Athrú eile Bunreachta

Tá moladh thar a bheith simplí agamsa, chomh simplí sin gur dócha nach nglacfar leis


Is cuimhin liom a bheith ag taisteal sa Bhulgáir sna seanlaethanta nuair a bhí an réimeas Cumannach i gcumhacht.

Ní sna cathracha amháin a bhí mé ach amuigh faoin tuath áit a raibh ceol álainn diamhair le fáil i bhfad ó Sunny Beach agus ó na hionaid saoire sin gurb ar éigean gur sa tír in aon chor iad.

Bhí mé im shuí i moiche na maidne i mbialainn bheag cois bóthair ag ól caifé Turcach a bhí chomh tiubh le tréicil.

Fir na háite timpeall orm ag ithe an chaifé chéanna. Nuachtáin á léamh ag cuid acu, píopaí á n-ól ag cuid eile, ach a bhformhór ag imirt dominónna chomh socair le machaire méith.

READ MORE

Lá ná maidin mairge ní raibh ar dhuine ar bith díobh.

Má bhí obair le déanamh acu, ní raibh a rian orthu, ná fuadar chuici orthu.

Bhí an chúis chuige le feiscint lasmuigh den fhuinneoig.

Stracfhéachaint dar thug mé – ar déanadh stánadh di go grod – chonac uaim ar mhala na páirce scuaine ban ag tóch is ag rómhar.

Grafóg ina lámh ag gach duine díobh, agus mura bhfuil breall ar fad orm, cuid acu déanta d’adhmad amháin.

Allas leo, gíoscán chnámh droma le clos, páistí sna ciseáin lena n-ais.

Rith sé liom go raibh an rogha is fearr déanta ag na fir.

Ach ansin, de phlimp, taibhsíodh dom nach bhféadfadh a leithéid titim amach in Éirinn.

Ní fhéadfadh, mar bhí foráil sa Bhunreacht againn a chosc a leithéid, Airteagal 41.2.

Mura bhfuil ar ghob do theanga agat, seo é é: “Go sonrach, admhaíonn an Stát go dtugann an bhean don Stát, trína saol sa teaghlach, cúnamh nach bhféadfaí leas an phobail a ghnóthú dá éagmais”; agus ansin: “Uime sin, féachfaidh an Stát lena chur in áirithe nach mbeidh ar mháithreacha clainne, de dheasca uireasa, dul le saothar agus faillí a thabhairt dá chionn sin ina ndualgais sa teaghlach.”

Tá seo ar cheann de na hairteagail a bhfuiltear ag iarraidh a ruaigeadh, agus tuigtear do lucht a dhíbeartha.

Thug sé le fios gurb é an baile ionad na mná, go raibh dualgas uirthi fanacht sa teach, agus nach bhfáilteofaí roimpi amuigh ag obair.

Tá breis agus ár ndóthain fianaise againn go raibh an meon sin in airde láin agus go rábach le fáil.

Níl aon amhras ná go raibh sin i gceist, nó sciar de, ar aon nós.

Is é a dhearmadtar ná go raibh laistiar de ghluaiseacht na mban san 19ú haois tiomáint láidir go mbeadh cead ag bean fanacht ag obair sa teaghlach dá dtoileodh sí sin a dhéanamh.

É seo, mar mhalairt ar a bheith ina sclábhaí monarchan, ina scibhí ar phá suarach, ina tráill tionsclaíochta.

Nó, go deimhin, mar mhalairt ar a bheith ag grafadh is ag romhar go domhain sa ghort.

Fiafraítear, mar is gá a fhiafraí i gcónaí, dá gcaithfí amach ar an gcarn bruscair príobháidithe é, cad a chuirfí ina áit?

Ós ní é gur seirbhís phoiblí í an colún seo, i measc go leor rudaí eile, tá moladh thar a bheith simplí agamsa, chomh simplí sin gur dócha nach nglacfar leis.

Cothroime go deo!

Cuirtear “an tuismitheoir” isteach in áit “an bhean” sa chéad chuid den fhoráil, agus ansin: “Uime sin, féachfaidh an Stát chuige nach mbeidh ar aon tuismitheoir ar leith, máthair nó athair, de réir mar is rogha leo féin go deonach, dul le saothar, de dheasca uireasa, agus faillí a dhéanamh dá chionn sin ina ndualgais sa teaghlach.”

Anois, sin moladh réabhlóideach duit!

Cad a dhéanfadh an córas caipitlíoch leis sin?

An Chomhdháil Bhunreachta, mar dhea.

Any takers?