BEOCHEIST:TRÍ LÁ a chaith mé sa Bhruiséil i dtús mhí na Nollag. Aimsir bhradach a bhí ann den chuid is mó, é fuar agus fliuch mar is dual don aimsir a bheith an tráth sin bliana sa Bhruiséil.
Cathair bhreá í an Bhruiséil, gan amhras, ach i gcomparáid le cathracha móra eile na hEorpa a bhfuil seal caite agam iontu – cathracha ar nós Londan, Pháras, Maidrid nó na Róimhe – is deacair an Bhruiséil, ar an chéad amharc cibé, a shamhlú ar aon chaighdeán leo.
Ach is í an Bhruiséil príomhchathair na hEorpa agus in ainneoin méid, ghalántacht agus íomhá na gcathracha thuasluaite, tugtar seasamh áirithe don Bhruiséil nach bhfuil, per se, ag aon chathair eile ar an tsean-Mhór-Roinn. Agus tá sásamh éigin ansin dúinn ar fad ar as cathracha beaga muid.
Stailc a bhí romhainn an chéad mhaidin a bhí mé ann, an lá ar fógraíodh go rabhthas ag súil go mbeadh rialtas ann faoi dheireadh sa tír ó bhí an t-olltoghchán deireanach ann i lár na bliana seo caite. Chinn mé ar shiúl agus nach orm a bhí an t-ádh. D’fhág mé an t-óstán go breá luath ar eagla go rachainn amú agus bhí an mhaidin tirim.
Ní raibh lá aiféala orm mar tháinig mé ar chuid de sheoda turasóireachta na cathrach trí thimpiste agus mé ar mo bhealach chun na hoibre an mhaidin sin, an Manneken Pis cuir i gcás agus é gléasta in éide na Nollag, Musée Magritte go hard os cionn na cathrach gar do Phálás an Rí agus La Fondation Jacques Brel atá suite ar an Oud Korenhuis.
“Seo áit,” a dúirt mé liom féin agus mé i mo sheasamh os comhair Fondation Brel, “ar cheart dom tráthnóna a chur i leataobh, más féidir liom ar chor ar bith, chun cuairt a thabhairt uirthi.”
Cúrsa inseirbhíse d’oideachasóirí an obair a bhí i gceist, speisialtóirí i ndearadh scrúdaithe teanga agus múinteoirí ar nós mé féin a thugann ranganna teanga do lucht an choimisiúin agus na parlaiminte.
Iarradh orainn, mar a dhéantar go minic ar ócáidí dá leithéid, muid féin a chur in aithne don slua sular cuireadh tús le seisiún an lae. Túr Babel ceart a bhí ann agus daoine i láthair thar ceann na ngrúpaí teanga ar fud fad an Aontais.
Bhí go maith ach tamall ina dhiaidh sin le linn an bhriseadh caife, chonaic mé bean óg, Danmhargach, ag teacht i mo threo agus comhghleacaí liom, comhghleacaí ar as Éirinn dó ach a bhfuil cónaí air sa Bhruiséil anois. “Éirigí as, a fheara,” arsa sí linn. “Tá a fhios maith agam nach labhraítear Gaeilge mórán a thuilleadh. Ní gá an cur i gcéill anseo.”
D’fhéachamar beirt uirthi. Bhí straois mhailíseach gáire ar a béal aici ach bhí dúshlán éigin le brath sa dóigh ar labhair sí linn. Thosaigh an bheirt againn ag gáire agus chuidigh sí linn.
Go tráthrialta ina dhiaidh sin, aon uair a bhí sí ag dul tharainn, ligeadh sí uirthi gur ag cúléisteacht linn a bhí sí le déanamh cinnte gur i nGaeilge bhinn bhlasta a bhíomar ag labhairt. Agus deireadh sí linn: “Caithfidh go bhfuil sé iontach tuirsiúil teanga a labhairt nuair nach nós leat é sin a dhéanamh.”
Dáiríre, ba mhór an spórt í. Chaith an Danmhargach agus an bheirt Éireannach go leor ama ag spochadh as a chéile i rith na tréimhse trí lá a bhíomar in éineacht – ise ag moladh dúinn sos a ghlacadh agus iompú ar an mBéarla, muide ag rá léi siúd go gcaithfeadh sí a admháil, dá mbeadh sí iomlán ionraic faoi, gur bheag de dhifear a bhí idir an Danmhairgis agus an tSualainnis nó an Ioruais mar shampla.
An Bhruiséil féin ar ndóigh, is cathair í atá roinnte de réir teanga leis na cianta cairbreacha, idir an Phléimeannais nó an Fhraincis. Nach é Jacques Brel, fear a raibh an dá theanga ar a thoil aige, a dúirt gur thábhachtaí agus gur mhó i bhfad an Bheilg ná achrann faoi chúrsaí teanga.
Ach toisc gurb í an Bhruiséil príomhchathair an Aontais Eorpaigh, is cathair anois í ina gcloistear sa tsráid nó sa siopa an t-iliomad teangacha. Tá muintir na cathrach an-oscailte i leith an ilteangachais, oscailteacht nach sonraítear ar shráideanna Bhaile Átha Cliath nó in aon chathair eile in Éirinn.
Rud normálta go maith é, dar leis na Bruiséalaigh, a theanga féin a bheith ag duine. Agus ní haon iontas é Bruiséalach a chloisteáil ag iompú ó theanga go teanga, fiú más taobh istigh de réimse atá teoranta.
In ainneoin gur rugadh Brel sa Bhruiséil agus gur chaith sé cuid mhaith dá óige inti, d’fhéadfadh sé a bheith searbhasach go leor i dtaobh a chathrach dúchais.
Cathair leadránach a bhí inti, dar leis, áit arbh iad spuaiceanna na n-ardeaglaisí an t-aon ní “ard” a bhain leis an tír. Ach i ngeall ar mheon mhuintir na Bruiséile i leith an ilteangachais, táim féin sásta gurb í an Bhruiséil príomhchathair an Aontais Eorpaigh.