Ar lorg Bond

Tá an spiadóir is cáiliúla ar domhan sa nuacht arís


Tá Rós Thrá Lí againn agus tá Bond, James Bond, ag na Sasanaigh. Sea, tá an cluiche agus an crannchur ar siúl arís do ról an spiadóra is cáiliúla ar domhan – táthar ar lorg Bond nua. Cheana féin, tá caint ar an aisteoir Sasanach, Tom Hiddlestone, leis an pháirt a ghlacadh agus tuairimíocht ann go bhfuil Daniel Craig réidh leis an tuxedo a fhágáil ina dhiaidh.

Leoga, tá an oiread sin cainte ar Hiddlestone gur dhiúltaigh geallghlacadóirí tuilleadh airgid a thógáil ar an cheist. (Faraor, níl mé féin ar fáil!)

Murab ionann agus Rós Thrá Lí, ní rírá bliantúil é ceist seo Bond – ach is scéal é a thagann chun cinn i saol na scannaíochta go rialta agus ní nach ionadh. Tuigeann tú d’aisteoir ar bith a shantódh an ról – tá airgead i gceist agus, thairis sin arís, clú idirnáisiúnta.

Déarfainn go mbeadh mórán léitheoirí in ann roinnt mhaith de na haisteoirí a bhí sa pháirt a ainmniú gan stró – bíodh spéis agat sa seánra nó ná bíodh.

READ MORE

Tig le ról Bond aisteoir a chur i mbéal an phobail agus, má tá an t-aisteoir cumasach go leor, ní bheidh lá ocrais go deo air. Ní hiontas, ach an oiread, go mbeadh mórán cainte faoin ról – go háirithe sa lá atá inniu.

Is fíor go bhfuil athrú inteacht i ndiaidh teacht ar bhantracht Bond thar na blianta, mar shampla, ach an bhfuil sé chomh mór sin?

I ndeireadh thiar thall, is é Bond agus Bond amháin a thagann slán as an fhoréigean. Fágtar na leannáin agus mná nach iad ina dhiaidh, beo agus marbh.

Lena chois sin, is iomaí sin ceist a bhíonn ann faoi ról an spiadóra agus na Breataine i gcúrsaí idirnáisiúnta.

Déanann mórán daoine éirimiúla dearmad de nach bhfuil ann ach ról – ról cáiliúil agus b’fhéidir an t-aon ról domhanda atá fágtha ag an Bhreatain sna scannáin.

Má tá aithne mhór ag daoine ar Bond, tá aithne mhór acu fosta ar an bhleachtaire cáiliúil sin, Sherlock Holmes. Ach, amharc, gur laoch mór de chuid Hollywood, Robert Downey Jr, a bhí sa ról sin sna scannáin. Ar chúis inteacht, níor éirigh le Meiriceánach ar bith ról Bond a thógáil.

Albanach, Sasanaigh, Astrálach agus, fiú, Éireannach, Pierce Brosnan s’againne féin, a bhí sa ról go dtí seo. Ní shamhlaíonn tú Brad Pitt nó duine ar bith dá chomhghleacaithe sa pháirt.

Shíl mórán daoine go mbeadh Craig sa ról go ceann tamaill eile ach baineann Bond an gus as daoine. Dá fheabhas agus a bhí Craig ag tús a ré in Casino Royale ní thiocfadh leat a rá go raibh a scannán deireanach, Spectre, leath chomh maith. Ba leamh an scannán é agus chruthaigh sé teis amháin de chuid an scríbhneora seo – dá mhéad na héachtaí agus na ríomhairí agus na físeanna a ghineann siad, is lú an scéal a insítear.

Tóg sraith eile atá i mbéal an phobail faoi láthair, Star Wars.

Cuir Star Wars: The Force Awakens i gcomparáid leis an chéad scannán de chuid na sraithe a eisíodh sna 1970í le go bhfeice tú fírinne an ráitis sin.

Bhí an mhaistíocht fhísiúil an-mhaith don am sa chéad scannán ag George Lucas ach chan tada iad i gcomparáid lena raibh le feiceáil sa scannán deireanach. Mar sin féin, b'fhearr i bhfad an chéad scannán ná an t-athscéal leamh gan samhlaíocht a bhí in The Force Awakens. Bhí The Force Awakens chomh holc sin go ndearna siad pláinéad an bháis de réalta an bháis. Bhí bagairt ní ba mhó ann agus scannán ní ba lú dá réir sin.

Tuigeann tú fosta don mheon atá ag mórán iriseoirí Sasanacha Craig a mholadh mar Bond – ach é a mholadh chomh mór sin go ndéanann siad dearmad nárbh é a thóg an carachtar ó mhairbh. Rinne sé a chuid féin den pháirt gan cheist agus tharraing caint as an úr faoin tionscnamh. Mar sin féin, ní bheadh an seans sin aige murach Pierce Brosnan.

Cuimhnigh chomh spadánta agus a bhí cás Bond i ndiaidh bhlianta Roger Moore agus Timoty Dalton. Brosnan a chuir an lasóg sa Bhondbharrach as an nua in GoldenEye. Ba é a chinntigh de go mbeadh deis ag leithéidí Craig dul sa seans leis an ról.

Níl in 007 ach ficsean. Ach is iontach mar a spreagann an ficsean sin aird daoine. Cheannaigh glúin mo thuismitheoirí ticéid le Connery a fheiceáil agus, sea, ceannóidh mise ticéad leis an chéad duine eile a fheiceáil fosta.