Ar bhur slí amach

Slaitín draíochta Harry Potter, fearas tionscnaimh Star Trek, USB infradhearg...


Agus ansan nuair a rugadh Íosa i mBeithil Iúda sna laetha sin tháinig draoithe agus saoithe agus taidhleoirí agus daoine eile gaoismheara ón domhan thoir, agus níos tábhachtaí fós ón domhan thiar, agus is ea a dúirt siad: cá bhfuil an rí seo na nIúdach atá saolaithe, mar chonaiceamar comharthaí sa spéir agus ar an idirlíon agus ar na meáin shóisialta agus thángamar chun é a adhradh. Agus nuair a d’airigh an rí an méid sin tháinig buaireamh air agus ar an saol idirnáisiúnta go léir chomh maith, óir cibé rud eile a bhí uathu níor theastaigh slánaitheoir eile, óir bhí an iomad díobh sin ann cheana féin.

Agus féach, na comharthaí go léir a tugadh dóibh, ghluais siad rompu go raibh siad ina stad os cionn na háite ina raibh an leanbh, agus is ansan a tháinig ardáthas orthu de chionn is gurbh é a bhí acu agus go bhféadfadh siad a ionramháil is a lúbadh is a chlaonadh chun a dtuisceana féin, óir is é sin a dhéanadh draoithe agus saoithe agus taidhleoirí agus daoine eile gaoismheara ón domhan thoir, agus go deimhin, ón domhan thiar chomh maith mar ab fhearr fós.

Agus chuadar isteach sa teach, sa scioból féin, agus níor thaitin an boladh leo agus shléachtadar dó, pé ainm a bhí air, ach choinnigh siad greim ar a srón agus mhachnaigh siad ar luach na bó, agus níorbh iad a bhí sásta go mbeadh aoirí caorach agus lucht siúil eile timpeall an bhaill, ach d’fhan siad ciúin go fóill óir is binn béal ina thost agus mar sin de.

Níor fhág sin nár leag siad a gcuid stór amach, go doicheallach féin, agus nár thugadar bronntanais dó ar eagla na heagla, óir cá bhfios conas a bhéarfadh an aimsir fháistineach orthu. Bhí ribíní agus páipéir órga go spiagach timpeall orthu mar bhronntanais, óir is mar sin a réitigh a gcuid giollaí iad.

READ MORE

Agus nuair a bhí Muire ag dáileadh bainne na bó orthu agus ag tógaint ribí na gcaorach amach as an uisce, agus nuair a bhí siad siúd os cionn an chliabháin ag déanamh na bhfuaimeanna beaga amaideacha sin a dhéanann daoine a fheiceann leanbh nua-bheirthe, thapaigh Seosamh an deis dul go dtí na féiríní sa chúinne féachaint cad a thug siad dó, mar d’airigh sé riamh go raibh an mhuintir anoir agus an mhuintir aniar fial agus flaithiúil. D’oscail sé iad ceann ar cheann, ach thug dá aire an páipéar a chur sa chiseán bruscair.

Is ann a fuair sé: slaitín draíochta cianrialaithe Harry Potter, fearas tionscnaimh 3D dúdail Star Trek, USB infradhearg mioneitilte emoji eitilte, carrimbuailteach cianbhraite le cadhnraí in-athnuaite, bord deilbhe bioránealaíne Jaxo Joy, maide léimeach tadhallach leictreonach do bhuachaillí, solas aingealghlan fuarbhán SMD Q00k 92mm, mol gan sreang d’incheangailteacht bhreise ar luas ROGp, seinnteoir MPT APRVx3 le taca Gormfhiacail móide 45 uaire an chloig de bheatha cheallraí le feidhmiúlacht guth-thaifeadtha agus bachlóga cluaise, drón Mambo Pearóide faoi intleacht shaorga, scáth fearthainne inbhéartaithe d’fhonn uisce a bhailiú, lanna cimilteora i gcomhair spéaclaí, brathadóir miotail miansaotharlainne CTX 3333, róbó ríomhaireachta Fischertechnik uathoibritheach, meáisín liathróide Hexbug Vex róbotach, gé ghogallach léimsuas eochaircheardach ghorm, Bezu Ballz 125 (nicilphlátáilte), clog Lego Yoda clicuaine, rothlóir giongaíle agus struséascaithe cruachshnasta, buidéal contigo féinspútach gizmo flípeach agus lacha rubair.

Agus thóg Seosamh iad agus leag uaidh go cúramach in aice an dorais.

Agus nuair a bhí deireadh déanta acu, thug siad a mbeannacht don teaghlach agus réitigh chun imeachta.

Is ansin adúirt Seosamh leo: ‘Ná déan dearmaid na nithe sin ag an doras a bhailiú ar bhur slí amach. Ní bheidh aon ghnó againne díobh.’