Ar lorg fianaise atá os comhair do shúl

Is mór idir an rud a deirtear agus an rud a dhéantar

Cara liom a d’inis an scéal truamhéalach seo dhom an lá cheana. Caithfidh mé a rá gur duine é nach bhfuil acmhainn ghrinn d’aon tsaghas aige, agus is cinnte nach bhfuil aon tuiscint don íoróin aige.

Dúirt sé gur buaileadh as é sa mheánscoil nuair a cheistigh sé an múinteoir go neafaiseach. Is dá réir sin nach foláir dom géilleadh gurb í an fhírinne ghlan shalach í.

Nuair a d’éirigh sé ar maidin, agus nuair a chuir sé air a bhríste is a hata, is nuair a chuaigh síos an staighre chun an chitil a chur ar an tine, thug sé faoi deara go raibh poll mór san fhuinneog ar chúl an tí.

Poll chomh mór sin go bhféadfadh mathún a d'éalaigh ón zú sleamhnú isteach tríd gan aon chlúmh a chailliúint.

Amhras
Tháinig amhras láithreach air gur tháinig gadaí i gcoim na hoíche chun an tí is gur sciob leis cibé de mhaitheasaí a bhí cnuasaithe aige le leathchéad éigin bliain.

READ MORE

Dhaingnigh ar an amhras sin ann nuair a thug sé faoi deara go raibh tarraiceáin sractha as a chéile, go raibh cathaoireacha an tseomra shuite caite thall is abhus, is go raibh luaithreach a sheanmháthar sa chisteog airgid ar an matal ar iarraidh.

Ghlaoigh sé ar na Gardaí, agus chun a gceart a thabhairt dóibh tháinig siad tapaidh go leor laistigh de chúig uaire an chloig.

Bhí siad tapaidh go leor mar ba dhóbair dóibh madra na comharsan a mharú nuair a bhí siad ag sciorradh chun staid lasmuigh den teach.

Is chun a gceart a thabhairt dóibh arís, is iad a bhí béasach go maith, mar a bhíonn daoine a dhéanann cúrsa sa tsíceolaíocht dhaonna is sa chaidreamh poiblí is sa bhéascna shibhialta timpeall ar bhaile an Teampaill Mhóir.

“Cad é seo?” d’fhiafraigh an fear mór, a raibh an chuma air gur imir sé caid do Chiarraí uair amháin ach gur bhain neach as Tír Eoghain greim cluaise as, “cad é seo, cad a bhí ar siúl agat aréir ionas gur chuir tú an troscán seo ar fad suas síos agus bunoscionn? An raibh tú ar an téir arís, nó bhfat?”

“Ní raibh in aon chor,” arsa mo chara, “ach is amhlaidh gur briseadh fuinneog chúl an tí aréir, agus caithfidh gur tháinig gadaí nó fear dorcha éigin isteach a dhein an scrios.”

“Ach níl aon fhianaise dheifnídeach agat air sin,” arsa an Garda, “b’fhéidir nach raibh ann ach siollántacht gaoithe.”

“B’fhéidir é,” arsa mo chara, “ach fós is ait liom go n-iompódh siollántacht na gaoithe na cathaoireacha suas síos ar fud an tseomra shuite.”

“Och, níl aon insint ar shiollántacht na gaoithe,” arsa an fear mór, “ach ina dhiaidh sin, cá bhfios nárbh iad na greimlíní a dhein an dochar.

“Tá cásanna againn ar fud na tíre maidir leis na greimlíní. Go deimhin, níl aon amhras ná gurbh iad na greimlíní a rinne rud ar bith nach bhfuil míniú againn air.

“Is é bun agus barr agus deireadh agus tús agus idir eatarthu an scéil gurbh iad na greimlíní a chuir do chuid troscáin bun os cionn. Ach is cinnte nach bhfuil aon fhianaise dheifnídeach againn air.”

“Ceart go leor,” arsa mo chara, “ach cén fáth is cad chuige agus cad ar a shon a ghoidfí luaithreach mo sheanmháthar a bhí sa chisteog ar an matal, tar éis an tsaoil níl aon luach uirthi murab ionann is luaithreach le Napoleon nó le Genghis Khan?”

“Is tú atá ró-amhrastúil ar fad ar fad,” arsa mo dhuine, an fear mór, an Garda. “Ní mar a shíltear a bhítear. Ní sciorrann éan as gach ealta. Cairde iad an saol is a mháthair.

“Cá bhfios nach ngoidfí luaithreach seanmháthar? Is í an bhuncheist thar amhras anonn nach bhfuil aon fhianaise dheifnídeach againn nár tógadh luaithreach do sheanmháthar ar chúiseanna a d’fhéadfadh a bheith inmhínithe. Ní féidir linn feidhmiú gan fhianaise dheifnídeach, tá an méid sin deifnídeach, thar amhras anonn.”

“Ach bhí lorg coise ar an mbán,” arsa mo chara, “lorg coise sa phuiteach ón bhfuinneog amach go dtí an bóthar. Bhí sé soiléir go maith, lorg coise spáige móire, slub ar shlab.”

“Och, ní thabharfainn aon aird air sin,’ arsa mo dhuine, an Garda, ‘is cliste iad na síoga ná sin. Ní foláir duit fianaise dheifnídeach a bheith agat in aon chás mar seo.

“Seans gurb iad na poltairgeistí a thóg an luaithreach. Bíonn an-tóir ag na poltairgeistí ar luaithreach sheanmháithreacha. Caithfear fianaise dheifnídeach a bheith agat, mar adúirt mé.”

“Ach an fhuinneog bhriste,” arsa mo chara, “agus an troscán ar fud na háite, agus luaithreach mo sheanmháthar a bheith goidte ón matal, nach dóigh leat gur dócha de réir dóchúlachta gur déanadh buirgléireacht ar mo theachsa?”

“Cuma sin,” arsa an Garda, “is fianaise dheifnídeach atá uainne.”