonnachta ar fhormhór na n-imreoirí idirnáisiúnta.

Sa lá atá inniu ann is cosúla leis an bhfathach ar bharr an ghas phónaire a bhformhór, nó neachtar acu, samhlaíonn tú matáin ag fás orthu i gcodanna den chorp nár cheart matáin a bheith ag fás choíche.

Máchail
Cheap mé gur mháchail ar dhuine dronn a bheith ar a dhroim ó thaobh imeartha de, ach dhealródh dá chosúla le camall dromadaireach an neach sa láib nó na dúd san úd úd gurbh amhlaidh ab fhearr é.

Chomh maith leis sin, tá cuid de na rialacha a bhaineann leis an gcluiche chomh mistéireach sin dúinne nár tógadh leo.

Sa sacar bíonn ort duine a leagadh led dhá chois i ngar don chúl in aice leis an réiteoir sula dtugtar speach éirce duit; agus sa pheil Ghaelach, coinnítear an chic chéanna do na hócáidí sin a nochtar inchinn an lántosaí mar phraiseach leitean ar an lár.

San rugbaí, áfach, bronntar ciceanna éirce ar chúiseanna nach dtuigeann aon duine; nó sa chás is go dtuigtear, ní léir go n-oireann an pianós don choir.

Ní hionann lámh a leagadh orlach thar an gceart ar liathróid agus duine a scoilteadh le camán agus é ar tí scórála.

Tá friotal an rugbaí tar éis galrú a dhéanamh ar chluichí eile agus ar an saol poiblí féin. Ní foláir anois, nithe “a bhreith thar an líne”; agus sa chaid dúchais féin cloistear trácht ar an áirithe sin “plays”, agus an oiread seo “turnovers”.

Go deimhin, tá foirne rugbaí tar éis bláthú nó fiailiú in áiteanna nár chualathas trácht tharstu roimhe seo, Corca Dhuibhne san áireamh.

Is fíor gur cheap go leor againn gur rugbaí a bhí á imirt riamh i gCiarraí, ach tugadh peil Ghaelach air ar son na carthanachta.